Ba cheart go mbeadh foireann dara rogha na hÉireann fós rómhaith do na Seoirsiaigh ach ní mór a bheith cúramach

Ainneoin an taithí saoil atá ag Paul O’Connell mar imreoir agus mar chóitseálaí rugbaí, seo í an chéad uair aige mar príomhchóitseálaí ar fhoireann ar bith, ná bac le foireann idirnáisiúnta agus iad ar thuras

Ba cheart go mbeadh foireann dara rogha na hÉireann fós rómhaith do na Seoirsiaigh ach ní mór a bheith cúramach

Tráthnóna inniu, den chéad uair ariamh imreoidh foireann idirnáisúnta rugbaí na hÉireann cluiche i Tbilisi, príomhchathair na Seoirsia.

Faoi cheathair cheana a chas na foirne seo ar a chéile agus thug na hÉireannaigh an lá leo go héasca i chuile chluiche. Ba i gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain i 1999 a bhí á imirt i Staid Bhóthar Lansdúin a chas na foirne ar a chéile den chéad uair. Thug Éire léasadh 70–0 do na cuairteoirí sa gcluiche sin. D’imir siad a chéile trí bhabhta eile ina dhiaidh sin. D’aimsigh Éire 126 pointe ar fad agus níor chláraigh an tSeoirsia ach 31pointe. D’imir agus bhuaigh “Emerging Ireland” nó foireann an tríú rogha imreoirí ón tír seo an tSeoirsia i Tbilisi in 2013 agus arís in 2015.

Bua éasca eile d’fhoireann na hÉireann anocht a shílfeá, ach foighid ort! Tá sé chomh maith duit foireann B na hÉireann a thabhairt ar an triúr fichead atá ag dul chun páirce i Tbilisi tráthnóna inniu. Cuimhnigh go bhfuil seisear déag imreoirí ón tír seo ar dualgas leis na Leoin san Astráil faoi láthair. Ní hamháin sin ach tá an fhoireann seo faoi stiúir beirt atá gan taithí sna cúraimí atá orthu faoi láthair. Ainneoin an taithí saoil atá ag Paul O’Connell mar imreoir agus mar chóitseálaí rugbaí, seo í an chéad uair aige mar an príomhchóitseálaí ar fhoireann ar bith, ná bac le foireann idirnáisiúnta agus iad ar thuras.

Chomh maith leis sin, tá cúram an chaptaein ar Chraig Casey den chéad uair ariamh.

Ní drochrudaí iad sin astu féin, sin má bhíonn na hÉireannaigh cúramach. Tá go leor d’imreoirí na Seoirsia ag imirt go gairmiúil sa bhFrainc faoi láthair agus fiú mura bhfuil taithí an Top 14 acu ar fad tá dul chun cinn agus forbairt mhór déanta ar rugbaí na tíre sin ó d’imir muid iad go deireanach in 2014.

Beidh radharc againn anocht ar chuid mhaith de na himreoirí a bheas ag imirt dúinn sa gcomórtas Sé Náisiún faoi cheann séasúr nó dhó nó sa gcéad Chorn Domhanda eile. Is deis iontach forbartha atá sa gcuairt seo ar Tbilisi ach caithfidh muid a bheith foighneach. Cuimhnigh gur mó i bhfad atá le foghlaim ó chluiche crua ná ó bhua éasca.

Mar sin féin, seans go mbeidh muid ag tuairisciú bua d’fhoireann na hÉireann ach tá drogall orm bua éasca a thuar.

Fág freagra ar 'Ba cheart go mbeadh foireann dara rogha na hÉireann fós rómhaith do na Seoirsiaigh ach ní mór a bheith cúramach'