Peileadóirí na Gaillimhe i Wembley agus Dunphy agus Giles i dTuaim

Trí bliana tar éis do Chumann Lúthchleas Gael deireadh a chur leis an mbac ar ‘Cluichí Gallda’, bhí dornán imreoirí sacair idirnáisiúnta de chuid na hÉireann ar fhoireann a d’imir ar Pháirc Iarfhlatha Naofa i dTuaim

Peileadóirí na Gaillimhe i Wembley agus Dunphy agus Giles i dTuaim

Ní mórán de dheis leadaíochta a bhí ag peileadóirí CLG na Gaillimhe an tseachtain dheireanach de Bhealtaine 1974. Dé Domhnaigh an 26 Bealtaine d’imir siad i Wembley Stadium agus ar an gCéadaoin dár gcionn bhíodar i mbun iomaíochta arís – an teip a bhí i ndán dóibh an babhta sin i gcluiche ina raibh Eamon Dunphy agus Johnny Giles ar an bhfoireann a chloígh iad.

Ná bíodh imní ort. Ní mearbhall ná seachrán atá ag dul dom.

Trí bliana tar éis do Chumann Lúthchleas Gael deireadh a chur leis an mbac ar ‘Cluichí Gallda’, bhí Giles, Dunphy, Paddy Mulligan, Don Givens, Owen Hand agus dornán imreoirí sacair idirnáisiúnta eile de chuid na hÉireann ar fhoireann a d’imir in aghaidh na Gaillimhe ar Pháirc Iarfhlatha Naofa i dTuaim i gcluiche carthanachta.

Paddy Mulligan

Bhí baint mhór ag Mulligan lena eagrú, fear a d’imir d’Éirinn 50 uair agus a chaith deich mbliana idir (1969-1979) le Chelsea, Crystal Palace agus West Brom.

Ba i dtuaisceart Bhleá Cliath a rugadh Paddy i 1945 ach ba i dTuaim a chaith sé roinnt de bhlianta a óige, i dteach a aintín Carmel agus a fear céile Mick Stewart. Bhí Mick ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Shóisearach Peile na hÉireann i 1931.

Go deimhin deir Mulligan gur thug a uncail ar thrasnán a rothair é go Páirc Iarfhlatha an lá ar osclaíodh an áit sin ar an 13 Lúnasa 1950 – cluiche leathcheannais na hÉireann san iomáint idir Tiobraid Árann agus Gaillimh a imríodh ansin lá na hoscailte. An bhliain dár gcionn bhí sé ar an mbarra trasna arís, an uair seo chuig Cluiche Ceannais Peile Chonnacht.

I bhfómhar na bliana sin 1956 d’fhill an t-ógánach ar theach a thuismitheoirí sa bpríomhchathair. Ba ansiúd a chuir sé tús lena shaol sacair, ag imirt do Ruagairí na Seamróige lenar bhuaigh sé Corn an FA ceithre huaire sula ndeachaigh sé go Sasana.

Le Chelsea a shroich sé barr buaite ansiúd – bonn Bhuaiteoirí Chorn UEFA i 1971.

Leanann an ceangal idir Mulligan agus Tuaim go dtí an lá atá inniu ann. Tugann sé cuairteanna rialta ar an mbaile agus is minic é le feiceáil ag cluichí iomána agus peile a imríonn foirne na Gaillimhe.

Go deimhin san am atá caite tugadh isteach anois agus arís é go labhródh sé leis na himreoirí agus iad ag tabhairt aghaidh ar chluichí móra.

Aon uair amháin a d’imir Paddy i Wembley – cluiche ceannais Chorn na Sraithe 1972 nuair a bhuaigh Stoke ar Chelsea. Ní ag chuile imreoir atá sin le rá agus bhí riar maith de na himreoirí idirnáisiúnta sin a bhí ar an bpáirc i dTuaim leis ar an 29 Bealtaine 1974 nach bhfuair an deis a leithéid a dhéanamh beag ná mór.

An rud is aistí faoin scéal go raibh sin le rá ag chuile dhuine de pheileadóirí na Gaillimhe a d’imir in aghaidh lucht an tsacair ar Pháirc Iarfhlatha Naofa – faoi dhó i gcás Liam Sammon, Jimmy Duggan agus Cóilín Mac Donnchadha i Wembley. Bhí imeartha ag an triúr acusan ann freisin i 1967.

Ócáid bhliantúil a mhair ó 1958 go dtí 1976 faoina dtógadh Cumann Lúthchleas Gael Staid Wembley ar cíos Satharn Cincíse le go n-imreofaí cluiche peile agus cluiche iomána ansiúd ba chúis lena dtabhairt ann. Ba mhinic suas le 40,000 duine i láthair agus thug Cluiche Ceannais Chorn an FA a bheith imeartha ann an Satharn roimhe sin tuilleadh stádais don lá.

Gaillimh agus Corcaigh a chuaigh chun páirce i Wembley an Domhnach sular imríodh Cluiche Thuama i 1974 agus bhain Gaillimh díoltas ar bhua na gCorcaíoch an bhliain roimhe nuair a chrochadarsan Corn Mhig Uidhir leo i bPáirc an Chrócaigh.

Bhuaigh Cill Chainnigh ar Luimneach i gcluiche na gcamán.

Bhí aithne mhaith agam ar fhormhór pheileadóirí na Gaillimhe na linne sin – go leor acu ar meánscoil nó ar coláiste liom agus is díol suime na scéalta a bhí le n-aithris acu nuair a d’fhilleadar abhaile.

Go cinnte ní dhéanfaidh siad dearmad go deo ar a dturas go Wembley. Cén chaoi a ndéanfadh agus a raibh feicthe agus cloiste acu faoin áit. Ar na rudaí ar thugadar suntas dóibh bhí chomh réidh cothrom, pioctha bearrtha agus a bhí an pháirc féin. Ba bheag caint a bhí acu ar an slua – cleachtadh maith acu ar a leithéid sa mbaile is dóigh.

Na seomraí feistis ba mhó a chuaigh i gcion orthu – iad chomh fairsing le halla damhsa agus tobáin iontu a bhí chomh mór le linn snámha. Bhí leithead seol mór sna tuáillí a bhí fágtha amach do chuile dhuine agus ‘Wembley Stadium’ greanta orthu.

Ní bheinn an-siúráilte gur i mbosca an níocháin a caitheadh iad ar fad ar an mbealach amach ach an oiread. Bhíodh a leithéid le feiceáil i seomraí feistis timpeall na Gaillimhe go ceann blianta ina dhiaidh.

An Chéadaoin dár gcionn i dTuaim seans go raibh an saol ar ais mar a bhí, fillte ar na tuáillí seanchaite a bhíodh brúite síos i dtóin an mhála ó cheann ceann na bliana, sa mullach ar na brístí smeartha agus na stocaí a sheasfadh suas astu féin.

Bhí imreoir sacair amháin ar an bpáirc i dTuaim an tráthnóna sin a raibh taithí mhaith ar an bPeil Ghaelach aige. David Pugh, fear a meastar faoi i Sligeach nár imir aon duine ariamh ab fhearr ná é do Ruagairí an bhaile sin.

Lúthchleasaí ildánach ab ea David Puth. D’imir sé ar fhoireann Sacair Faoi 23 na hÉireann agus nuair a d’imir sé leis na Boston Beacons (1969) i Sraith na Státaí mharcáil sé Pele a bhí ag imirt leis na New York Cosmos ag an am.

Ar iarratas ó bhainistíocht fhoireann CLG Shligigh chuaigh sé ag imirt le foireann an chontae i gCraobhchomórtais Chonnacht 1970 agus 1971 agus scóráil cúl in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais an chúige 1971.

FOIREANN SACAIR THUAMA 1974

Ar gcúl c/d : Peter Thomas (Port Láirge), Gerry Daly (Man Utd), Eoin Hand (Portsmouth), David Pugh (Ruagairí Shligigh), Micky Rooney*, Don Givens (QPR), Declan Smith*, Jarlath Burke*. Chun tosaigh (c/d): Mick Martin (Man Utd), Eamon Dunphy (Charlton), Johnny Giles (Leeds Utd), Mick Lawlor (Shelbourne), Paddy Mulligan (Crystal Palace), John Keogh (Port Láirge), Jimmy Holmes (Coventry). * Imreoirí ar iasacht ó Ghaillimh.

FOIREANN NA GAILLIMHE I dTUAIM

Ar gcúl c/d: John Dillon (N. Gabriel), Morgan Hughes (Cill Araoráin), Michael Geraghty (Gleann na Madadh), Gay Mitchell (An Dún Mór), Jimmy Duggan (Cora Finne), T.J. Gilmore (Seamróga Chortúin), Jack Cosgrove (An Spidéal), Joe Waldron (Baile an Mhuilinn). Chun tosaigh c/d: Tom Naughton (Eanach Cuain), John Tobin (Réalta Thuama), Cóilín Mac Donnchadha (Ath. Ó Gríofa), Liam Sammon (Ath. Ó Gríofa) , Willie Joyce (Cill Araoráin), Johnny Hughes (An Creagán-Maigh Locha), Pat Sands (Ath. Ó Gríofa).

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Peileadóirí na Gaillimhe i Wembley agus Dunphy agus Giles i dTuaim'