An nasc idir ‘Clive of India’ agus bád Inis Oírr…

D’athraigh ‘Cath an Plassey’ i 1757 cóimheá na cumhachta san India agus d’fhág a lorg ar stair na tíre go ceann i bhfad ina dhiaidh

An nasc idir ‘Clive of India’ agus bád Inis Oírr…

Chomh maith le roinnt mhaith focal a úsáidtear sa Bhéarla gach lá (pyjamas, khaki, dungarees, shawl, calico, taffeta ) ba as an India a tháinig an focal Béarla ‘loot’.  Sular bunaíodh an East India Company ní raibh an focal in úsáid aon áit taobh amuigh den tír sin.

Ach is léir ón gcuntas a scríobh William Dalrymple ina leabhar The Anarchy – The Relentless Rise of the East India Company gur ‘loot’ bun agus barr an scéil seo.

Agus é ag tagairt do Bhreatain an Phrotastúnachais sa 17ú céad, shílfeá go raibh sé ag tagairt do Bhreatain an Bhreatimeachta sa lá inniu, nuair a deir sé:

Isolated from their baffled neighbours, the English were forced to scour the globe for new markets and commercial openings further afield. This they did with piratical enthusiasm.

Cé gur sheol na chéad longa de chuid an chomhlachta as Londain i dtús an 17ú haois, ba  i ndiaidh an ‘Battle of Plassey’ i 1757 – a fuair an comhlacht tráchtála seo cumhacht ollmhór polaitiúil.

D’athraigh an cath seo cóimheá na cumhachta san India agus d’fhág a lorg ar stair na

tíre go ceann i bhfad ina dhiaidh.

Tá sé deacair a chreidiúint ach bhí comhlacht príobháideach, faoi stiúir scata beag stiúrthóirí  i Londain agus gan acu ach cúpla céad cléireach ina gcuid monarchana san India, in ann formhór na hIndia a choinneáil faoi chois agus faoi stiúir san 18ú céad.

Agus cad é an ceangal idir an cath cinniúnach sin agus an tír seo? Fillfidh mé air sin.

Is cosúil nár scríobhadh an stair ar an mbealach seo cheana – ag baint úsáid as na foinsí ar fad san India, i dteangacha éagsúla, chomh maith leis na foinsí a bhí ar eolas cheana.

Is léir ó bheith ag léamh na léirmheasanna ar an leabhar gur cuntas cineál aontaobhach a tugadh sna ranganna staire sa mBreatain roimhe seo: comhlacht a chuaigh ag trádáil thar lear agus arbh éigean dóibh an dream áitiúil a choinneáil ‘faoi smacht’ nuair a bhí cúrsaí ag dul in aimhréidh – b’in an ‘stair’ sa scoil.

Cheap mise i gcónaí gur cuid de rialtas na Breataine a bhí san East India Company ach níor thuig mé i gceart cén t-údarás a bhí acu san India. Is léir gur chomhlacht príobháideach a bhí sa gcomhlacht ón uair a bunaíodh é ag tús an 17ú céad.

Scata fear gnó a tháinig le chéile i Londain chun tús a chur le beartas a dhéanfadh trádáil leis an India agus a thabharfadh abhaile na hearraí thar a bheith luachmhar a bhí á dtáirgeadh ann – seodra, síoda, cadás, tae, spíosraí, mianraí agus go leor eile – b’in gnó an chomhlachta.

Ach tugann an t-údar William Dalrymple ‘the greatest corporate take-over in history’  ar an méid a bhaineadar amach. I mbarr a maitheasa bhíodar sáite i gcuid mhór de thrádáil na Breataine thar lear. Insítear sa leabhar seo cén chaoi a ndearna siad é sin.

Ag an tús thosaigh siad ag idirbheartaíocht leis na huaisle, na himpirí (na ‘Mughal’) agus na ríthe eile a bhí i gcumhacht sna ríochtaí éagsúla san India. Bhí ‘saighdiúirí’ (sepoy) de bhunadh na hIndia acu chun smacht a choinneáil ar a gcuid imeachtaí agus chun a gcuid infheistíochtaí a chosaint.

Ach ba ghearr go rabhadar i mbun cogaíochta leis na dreamanna éagsúla san India agus cé gur chaill siad cathanna, ba ag an áit ar tugadh ‘Plassey’ air a bhuadar cath cinniúnach.

An fear a bhí i gceannas na heachtra sin ar son an EIC ná Robert Clive – ‘Clive of India’ mar a tugadh air. Ní go rómhaith a d’éirigh leis an chéad uair a ndeachaigh sé go dtí an India. Bhí sé ag iarraidh a shaibhreas a dhéanamh chun go mbuafadh sé suíochán parlaiminte.

Agus bhí saibhreas le buachan ag an té a dhéanfadh go maith – aon cheannaire Briotanach a bhuaigh cath i gcoinne aon cheannaire Indiach, bhaineadh sé luach na milliún in éiricí agus in íocaíochtaí uathu i ndiaidh an chatha.

D’iarr an EIC air filleadh ar an India sa mbliain 1755. Ba ar an dara turas sin chun na hIndia a rinne Robert Clive slad i gceart. 

Ceannaire míleata maith a bhí ann toisc go raibh sé ceanndána agus iontach ag tapú aon deis a tháinig ina bhealach. Bhí sé ag troid in aghaidh Siraj Ud Daulah i dtuaisceart na hIndia agus throid siad cath fuilteach in Plassey, ó thuaidh de Chalcúta.

Bhí an t-ádh leis toisc gur imigh dream amháin ó pháirc an áir – ba mhór an chabhair é sna himeachtaí seo nach raibh na ríochtaí éagsúla san India aontaithe le chéile agus ba mhinic iad féin i mbun cogaíochta lena chéile.

I ndeireadh thiar, bhí an bua ag Clive. Is deacair cur síos a dhéanamh ar an saibhreas pearsanta a bhain Clive amach tar éis an chatha. Ach dúradh faoina bhean go mbíodh coiléar diamant á chaitheamh ina dhiaidh sin ag an bpeata firéad a bhí aici.

Agus Clive ag tabhairt fianaise i 1773  sa bParlaimint i Londain agus é á cheistiú é faoin méid a shaothraigh sé féin, dúirt sé:

After Plassey….I walked through vaults which were thrown open to me alone, piled on either hand with gold and jewels! Mr Chairman, at this moment I stand astonished at my own moderation.

Ach ba léir gur ghoill sé air ina dhiaidh sin. I 1774 agus é 49 bliain d’aois chuir sé lámh ina bhás féin.

Chaithfeá an leabhar a léamh sula gcreidfeá an cuntas atá ann ar an drochíde a thug na Briotanaigh do na hIndiaigh. Agus nuair a léann tú faoi ‘na mílte maraithe’ i mbuíonta cogaidh na mBriotanach, ba chóir a mheabhrú duit féin gur chosmhuintir de chuid na hIndia a bhí sna saighdiúirí sin.

Bhí ‘Gorta’ in Bengal le linn na tréimhse a raibh an EIC ag feidhmiú thall i mblianta deireanacha na 1760idí. Ach ag tús an scéil seo, bhí Bengal ar ceann de na réigiúin ba shaibhre san India.

Le linn an Ghorta sin, ceaptar gur bhásaigh thart ar dhuine as gach cúigear den phobal Bengali agus sa mbliain 1769/70, shúigh an comhlacht aon mhilliún punt – thart ar £100 milliún in airgead an lae inniu, as an gceantar. 

Tháinig Clive abhaile lena shaibhreas agus thosaigh sé ag infheistiú a chuid milliún i dtailte agus in eastáit mhóra i Sasana.

Agus cén áit eile ar leag sé a shúil ach ar phíosa talún i gContae an Chláir, Baile Uí Chaoilte? Ar an ioncam ón gcíos a bhí a shúil, ar ndóigh – ní ag féachaint le talamh a fhorbairt a bhí sé féin ná a chomhghleacaithe. D’athraigh seisean ainm an eastáit go ‘Plassey’.

Níl aon fhianaise gur leag sé féin cos ansin riamh, ach ‘Baron Clive of Plassey’ a tugadh air feasta.

Ceapadh go raibh baint ag Clive le ‘Plassey’ i gcontae Luimnigh – an chéad áit ar lonnaíodh Ollscoil Luimnigh (nó an NIHE mar a tugadh air). Tá ‘Teach Plassey’ ansin i gcónaí ar shuíomh na hollscoile. Ach tuigtear anois gur iarcheannaire eile ón gcomhlacht EIC a tháinig abhaile ó Chath Plassey a thug an t-ainm don áit sin, i gcuimhne ar an gcath cáiliúil.

Agus cén áit eile a bhfeictear an t-ainm Plassey ach ar an long a caitheadh suas ar an gcladach in Inis Oírr. Long de chuid chabhlach na Breataine sa dara cogadh domhanda, ab ea an long bhriste seo. Ach díoladh í tar éis an chogaidh leis an ‘Limerick Steamship Company’.

Ba iadsan a d’athraigh an t-ainm go dtí an ‘Plassey’ – ag ceapadh b’fhéidir gur ainm stairiúil as Luimneach a bhí ann.

Agus ar bhealach is ea, agus ceangal fuilteach stairiúil aige leis an India. 

Fág freagra ar 'An nasc idir ‘Clive of India’ agus bád Inis Oírr…'