Páirtithe an rialtais ag baint greim as béal a chéile

Éistfidh na vótóirí leis an méid atá le rá ag leithéidí Simon Harris, ach mura bhfeiceann siad gníomh imeoidh siad leo

Páirtithe an rialtais ag baint greim as béal a chéile

Deis mhachnaimh a bhíonn i saoire na Dála i gcónaí do na polaiteoirí agus deis í freisin labhairt lena lucht tacaíochta ina ndáilcheantair.

Tá roinnt mhaith den mhachnamh sin déanta cheana féin le coicís ag Fine Gael agus iad ag roghnú ceannaire nua. An deireadh seachtaine seo chugainn beidh Ard-Fheis acu ag a mbeidh siad caithréimeach agus bródúil as an gceannaire nua céanna.

Beidh muid ag súil le tuilleadh sonraí ó Simon Harris faoi na polasaithe atá i gceist aige a chur i bhfeidhm le linn a thréimhse mar Thaoiseach. Cé go bhfuil deis aige athrú a dhéanamh mar cheannaire ar an seasamh atá ag Fine Gael ar cheisteanna amhail tacaíocht do ghnóthaí beaga agus cúrsaí dlí agus cirt, ceist eile ar fad is ea a bheith ag cur na nithe sin chun cinn mar chuid de chomhrialtas.

Tá clár ag an rialtas. Tá sraith polasaithe leagtha amach ann. Tá trí pháirtí ag bord an rialtais chéanna agus de réir mar atá toghchán ag teannadh linn beidh siad ag éirí níos diongbháilte faoi na polasaithe sin a mheasann siad a bheith tábhachtach dá bpáirtí féin.

Ní bheidh fonn ar Fhianna Fáil ná ar an gComhaontas Glas a bheith ag géilleadh d’éilimh Thaoiseach nua Fhine Gael. Tá siad ar fad ag fiach ar an bpota céanna vótaí.

Rinneadh dearmad ar bhealach ar na pobalbhreitheanna is déanaí a foilsíodh mar go raibh na meáin ar fad chomh gafa le Fine Gael agus a gceannaire nua. Léirigh Red C na míosa seo nach i dtreo na bpáirtithe móra sa rialtas ná sa bhfreasúra atá an pobal ag dul.

Tá 17% den phobal, más fíor, chun tacú le hiarrthóirí neamhspleácha. Ní gnách leis an méid sin tarlú lá toghcháin ach is rabhadh atá ann do na páirtithe. Níl daoine chomh dílis do na seanmhúnlaí is a bhíodh. Éistfidh siad leis an méid atá le rá ag leithéidí Simon Harris ach mura bhfeiceann siad gníomh sna réimsí polasaí, imeoidh siad leo.

Tá an pobal ag iarraidh gnímh ar chúrsaí tithíochta agus sláinte, imirce agus costais mhaireachtála. Chítear dóibh faoi láthair nach bhfuil aon dul chun cinn ag tarlú agus tá rún acu tacú le hiarrthóirí neamhspleácha. Faraor, is beag a bhíonn a leithéid in ann a bhaint amach sa gcóras polaitiúil sa tír seo seachas corrcheist áitiúil a chuireann na mianta náisiúnta ar ghnóthaí cosúil le sláinte as a riocht.

Bhí deis ag Ivana Bacik an tseachtain seo caite a fís a chur i láthair. Beidh deis ag Simon Harris an tseachtain seo chugainn, deis ag Micheál Martin an tseachtain dár gcionn agus ag Eamon Ryan ina dhiaidh sin.

Beidh sé deacair ag ceachtar acusan aon rud nua a chur i láthair mar go bhfuil siad ag maíomh go bhfuil siad diongbháilte fanacht i rialtas go ceann bliana eile. Agus is ag baint greim as béal a chéile a bheidh siad sa tóir ar vótaí an bhliain seo chugainn. Tugann sin deis do na glórtha neamhspleácha neart gleo a dhéanamh – ach an mbeidh tada dá bharr? Sin scéal eile.

Fág freagra ar 'Páirtithe an rialtais ag baint greim as béal a chéile'

  • Seán Ó Floinn

    Léiriú ar mheath intleachtúil aos polaitiúil na hÉireann é Síomón Simplí a bheith roghnaithe mar cheannaire ar Fhine Gael. Fear é a chloíonn go docht le dearcadh an Pháirtí agus gan an chuma air go bhfuil tuairim ar bith dá chuid féin aige. D’éireodh go maith leis i Politburo na Sóivéadach.