Oifig an Phoist Bhaile na nGall i gCorca Dhuibhne le dúnadh

Tá Oifig an Phoist Bhaile na nGall ar cheann de na hoifigí poist is aitheanta sa Ghaeltacht ar fad agus í ar cheann den t-aon dá oifig laistiar den Daingean i gCorca Dhuibhne

Oifig an Phoist Bhaile na nGall i gCorca Dhuibhne le dúnadh

Tá sé i gceist Oifig an Phoist Bhaile na nGall i gCorca Dhuibhne a dhúnadh an fómhar seo chugainn.

Thug Phil Uí Bhrosnacháin, Máistreás Poist Bhaile na nGall le fios do Nuacht an Deiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil sé curtha in iúl aici do lucht bainistíochta An Post go bhfuil fúithi éirí as oifig an phoist agus an siopa grósaera atá aici i mí Mheán Fómhair seo chugainn.

Mura gcuirfí oifig eile ina háit d’fhágfadh an cinneadh seo nach mbeadh fágtha laistiar de bhaile an Daingin ach aon Oifig an Phoist amháin, oifig Cheann Trá.

Dúirt Phil Uí Bhrosnacháin, atá ina Máistreás Poist i mBaile na nGall le 34 bliain, le Nuacht an Deiscirt nach bhfuil dóthain glaoch ar sheirbhísí na hoifige ná ar an siopa chun gur fiú iad a choimeád ag imeacht.

De réir plean nua atá ag An Post dá gcuid seirbhísí, deirtear go mbeidh oifig poist aon áit ina bhfuil níos mó ná 500 duine ina gcónaí agus atá 15 ciliméadar ó oifig eile.

Meastar, de réir an phlean sin, nach mbeadh aon oifig poist ann a bheadh ag freastal ar mhuintir Pharóiste Mórdhach agus na Cille,.

Thairg An Post pacáistí le déanaí do lucht riartha 26 oifig poist i gCiarraí ach éirí as an ngnó, ina measc oifigí Bhaile an Sceilg agus Mháistir Gaoithe i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

 

Fág freagra ar 'Oifig an Phoist Bhaile na nGall i gCorca Dhuibhne le dúnadh'