Tá mé Gaelbhréan den Ghaelnós Gaelfhocal a Ghaeldéanamh de gach Gaelrud atá ar Ghaeldroim an Ghaeldomhain.
Tá baol mór ann go gceapfaí gur ag déanamh aithris ar Mhyles na gCopaleen atá mé anseo ach ní hionann go baileach an gearán seo agus aoir Bhriain Uí Nualláin faoi na fíorGhaeil Ghaelacha in An Béal Bocht.
An sampla is fearr den nós ná ainmniú na scoileanna lán-Ghaeilge. Shílfeá nach féidir scoil lán-Ghaeilge a oscailt anois gan an focal gránna ‘Gaelscoil’ nó ‘Gaelcholáiste’ a bhualadh os cionn an dorais. Ní mar sin a bhí i gcónaí, ar ndóigh, agus an gnáthfhocal ‘scoil’ nó ‘coláiste’ in ainm cuid de na scoileanna lán-Ghaeilge is fearr aithne sa tír – Coláiste Íde i gCorca Dhuibhne, Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath, Coláiste Chnoc na Labhras i Luimneach agus Coláiste na Coirbe i nGaillimh.
Ní heol dom faoi aon scoil nua lán-Ghaeilge a osclaíodh le deich mbliana anuas nach raibh ina ‘Gaelscoil ABC’ nó a ‘Gaelcholáiste XYZ’ – Gaelcholáiste an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, mar shampla agus Gaelcholáiste Dhoire, atá, bhuel, i nDoire.
Agus mé ag casaoid faoi seo le cara liom tamall ó shin, mhínigh sé dom gur gá a léiriú gur scoil lán-Ghaeilge a bhí ann mar go bhfuil go leor scoileanna lán-Bhéarla ann a bhfuil ainm Gaeilge orthu. Is fíor dó faoi ainm na scoileanna Béarla – ní fios cé mhéad Scoil Mhuire (gan smál nó gone big) atá sa tír gan caint ar Scoileanna Bríde agus Pádraig. Ach ní thagaim leis faoin ngá muid féin, cainteoirí Gaeilge, a idirdhealú ón gcuid eile den tír. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na hÉireann agus ní fheictear dom gur gá rud ar leith a dhéanamh di ná de mo Ghaelachas féin.
Thug mé faoi deara an lá cheana gur athraigh leathanach a leanaim ar na meáin shóisialta a ainm ó ‘Pobal [Bhaile nach nAinmneofar]’ go ‘Gaelphobal [Ní Ainmneofar Fós É]’. Ar ghá an leathanach sin, atá á leanacht ag na céadta cainteoir Gaeilge, a bhfuil an t-eolas faisnéise faoi ann i nGaeilge, agus ar a bpostáiltear ábhar atá nach mór i nGaeilge amháin, a athainmniú ar fhaitíos go gceapfadh duine gur pobal Béarla an bhaile a bhí ina bhun?
Is dóigh liom gur dár n-imeallú atá muid leis an gcleachtas seo – dár n-eile-arnú féin, mar a deirtear sa tsocheolaíocht. Is Éireannach mé agus ní thuigim gur údar suntais é gur cuid de mo shaol í teanga na nÉireannach.
Níl a fhios agam an Gael Gaelach de shliocht Gaelach mé atá Gaelach ó mo bhaithis go bonn mo choise. Ach is cinnte nach Gaelduine mé atá ina chónaí i nGaelsráidbhaile, a éiríonn óna Ghael-leaba ar maidin le dul chuig an nGaeloifig le Gael-lá Gaeloibre a chur isteach.
Agus an chaint ar fad ann faoi ‘normalú teanga’ agus ‘an Ghaeilge laethúil’ a úsáid i ngnáthimeachtaí an tsaoil tá sé in am againn deireadh a chur leis an bhféinleithliú seo agus focail normálta laethúla a úsáid arís agus muid ag cur síos orainn féin agus ar na rudaí a bhaineann linn.
Áine
:D GOA! “Níl a fhios agam an Gael Gaelach de shliocht Gaelach mé atá Gaelach ó mo bhaithis go bonn mo choise. Ach is cinnte nach Gaelduine mé atá ina chónaí i nGaelsráidbhaile, a éiríonn óna Ghael-leaba ar maidin le dul chuig an nGaeloifig le Gael-lá Gaeloibre a chur isteach.”
ara tá a fhios ag madraí an bhaile nach Gael thú. Agus ní haon Gaeloifig nó Gaeláras é Tuairisc!
Agus seans maith go ndéanfaidh sibh cinsireacht ar mo theachtaireacht mar a dhéanfadh an diabhal! scuab libh
Gearóid Ó Fathaigh
Angla-phoblacht na hÉireann atá ann déanta na fírinne! Agus an meon sin i réimh ón tús thiar in 1922 toisc nach raibh aon chaipiteal cumhachta ag na Gaeil thiar, agus nach bhfuil na líonta ann in 2025.
Seanán Ó Coistín
Aontaím leis sin. Ós a choinne sin, tá gá le gaelollmhargaí, gaelghruagairí, gaelchaiféanna, gaeldheochlanna, gaelbhialanna, gaelchlubanna oíche, gaelfhiaclóirí agus neart eile. Bítear ag trácht ar ghaelscoileanna ach ní bhíonn aon trácht ar na hionaid eile le Gaeilge atá ag teastáil uainn chun gur féidir linn an Ghaeilge a labhairt gach lá. Ní mhaireann an scolaíocht ach ar feadh tréimhse áirithe den saol. Fágtar slán leis an ngaelscoil ag aois a dó dhéag bliana d’aois. Fágtar slán leis an ngaelcholáiste ag a hocht déag bliana d’aois. Cad a tharlaíonn tar éis sin? Is iomaí duine ar chas mé leo a bhí lánsásta a mhaíomh go raibh siad ar son na Gaeilge ach mar sin féin, bhí siad lán sásta a gcuid airgead a chaitheamh i ngnólachtaí Béarla.
Bairbre
Cé mhéad Gaelcholáiste atá ann???? Do chomhaireamh ar lámh amháin an líon. Pobal aonteangach cothaithe ón Aire Oideachais anuas.
Séamus Mac Conmidhe
Tá mé Gael-leat! Nárbh fhearr gallscoil, gallcholáiste, gallphobal, gallseosiúdaguseile a rá. Agus dia na nGael idir sinn agus na bréag-Ghaeil a thagraíonn do ghallscoil mar “gnáthscoil”!