Óstán na Ceathrún Rua chun lóistín a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine

Tá ráite ag úinéirí nua Óstán na Ceathrún Rua go bhfuil an t-óstán, atá dúnta le tamall, le réiteach le lóistín a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine

Óstán na Ceathrún Rua chun lóistín a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine

Tá sé fógartha ag úinéirí nua Óstán na Ceathrún Rua i gConamara go bhfuil an t-óstán le réiteach chun lóistín a chur ar fáil do theifigh ón Úcráin atá ag éalú ón gcogadh sa tír sin.

Bhí Óstán na Ceathrún Rua i nGaeltacht Chonamara ar an margadh le tamall anuas ach deimhníodh do RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh sé le ceannach i bprionsabal ag an gcomhlacht Next Week & Co Ltd.

Cuireann dhá óstán eile atá faoi stiúir an chomhlachta sin lóistín ar fáil do theifigh agus daoine atá i soláthar díreach. Deirtear áfach nach bhfuil sé i gceist go n-úsáidfí Óstán na Ceathrún Rua mar ionad do theifigh amach anseo. 

Is le Next Week & Co Ltd óstán an Abbeyfield i mBealach an Doirín i Ros Comáin a chuireann lóistín ar fáil do theifigh ón tSiria faoi chlár de chuid an Rialtais. Is leo freisin óstán an Riverside i Maigh Chromtha i gCorcaigh, a úsáidtear mar Ionad Soláthair Dhírigh. Fuair an comhlacht €6.39 milliún ón stát in 2020 chun an lóistín sin a chur ar fáil.

Tá 26 seomra codlata ar fad in Óstán na Ceathrún Rua, a cuireadh ar an margadh in 2020 ar €750,000.

D’fhógair úinéirí óstáin eile i nGaeltacht Chonamara an tseachtain seo go raibh siad chun lóistín a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine atá ag éalú ón gcogadh.

Dúirt úinéirí Óstán Chuan Charna go mbeidh an t-óstán dúnta don phobal ar feadh trí mhí agus iad chun an 25 seomra san óstán sin a chur ar fáil do dhaoine atá tar éis teitheadh as an Úcráin.

Agus í ag labhairt le Tuairisc maidir leis an gcinneadh, dúirt Mary Rogers go raibh siad ag iarraidh a gcuid a dhéanamh chun tacú leosan atá ag éalú ón gcogadh.

“Tá 25 seomra codlata againn anseo agus tá muid chun an t-óstán uile a chur ar fáil chun suaimhneas a thabhairt dóibh. Tá súil agam go mbeidh sé go maith don cheantar agus go gcuirfear fáilte rompu.”

Tá an chéad dream le teacht go hIorras Aithneach in iarthar Chonamara an tseachtain seo agus táthar ag súil le 50 duine ar fad, idir mhná agus pháistí.

Breis is 3.5 milliún duine atá teite as an Úcráin chuig tíortha eile ó thosaigh ionradh na Rúise ar an tír ar an 24 Feabhra. Tá breis is 10,000 acusan tagtha go hÉirinn ó shin agus meastar go mbeidh breis is 40,000 teifeach ón Úcráin anseo roimh dheireadh mhí Aibreáin. 

Dúirt an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue go bhféadfadh Éire glacadh le suas le 200,000 teifeach ar fad.

Fág freagra ar 'Óstán na Ceathrún Rua chun lóistín a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine'

  • Antóin

    Níl aon amhras ach go gcuirfidh muintir na Ceathrún Rua na múrtha fáilte roimh mhuintir na hÚcráine agus go ndéanfar gach iarracht iad a imeascadh sa phobal. Ach an í an Ghaeilge an eilifint sa seomra!

    Tá an Cheathrú Rua ar cheann de na ceantair is láidre Gaeilge sa tír. Ar cuireadh ceisteanna pleanála teanga san áireamh nuair a rinneadh an socrú muintir na hÚcráine a lonnú anseo? An eol d’aon duine cén tionchar a bheidh ag an gcinneadh seo ar labhairt na Gaeilge sna scoileanna áitiúla mar shampla fad is atá páistí na hÚcráine ag freastal orthu?

    Agus maidir le bladráil an Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue a dúirt go bhféadfadh Éire glacadh le suas le 200,000 teifeach ar fad. Conas, nuair nach bhfuil an rialtas in ann tithe a chur ar fáil don 9,000 duine atá gan dídean sa tír seo cheana féin agus nuair nach bhfuil daoine óga sna fichidí agus sna tríochaidí in ann teach a cheannach. Ní haon réiteach é daoine a shacadh isteach in óstáin.

  • Seán

    Scéal iontach don bhaile agus féadfar SN Leitir Caladh a fhágáil ar oscailt anois. Ráiteas ón gCathaoirleach ag teastáil anois. Iontach do na scoileanna áitiúla chomh maith. Céad míle fáilte rompu.