‘Pleananna ar bun ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na foirgnimh fholmha atá ina sheilbh’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios sa Dáil go raibh an t-athbhreithniú a bhí ar bun ag an Údarás ar na foirgnimh atá acu críochnaithe

‘Pleananna ar bun ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na foirgnimh fholmha atá ina sheilbh’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Tá athbhreithniú ar infreastruchtúr foirgnimh agus talaimh Údarás na Gaeltachta curtha i gcrích agus súil ag an eagraíocht leas a bhaint as na torthaí “go luath”, dar le hAire Stáit na Gaeltachta.

Tá éilimh déanta ar Údarás na Gaeltachta le gairid na foirgnimh fholmha agus na suíomhanna nach bhfuil forbartha a úsáid chun tithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios sa Dáil an tseachtain seo go raibh an obair athbhreithnithe a bhí ar bun ag an Údarás críochnaithe anois agus go raibh pleananna ann mar thoradh uirthi.

Dúirt an tAire Stáit go raibh taighde déanta maidir leis na “féidearthachtaí” a bhaineann le stoc réadmhaoine an Údaráis sna seacht gcontae Gaeltachta agus go raibh teagmháil déanta leis na cliantchomhlachtaí atá ag an Údarás faoi láthair agus le dreamanna atá ag iarraidh spás a thógáil ar cíos.

“Tá ráite ag an Údarás go bhfuil próiseas inmheánach pleanála ag teacht chun críche a bheidh ina bhunchloch d’fhorbairtí nua a bheidh ag dul os comhair Bhord na heagraíochta le hallúntais chaipitil a cheadú do thograí a bheidh ar bun as seo go ceann roinnt blianta,” a dúirt O’Donovan.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil “teagmháil leanúnach” ar bun ag Údarás na Gaeltachta le cliaint reatha, le cliaint nua, le húdaráis áitiúla agus le soláthróirí seirbhísí.

“Beidh na tograí sin ar fad á bhforbairt go céimiúil le dul i dtreo an phróisis pleanála agus aon chomhairliúcháin phoiblí a bhaineann leis an bpróiseas sin.”

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan gur mó seans go mbeadh obair le déanamh ar fhoirgnimh “mar chéad chéim do thionóntaí” agus go mbeadh aon chaiteachas caipitil le glanadh ag bord an Údaráis.

Níor bronnadh aon airgead breise do bhuiséad caipitil an Údaráis faoi Bhuiséad 2024, áfach, ábhar mór díomá d’eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra. Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin ó shin go gcuirfear tús le plé idir a Roinn féin agus an tÚdarás maidir le buiséad caipitil na heagraíochta.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, a d’ardaigh ceist an athbhreithnithe leis an Aire Stáit, gur “dea-scéal” a bhí ann go raibh an obair críochnaithe ach go raibh práinn anois le plean a réiteach chun leas a bhaint as an méid a bhí foghlamtha.

D’fhiafraigh an Teachta Connolly an bhféadfaí na suíomhanna a ndearnadh staidéar orthu a úsáid do chúrsaí tithíochta ach ní bhfuair sí freagra ón Aire Stáit.

Dúirt an Teachta Connolly níos luaithe i mbliana go raibh sé “scannalach” go raibh an oiread sin foirgnimh fholmha ag Údarás na Gaeltachta. 60 foirgneamh ar fad, idir mhonarchana, oifigí agus foirgnimh eile, a bhí i gceist ag an am.

Fág freagra ar '‘Pleananna ar bun ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na foirgnimh fholmha atá ina sheilbh’ – Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Colm

    Dia leat Catherine Connolly.