Ós ag caint ar ‘strainséirí’ muid, cuimhnímis ar an bPolannach a thug na mílte againn slán aimsir an Ghorta

Ba ghearr an feachtas toghcháin ar siúl nuair a thosaigh an chaint ghránna faoi inimircigh, caint a fhágann gur tráthúil scéal Paul Strzelecki

Ós ag caint ar ‘strainséirí’ muid, cuimhnímis ar an bPolannach a thug na mílte againn slán aimsir an Ghorta

Ba ghearr gur thosaigh an díospóireacht faoi inimircigh. Bhí feachtas an Olltoghcháin ar siúl le seachtain, nuair a chuala mé mír nuachta agus go leor glórtha le cloisteáil air.

Ag gearán faoi dhaoine ó ‘taobh amuigh den tír’ ag fáil tithíochta a bhíodar. Bhí an dream a bhí glórach ag iarraidh go dtabharfaí tús áite d’Éireannaigh. Agus coicís eile (ón lá seo) le dul ag an bhfeachtas, beidh sé suimiúil a fheiceáil cén borradh a thiocfas faoin ‘argóint’ sin.

Chuir mo cholún faoin nGorta san India ag smaoineamh mé ar Ghorta mór  na tíre seo. Agus ansin, go tráthúil, tháinig mé ar thaispeántas faoin ábhar sin i nDún Laoghaire.

Ach ní hé an gnáthscéal faoin nGorta Mór atá anseo.

Fear a tháinig ó thír i bhfad i gcéin chun cabhrú le muintir na hÉireann in am an ghátair atá faoi chaibidil.

A Forgotten Polish Hero of the Great Irish Famine – Paul Strzelecki’s Struggle to Save Thousands an teideal atá air.

Eolaí, taiscéalaí, agus fear carthanach ab ea an Cúnta Pawel Strzelecki.

Tháinig sé go hÉirinn agus an domhan siúlta aige. Is dócha gurb é an taithí a bhí aige ar an mbochtanas agus an t-ocras a bhí feicthe aige thar lear a thug air teacht I gcabhair orainn.

D’fhág sé an Pholainn agus é ina fhear óg i ngeall ar chúrsaí grá – thit sé i ngrá le cailín ach níor tugadh cead di é a phósadh. Ina dhiaidh sin féin, choinnigh sé air ag scríobh chuici ar feadh 40 bliain agus níor phós sé ariamh.

Le linn a chuid blianta ag taisteal na cruinne, rinne sé staidéar ar an ngeolaíocht, ar thalmhaíocht agus ar an miotaleolaíocht. Bhí teideal ‘Cúnta’ aige óna mhuintir agus chuidigh sin leis agus é ag déanamh a bhealach trí thíortha éagsúla.

Ar na tíortha ar thug sé cuairt orthu – agus cuimhnigh go bhfuil muid ag caint ar na 1830idí – bhí Stáit Aontaithe, Ceanada, na hIndiacha Thiar, Meiriceá Theas, An Pholainéis, an Nua-Shéalainn agus an Astráil.

Chuir sé i gcoinne na sclábhaíochta nuair a chonaic sé lán loinge sclábhaithe ar tugadh drochíde dóibh, gar do Rio de Janeiro. Rinne sé staidéar ar an teangeolaíocht sa Pholainéis. Saineolaí den scoth ar chúrsaí geolaíochta agus tíreolaíochta na hAstráile a bhí ann – tar éis dó an sliabh is airde san Astráil a dhreapadh thug sé Sliabh Kościuszko air mar go raibh ardmheas aige ar an nGinearál agus an státaire Tadeusz Kościuszko a throid le George Washington agus a bhí ina cheannaire ar Éirí Amach na bPolannach i 1794.

An chéad uair a bhfaca sé daoine in anchaoi leis an ocras, i ndeisceart na hAstráile agus i dTalamh Van Diemen, scríobh sé in 1845 thar ceann na mbundúchasach:

Our fields and forests which once furnished us with abundance of vegetable and animal food,  yield us no more…you prosper on our native soil and we are starving.

Go gairid tar éis dó filleadh ar Shasana, thosaigh an chaint faoi Ghorta in Éirinn. Ba iad  Cumann na gCarad- na ‘Quakers’- an chéad dream a chuir an scéala amach agus a tháinig i gcabhair ar mhuintir na tíre.

Dream eile a lean a sampla siúd, an British Association for The Relief of Distress in Ireland and The Highlands of Scotland, an BRA. (B’in iad an dream ar thug an Bhanríon Victoria £2,000 dóibh.) Bhailigh siad airgead ag doirse séipéal agus ó dhreamanna thar lear (thug Sultan Abdulmejid na Tuirce £1,000 dóibh). Faoi dheireadh 1847 bhí £470,000 – sin £471 milliún inniu – bailithe acu.

I dtús mhí Eanáir 1847 thairg an Cúnta Strzelecki a chuid seirbhísí (in aisce) don eagraíocht charthanachta seo. Ceapadh ar an toirt é i gceannas ar Dhún na nGall, Maigh Eo agus Sligeach. Chuir an staid ina raibh an tír alltacht air. D’aithin sé go raibh Béal an Mhuirthead agus Iorras ar cheann de na ceantair ba mheasa a bhí buailte.

Ceapadh roinnt mhaith gníomhairí eile in Éirinn chun cabhrú leis na daoine. Ach níor fhan éinne eile ná níor oibrigh éinne eile leis an dúthracht chéanna a chaith Pawel Strzelecki leis an obair seo. Agus cé gur bhuail an tífeas é, ghlac sé leis an bpost mar Ghníomhaire don tír ar fad, agus é lonnaithe in óstán i mBaile Átha Cliath.

Nuair a thosaigh sé ar an obair san iarthar, cuireadh béim ar dháileadh anraith sna ceantair ba bhoichte.

Nuair a tháinig an fear cáiliúil Charles Trevelyan i gceannas ar an bpolasaí oifigiúil sa tír, tháinig athrú ar an gcóras sin. Bhí an polasaí nua – Dlí na mBocht- ag cur béime feasta ar Thithe na mBocht agus iarradh ar an BRA cloí leis an bpolasaí nua.

D’aithin Strzelecki nár leor an chabhair a bhí á tabhairt chun daoine a choinneáil beo. Tháinig seisean ar phlean agus d’iarr sé cead an plean a chur i bhfeidhm.

Plean simplí a bhí ann – na gasúir a bheathú sna scoileanna. Aontaíodh leis sin agus  faoi 1848 bhí 200,000 páiste ag fáil béilí sna scoileanna – bunaithe ar arán seagail.

Cheap sé gur fearr an seans go bhfanfadh teaghlach le chéile, go gcuirfí oideachas ar na páistí agus go bhféadfaidís fanacht glan ar Theach na mBocht faoina phlean féin.

Cé gur cuireadh fios abhaile air, agus gur ceapadh go raibh an Gorta ‘thart’ faoin mbliain 1849, bhí cúrsaí an-dona arís in Éirinn agus an ráta báis chomh dona céanna agus a bhí in 1847.

D’fhill sé ar Éirinn agus tar éis dó suim mhór airgid a bhailiú go príobháideach i Sasana, thaistil sé 2,700 míle ag dáileadh cabhrach.

Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí suim i gcónaí aige i gcúrsaí poiblí agus san eolaíocht. Thug sé cuairt ar an Chrimé agus chas sé le Florence Nightingale ansin.

Agus ansin, ar nós scéal as Hollywood- chas sé lena chéad searc Adyna Turno in 1867.

Ach níor phósadar agus bhásaigh sé i Londain sa mbliain 1873.

De réir nóta sa taispeántas seo, tá cuimhne air san Astráil agus sa Pholainn ach ba chóir go gcuimhneofaí air in Éirinn toisc go ndearna sé obair mhór, gan phá, i gceantair a bhí buailte go dona ag an nGorta, agus a bhí scoite amach agus dearmadta ag na húdaráis. Dar leosan is duine de dhaonnúlaigh mhóra na haoise é.

Ach, cén fáth a ndéanfaimis é sin, céard a rinne strainséirí riamh ar ár son-na?

Fág freagra ar 'Ós ag caint ar ‘strainséirí’ muid, cuimhnímis ar an bPolannach a thug na mílte againn slán aimsir an Ghorta'