Obair mhór le déanamh chun lucht na gCat agus na nDéise a chloí

Tabharfaidh seaimpíní na Gaillimhe, Naomh Tomás, aghaidh ar Bhaile Gunnair i bPort Laoise inniu agus casfaidh Ruairí Óg, Bun Abhann Dalla ar Ghaeil Uí Lochlainn ar a chéile san Uaimh amárach

Obair mhór le déanamh chun lucht na gCat agus na nDéise a chloí

Tá an Nollaig ag teannadh linn agus na cluichí leathcheannais i gCraobh Shinsir Iomána na gClubanna ar siúl an deireadh seachtaine seo. Ar shlí amháin, tá sé dian ar na himreoirí contae atá fós san iomaíocht agus nach bhfaigheann mórán de bhriseadh in aon chor ach dar ndóigh tá daoine ann a déarfadh go bhfuil an t-ádh leo bheith ag imirt le foirne atá ag buachaint comórtas. Gan dabht tá an fhírinne sa dá thuairim agus cé nach bhfuil féilire Chumann Lúthchleas Gael sásúil do chách ní inniu a réiteoimid an fhadhb.

Pé scéal é, tá aicsean an deireadh seachtaine seo thar a bheith tábhachtach do na ceithre chlub a bheidh ag dul chun páirce.

Tosnóimid le rogha na n-údar, Baile Gunnair, seaimpíní na Mumhan don tríú bliain as a chéile, agus an dream a bheidh mar fhreasúra acu anocht, Naomh Tomás na Gaillimhe. Bhuel, tá na buntáistí go léir ag leaids na nDéise agus feachtas cúige imeartha agus buaite go héasca acu. É sin ráite, is beag tástáil a cuireadh orthu. Tháinig siad tríd formhór na gcluichí gan mórán stró mar a rinneadar san fheachtas contae. Is geall le foireann idirchontae í Baile Gunnair na laethanta seo ach, cé go bhfuil deich gcraobh contae as a chéile buaite acu, níl craobh na hÉireann buaite ach aon uair amháin acu sa tréimhse san.

Naomh Tomás an club is déanaí a thabharfaidh aghaidh ar fhir na nDéise agus is maith láidir na dintiúirí atá acusan leis agus sé chraobh contae as a chéile buaite acu. Níl aon chraobh uile-Éireann curtha leis na buanna sin le blianta beaga anuas, áfach.

Tá seacht seachtaine ann ó bhuadar craobh na Gaillimhe i gcoinne Thulach Mhór. Tá na Búrcaigh lárnach san fhoireann agus David Burke ar ais ón ngortú a bhain dá bhallnasc croiseach san earrach. Tá Conor agus Shane Cooney ar an bhfoireann chomh maith agus iad ag imirt go maith arís i mbliana. Tá taithí ag Naomh Tomás ach is dócha nach leor sin i gcoinne foireann chomh maith le Baile Gunnair. Tá an cluiche sin ar siúl i Port Laoise agus é ar TG4 ag 7.30in.

Is i Páirc Tailteann an Uaimh a bheidh an t-aicsean amárach agus Ruairí Óg Bun Abhann Dalla ag iarraidh dúshlán a thabhairt do rogha na n-údar sa chluiche leathcheannais eile. Gaeil Uí Lochlainn.

D’fhéadfá a rá go raibh giota beag den ádh ar na Gaeil an bua a fháil i gcoinne na bhFianna coicís ó shin. Ach is iad a bhuaigh. Mar a scríobh mé cheana anseo, tá cúlaithe thar a bheith láidir ag seaimpíní Chill Chainnigh agus triúr acu d’fhoireann an chontae i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana agus beirt díobh, Huw Lawlor agus Mikey Butler, ina measc siúd a bhailigh gradam All Star cúpla seachtain ó shin.

Ach tá Ruairí Óg láidir freisin agus bhíodar cumasach go leor i gcluiche ceannais Uladh i gcoinne Shleacht Néill. Tá imreoirí tábhachtacha acu, leithéidí Ed McQuillan, Paddy Burke, Eoghan Campbell, Ryan McCambridge agus Neil McManus. Ach is dócha go mbeidh sé deacair orthu i gcoinne na nGael. Dar ndóigh, d’imir Ruairí Óg i gcluiche ceannais na hÉireann i séasúir 2015/16, cluiche a chailleadar in aghaidh na bPiarsach ó Luimneach agus chuaigh Dún Lathaí chomh fada leis an gcluiche ceannais anuraidh, rud a léiríonn, b’fhéidir, go bhfuil caighdeán na bhfoirne is fearr in Ulaidh chomh hard leis an gcaighdeán sna cúigí eile ach táim fós ag ceapadh gurb iad muintir na gCat agus na nDéise a bheidh againn i gcluiche ceannais 2022/23 san athbhliain.

Fág freagra ar 'Obair mhór le déanamh chun lucht na gCat agus na nDéise a chloí'