Oilibhéar Cromail – fear nach bhfaigheann cothrom na Féinne

Ní go rómhaith a ghlactar le teoiric ár gcolúnaí gur ó dhuine de shaighdiúirí Chromail a shíolraigh sé

Oilibhéar Cromail – fear nach bhfaigheann cothrom na Féinne

Is fada an teoiric agam gur ó dhuine de shaighdiúirí Chromail a shíolraigh mé. Mura mbeadh ann ach an sloinne Cooke is maith an leide é.

Mar seo atá aithne orm i measc mo mhuintire agus mo chuid comharsana, Josie Joe Mhick Phat Watt. Níl oiread agus ainm Gaelach amháin sa liosta sin. Watt Cooke, nach shin é do dhóthain!

Bhí garastún ag Cromail in Árainn. Bí cinnte go raibh go leor de na saighdiúirí a bhí ansin a d’fhan in Árainn nó a tháinig amach ar an mórthír go dtí Ceantar na nOileán agus go Cill Chiaráin. Bhí na Ríogaigh ag teacht i gceannas i Sasana aríst agus is beag fáilte a bheadh sa mbaile i Sasana rompu.

Tá sloinnte i gCeantar na nOileán fós a gcreidfeá ar an bpointe gur sloinnte iad a bheadh ar mhuintir Chromail. Ní chuirfidh mé síos anseo iad mar go mbíonn daoine an-ghoilliúnach faoi a bheith luaite le Cromail ar bhealach ar bith.

Fiafraíodh díom ar chlár ar Raidió na Gaeltachta uair amháin cé as a dtáinig mo mhuintir? Chuir mé an teoiric seo atá agam i láthair. Ní go rómhaith a glacadh le mo chuid cainte. Shílfeá go raibh na cainteoirí eile ag iarraidh a chur i gcéill gur mhór an náire dhom a leithéid de chreideamh a bheith agam.

An tseachtain dár gcionn fuair mé litir ó fhear cáiliúil, acadúil. B’in é Tomás Ó Con Cheanainn as an Spidéal. Bhí trí leathanach chlóscríofa sa litir. Ba léir gur ghoill mo theoiric air siúd freisin. Rinne sé cur síos ar threibh darbh ainm Mac Dhabhóc agus cheangail sé leo siúd mé.

Scoláire den scoth ba ea Tomás ach cén chaoi a raibh a fhios aige céard a d’fhéadfadh tarlú nuair a casadh bruinneall óg le saighdiúir singil le Cromail agus í ar a bealach go Cill Rónáin nó tar éis do dhuine eile acu teacht i dtír i gcurach canbháis i gCill Chiaráin?

Cáineadh ar fad a dhéantar ar Chromail sa tír seo ach ní shin é an dearcadh atá agamsa air. Poblachtach a bhí ann. Ní mé an chéad duine a mheabhraigh é sin. Tharraing Deasún Breathnach aird air san iris An Phoblacht blianta ó shin. Poblachtach ab ea Deasún é féin agus bhí sé ina eagarthóir ar an iris sin ar feadh tamaill.

Chuir Cromail deireadh leis an Rí Séarlas. Dul chun cinn a bhí ansin don chine daonna. Leis na cianta roimhe sin creideadh go diongbháilte gur ó Dhia a thagadh cumhacht an Rí. Cumhacht na ndaoine a chuir Cromail chun cinn.

Nuair a bhí cúirt le cur ar an rí bhí faitíos an domhain ar na habhcóidí móra an cás a thógáil ar láimh. Ach bhí fear amháin ann a raibh sé de mhisneach aige é a dhéanamh, fear darbh ainm John Cooke.

Sea a déarfas léítheoirí an lae inniu ach céard faoin scrios a rinne Cromail in Éirinn? Tharla sin cinnte ach caithfear a chur san áireamh gur cogadh cathartha a bhí ann idir Cromail agus an Rí. Ar thaobh an Rí a bhí na Gaeil.

Déantar gníomhartha uafáis i gcónaí i gcogadh cathartha. Cuimhnigh ar Chogadh Cathartha na Spáinne agus ar an gcogadh cathartha eile sin a bhí againn féin.

Ar ndóigh bhí cúrsaí creidimh ag sporadh Chromail freisin. An dream a chreideann go bhfuil Dia ar a dtaobh is iad is marfaí ar fad i gcogadh go hiondúil.

Céard a cheap cosmhuintir na hÉireann de Chromail lena linn? Tá léargas maith ar sin i bPairlement Chloinne Tomáis a scríobhadh lena linn. Seo cuid de dhán a cuireadh i mbéal duine acu:

“Treise leat, a Chromuil,
a rígh chroinic na sgulóg,
as red linn fuaramuir suaimhnios,
mil, uachtar agus onóir.

Iarruim Cromuil do bheith an uachtar,
rígh uasal Chloinne Lóbuis,
tug a dhóchúin d’fhear an tshúiste,
Is d’fhág fear na dúithche ar nothing.”

(D’fhág mé an litriú mar atá sé sa leagan a chuir Nicholas Williams ar fáil).

Maidir le go raibh an té a d’aithris an dán sin ag súil go bhfaigheadh na huaisle Gaelacha a gcuid talún ar ais ba bheag an baol. Seo mar a dúirt sé:

“Iarraim gan Caomhánach ná Branach,
Nuallánach ná Cinnsiolach,
Raoisioch ná Róisteach,
d’fhagháil fóid do chuid a sinnsior.”

Fág freagra ar 'Oilibhéar Cromail – fear nach bhfaigheann cothrom na Féinne'

  • Eoin Ó Murchú

    Níl mé cinnte gur ar thaobh an rí a bhí na Gaeil. An slad mór a rinne sé i nDroichead Átha ba iad lucht labhartha Bhéarla na cathrach sin a d’fhulaing. Fágadh na Gaeil in Irishtown taobh amuigh den bhaile (is den bhalla) gan ionsaí.
    Mar an gcéanna i Loch gCarman. Is lucht labhartha an Bhéarla a d’fhulaing.
    Maidir le Cluain Meala ní raibh aon slad is rinneadh socrú go n-imeóidh na Gaeil saor gan slad is iad fós armtha.
    Cogadh cathartha idir lucht labhartha an Bhéarla i Sasana agus in Éirinn a bhí ann.

  • Seosamh Ó Cuaig

    An raibh na Gaeil páirteach sa gcogadh ar chor ar bith mar sin?

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar ‘Oilibhéar Cromail –– fear nach bhfaigheann cothrom na Féinne’ le Seosamh Ó Cuaig, http://www.tuairisc.ie, Iúil 23, 2019.
    Más fíor gur sloinne Sasanach ó ré Oilibhéir Chromail atá ar Sheosamh Ó Cuaig, níl aon neart aige féin air sin, ach an oiread is a bhí neart ag Muhammad Ali air gurbh é ‘Cassius Clay’ a bhí i dtosach ar Ali. Aniar go dtí an 18ú céad ní bhíodh sloinne ar chuid mhaith de mhuintir na hÉireann. Nuair a thosaigh an chéad Bhéarlú mór ar an tír tar éis Shioc Mór agus Ghorta Mór 1740–1741, thosaigh Gaeil ar shloinnte Béarla a thabhairt orthu féin, agus ba é an gnás sloinne thaoiseach Gallda a n–áite féin a roghnú. Insíonn Peadar Slattery dúinn gur tugadh ar Ghaeil Ard–Deoise Bhaile Átha Cliath roimh an Athrú Creidimh sloinnte Gallda a thabhairt orthu féin. Is iomaí sloinne ceardaí a roghnaíodh, cuir i gcás Cook [Peadar Slattery, Social Life in Pre–Reformation Dublin 1450–1540 (Baile Átha Cliath 2019) lch 66]. An deartháir is óige agam féin, chuaigh sé faoi thástáil géinitice. Ainneoin sloinne Sean–Ghallda a bheith orainne, Barraigh, ní bhfuarthas rian ar bith cinnte ar mo dheartháir de dhúchas Sean–Ghallda a bheith ann.
    Tá dul amú ar Sheosamh Ó Cuaig. Mionuasal ba ea Oilibhéar Cromail. Sin–seanuncail d’Oilibhéar ba ea Sir Thomas Cromwell, an fear a rinne géarleanúint ar Sir Thomas More. Bhí Oilibhéar radacach agus é óg, ach de réir mar a chuaigh sé in aois, d’éirigh sé coimeádach ollsmachtach. Ghabh sé, agus chuir sé chun báis, ceannairí na saighdiúirí sa New Model Army aige féin nach dtiocfadh go hÉirinn chun sléacht a dhéanamh ar Chaitlicigh. Is deachtóir ba ea Cromail sa deireadh. Ach a oiread le Séarlas I, chreid Cromail gur ar a thaobh féin a bhí Dia. Bhí daoine den sloinne Cromwell/Grumell ag cur fúthu i mo chathair dhúchais féin, Cathair Luimnigh, dhá chéad bliain roimh aimsir Sir Thomas Cromwell. ‘Cromell’ an fhoghraíocht a bhí ar an sloinne Cromwell i Sasana sa 16ú céad.
    Tá míthuiscint ar Sheosamh chomh fada le Pairlement Chloinne Tomáis. Is aoir é an saothar sin. Ag magadh atá an t–údar faoi lucht páirte na nGall, ó thosach stair na hÉireann, agus go háirithe fúthu siúd a ghabh leis an Athrú Creidimh sa 16ú céad agus sa 17ú céad. Is amhlaidh nár thairbhigh gnáthmhuintir de réimeas Chromail i bhfad na haimsire. Ard–Easpag Thuama, Flaithrí Ó Maoil Chonaire, rinne sé féin agus Eoghan Rua Ó Néill iarracht sa bhliain 1627 ar Stát Caitliceach, maidir le beirt Taoiseach agus Parlaimint, a dhéanamh d’Éirinn. Níorbh é an Stíobhardach laoch mór Ghaeil Uladh ar feadh na gcéadta bliain ina dhiaidh sin, ach Eoghan Rua Ó Néill. Más tá spéis ag Seosamh Ó Cuaig i Scarúnachas agus i bPoblachtachas na hÉireann, léadh sé alt le Tomás Ó Fiaich, trócaire air, ‘Republicanism and Separatism in the Seventeenth Century’, Léachtaí Cholm Cille II. Stair (Maigh Nuad 1971) 74–87. Bunaithe ar shaothair diagairí Caitliceacha sa 16ú céad agus sa 17ú céad atá Poblachtachas dúchasach na hÉireann, dream ar fíor a rá fúthu nach dtugtar Cothrom na Féinne dóibh. Foilsíodh saothar le hÍosánach ó Mhúscraí, Conchubhar Ó Mathghamhna i Liospóin sa bhliain 1645, Disputatio Apologetica. Ainneoin an Mathghamhnach a bheith ag moladh na Sasanaigh a dhíbirt as Éirinn le lámh láidir, ní raibh sé díreach chomh radacach leis an Ard–Easpag Flaithrí Ó Maoil Chonaire. Foilsíodh úrscéal le Seosamh Mac Grianna dar teideal, Eoghan Rua Ó Néill (Oifig an tSoláthair 1956).
    Bhí aithne agam féin ar Dheasún Breathnach, beannacht Dé lena anam. Casadh orm oíche i gClub an Chonartha i dtosach bhlianta 1970 é, agus arsa é sin liomsa: ‘Caitliceach ar bith nach bhfuil ina Shóisialaí, tá sé ar staid an pheaca mharfaigh go buan.’ Ach ní mar sin a bhí Deasún ina óige. É féin a d’inis dom gur ar thaobh Franco a bhí sé nuair a d’aistrigh sé chun na Spáinne i dtosach, ach de réir a chéile d’iompaigh sé i gcoinne Franco. Bhí Deasún báúil le Páirtí Faisisteach Ghearóid Uí Chuinneagáin tráth, Ailtirí na hAiséirghe, agus níor chreid Deasún na scannáin i dtaobh champaí géibhinn na Naitsithe, nuair a tosaíodh ar iad a thaispeáint i bpictiúrlanna na hÉireann i dtosach [R. M. Douglas, Architects of the Resurrection (Manchain 2009) lgh 267–268]. Máirtín Ó Cadhain féin, mhol sé sa bhliain 1945 go dtabharfaí airm an IRA ar láimh do Pháirtí Uí Chuinneagáin [ibid. 167, Nóta 64]. Foilsíodh saothar leis an gCadhnach i nuachtán an Pháirtí, Aiséirghe. D’éirigh Deasún Breatnach an–chráifeach i ndeireadh a shaoil agus bhíodh sé ag éisteacht Aifrinn beagnach gach uile lá. Chuaigh sé go croí ann nuair a thosaigh Sinn Féin ar thacú leis an nginmhilleadh.
    B’fhiú do Sheosamh Ó Cuaig leabhar leis an staraí ó Shasana, Christopher Hill, a léamh, God’s Englishman: Oliver Cromwell and the English Revolution (1970). Marxach ba ea Hill, agus é ina bhall de Pháirtí Cumannaíoch na Breataine Móire, 1934–1957. Is amhlaidh a bhreoitigh Hill d’ollsmachtachas an Pháirtí sin. Leabhar leis–sean a spreag spéis agamsa an athuair i stair na hÉireann, The World Turned Upside Down: Radical Ideas during the English Revolution (1972).
    An–chuid de Shóisialaithe na hÉireann i mblianta 1970, is ar an taobh deas amuigh de pholaitíocht na hÉireann a bhí siad i mblianta 1940. Is fíor chomh maith gur bhaill de Léigiún Mhuire ina n–óige ba ea a lán de Liobrálaithe móra na hÉireann ó bhlianta 1970 i leith. B’fhiú do dhuine úrscéal a scríobh air sin: Iar–Léigiúnaí ina Shóisialaí Máisiúnach. Mór idir na haimsirí!
    Bhur gCara,
    Séamas de Barra,
    Dé Máirt, Iúil 23, 2019.

  • Eoin Ó Murchú

    Bhí cinnte, ach bhí said imeallach don chuid sin den chogadh. Bhain Eoghan Rua leis an Confederacy ach ní mar gheall ar dhílseacht don rí. I 1652 baineadh seilbh talún óna huaisle Ghaeil toisc nár leirigh said grá do Comharsheilbh Shasana. Ach bhí an slad i nDroichead Átha agus i Loch gCarman dirithe níos mó ar an gcóilineacht Shasanach in Éirinn, agus siad na staraithe Caitliceacha a dhein iarracht Gael agus Caitliceach a ionannú.