‘Scannalach’ go bhfuil 60 foirgneamh folamh ag Údarás na Gaeltachta, breis maoinithe ag teastáil

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly, gur chóir a fhiosrú an féidir aon chuid de réadmhaoin an Údaráis nach bhfuil in úsáid faoi láthair a úsáid i gcomhair tithíochta

‘Scannalach’ go bhfuil 60 foirgneamh folamh ag Údarás na Gaeltachta, breis maoinithe ag teastáil

Tá ráite ag Teachta Dála go bhfuil sé scannalach go bhfuil an oiread sin foirgnimh fholmha agus talamh neamhfhorbartha ag Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil tacaíocht ón rialtas ag teastáil chun a chinntiú go mbaintear úsáid astu.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly, gur chóir a fhiosrú an féidir aon chuid de réadmhaoin an Údaráis nach bhfuil in úsáid faoi láthair a úsáid i gcomhair tithíochta.

Léirigh figiúirí nua le gairid go bhfuil trí scór foirgneamh de chuid Údarás na Gaeltachta folamh i láthair na huaire agus cuid acu tréigthe le 20 bliain anuas.

“Is buntáiste faoi leith é foirgnimh agus talamh a bheith ag Údarás na Gaeltachta ach is scannal amach is amach é go bhfuil cuid mhaith acu folamh ag dul siar sna blianta, ó 2001 [cuid acu].”

Dúirt Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, gur thug an tÚdarás le fios di go rabhthas ag tabhairt faoi staidéar ar infreastruchtúr foirgnimh agus talaimh na heagraíochta agus go raibh plean acmhainní agus maoinithe le cur le chéile “chun an úsáid is fearr agus is féidir” a bhaint as “na hacmhainní seo”.

Dúirt an Teachta Connolly go raibh sí sásta go raibh athbhreithniú ar bun ach gur gá go mbeadh sprioc-am luaite leis an obair atá idir lámha ag an Údarás. D’iarr sí freisin go dtabharfadh an tAire “dearbhú maidir le cúrsaí airgid chun a chinntiú go bhfuil siad in ann caoi a chur orthu agus [fáil amach] an bhfuil aon spás ansin [leis an talamh] a d’fhéadfaí a úsáid do chúrsaí tithíochta”.

Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, a d’ardaigh an cheist sa Dáil inné. Dúirt sé go raibh airgead stáit breise ag teastáil ón Údarás chun na foirgnimh fholmha a athchóiriú agus a réiteach.

“Ní raibh aon ardú anuraidh ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta. Ní raibh airgead breise acu chun díriú isteach ar na monarchana folmha,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Caithfear athnuachan a dhéanamh, caithfear infheistiú [a dhéanamh] chun iad a thabhairt suas chun dáta agus gach rud eile. Ní tharlóidh sin gan airgead breise chun cuidiú leis an Údarás san obair atá siad ag déanamh…Más féidir airgead caipitil breise a bheith ann, déanfaidh an tÚdarás an obair ar chóir dóibh a dhéanamh agus meallfaidh siad fostaíocht isteach sna ceantair.”

Dúirt an tAire Martin go raibh ardú “suntasach” 60% déanta ar bhunmhaoiniú an Údaráis ó thosaigh sí mar Aire ach go bpléifeadh sí buiséad na heagraíochta léi amach anseo.

“Nuair a bheidh an cinneadh á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh a maoinithe, beidh mé ag féachaint ar cad a bheidh muid ag déanamh [i dtaobh] acmhainní airgid atá ar fáil ón státchiste.”

Chuir an Rialtas €8 milliún ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le linn na paindéime in 2020 chun “uasghrádú riachtanach” a dhéanamh ar fhoirgnimh na heagraíochta.

Tá beagnach leath den 60 foirgneamh folamh atá ag an Údarás folamh le breis is cúig bliana agus 14 acu folamh le deich mbliana.

Is i nDún na nGall atá an líon is mó foirgnimh fholmha agus 21 ionad ansin folamh i láthair na huaire. 19 foirgneamh atá folamh i nGaeltacht na Gaillimhe, naoi gcinn atá folamh i Múscraí i gCorcaigh, sé cinn atá i gCiarraí agus cúig cinn atá i Maigh Eo. Níl aon fhoirgneamh folamh ag an eagraíocht fiontraíochta agus teanga i nGaeltacht Phort Láirge ná i nGaeltacht na Mí, de réir an eolais is déanaí.

Monarchana atá i bhformhór na bhfoirgneamh folamh – 34 ceann ar fad – agus achar breis is 1,000㎡ i sé cinn acu. Oifigí atá i gceist le sé cinn déag de na foirgnimh agus foirgnimh fiontraíochta agus ceardlainne atá sna deich gcinn eile.

In ainneoin go bhfuil trí scór foirgneamh folamh i seilbh an Údaráis, tuigtear go bhfuil ganntanas ann i láthair na huaire i gceantair áirithe ó thaobh líon na bhfoirgneamh atá réidh le húsáid. D’fhéadfadh go mbeadh obair athchóirithe ag teastáil ó thart ar leath de na foirgnimh, go háirithe iad siúd atá folamh le tamall fada.

Fág freagra ar '‘Scannalach’ go bhfuil 60 foirgneamh folamh ag Údarás na Gaeltachta, breis maoinithe ag teastáil'