Ó ‘fhear an phoist’ a fuarthas ainmneacha agus sloinnte Béarla Eircode

Tá casadh eile fós i scéal na n-ainmneacha agus na sloinnte Gaeilge. Tá Eircode agus An Post ag maíomh anois gur ó ‘fhear an phoist’ a tháinig an t-eolas a úsáideadh sna litreacha conspóideacha

People posting letters in Dublin City Centre. 1999 Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Tá sé ina raic ó tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite gur chuir Eircode Béarla ar shloinnte Gaeilge i roinnt de na litreacha inar dáileadh na cóid nua phoist ar mhuintir na hÉireann.

Dúirt urlabhraí de chuid An Post le Tuairisc.ie nach bhfuil bunachar náisiúnta ainmneacha ag an eagraíocht, ach gur ‘ó nótaí’ na bhfear áitiúil poist a tháinig na leaganacha Béarla de shloinnte agus d’ainmneacha.

“Tá fadhb againn in Éirinn le seoltaí nach bhfuil sainiúil. Cuir i gcás go mbeadh triúr ina gcónaí i mbaile fearainn amháin agus an t-ainm céanna orthu; bíonn a chuid nótaí féin ag fear an phoist le hidirdhealú a dhéanamh eatarthu.

“Bíonn gearrscríobh aige, agus is iondúil go mbunaítear é sin ar ainmneacha a bhíonn ar litreacha go minic nó b’fhéidir go mbeadh aithne phearsanta ag fear an phoist ar an duine agus go n-úsáidfí é sin agus nóta á dhéanamh aige,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tugadh le fios nach raibh sé de pholasaí ag An Post sloinnte nó ainmneacha a chur i mBéarla ach gur faoi fhir áitiúla an phoist a bhíonn sé córas ‘ad hoc’ a chruthú dóibh féin chun litreacha a sheachadadh.

Is bunaithe ar an gcóras ad hoc seo a bhí an comhfhreagras conspóideach ó Eircode.

Ba iad An Post féin a chur na litreacha ó Eircode i gclúdaigh litreacha.

Scríofa ar na litreacha féin ní raibh ach “An tÁititheoir”. Tugadh reachtaíocht isteach agus an córas Eircode á fhorbairt a cheadaigh don chomhlacht córas seachadta An Post a úsáid i gcás na seoltaí sin nach bhfuil ‘sainiúil’.

Dar le Eircode agus An Post araon, ní chuig daoine aonair a seoladh na litreacha ach chuig seoltaí. Dúirt An Post gurb ionann an t-ainm a scríobhadh ar na clúdaigh litreach agus “nóta eolais” a chabhródh le fear an phoist an litir a sheachadadh chuig an “suíomh ceart” seachas chuig duine ar leith.