Ó fhás go gaois – léirmheas ar shaothar saoil Chathail Uí Shearcaigh

Fathach de leabhar é ollchnuasach dánta nua Chathail Uí Shearcaigh, idir chruth, dhéanamh, uaillmhian, samhlaíocht agus chur i gcrích

Ó fhás go gaois – léirmheas ar shaothar saoil Chathail Uí Shearcaigh
Ó Aois go hAois: Dánta 1970–2025
Cathal Ó Searcaigh
Foilsithe ag Arlen House

Bhí cara liom tráth a dúirt gur thóg sé samhradh iomlán air Cogadh agus Síocháin le Tolstoi a léamh i gceart, agus gur chuir sé an t-am i leataobh chuige. Tá tuairim is an méid céanna leathanach sa leabhar seo Ó hAois go hAois (Arlen House) le Cathal Ó Searcaigh agus atá in úrscéal Tolstoi, agus is mé atá suite de go nglacfadh sé cúpla mí agus gan mórán eile le déanamh agat d’fhonn a cheart a thabhairt don saothar seo.

Óir, saothar saoil atá anseo, cnuasach ollmhór méadmhar téagrach 900 lch go cruinn dá chuid filíochta le cúig is dhá scór go leith bliain anuas. Go deimhin, ní leor a rá go bhfuil sé mór, ach gur fathach nó fomhórach de leabhar é idir chruth, déanamh, uaillmhian, samhlaíocht agus cur i gcrích. Ní hé gach duine a déarfadh go bhfuil tábhacht le toirt, ach is léir go gcreideann Cathal é ar an teist nár staon a pheann agus nár lagaigh ar a mhian fhileata i gcaitheamh na mblianta sin.

Cheapas go raibh formhór dár scríobh sé léite agam ar shlí amháin seachas a chéile, agus shíleas go raibh nach mór gach leabhar dá chuid agam i gclúid éigin de chathair ghríobháin mo thí. Ach is follas dom ón saothar seo gur imigh mórán i ngan fhios dom agus dá lán eile, agus dá réir sin, is ráiteas deifnídeach críochnúil cuimsitheach é seo ar réimeas éigse an fhile is míne, is síodúla agus uaireanta is fíochmhaire feirge atá againn. Óir, thig leis scríobh ar nach mór ábhar ar bith faoin spéir (cé go bhfuil téamaí áirithe go mór chun tosaigh) agus foirmeacha oiriúnacha a chur i bhfearas dóibh as stóras domhainfhairsing a chuid ceardaíochta.

Is é is mó a chuirfeadh uafás ort faoi seo ná gur dhóigh leat air go gcuireann sé na dánta seo de le héascaíocht, mar a bheadh siad ag sníomh as ina sruthanna líofa, ag boilgearnach aníos go lándéanta as tobar fíorghlan gan dua. Ní féidir gur mar sin atá, áfach, mar caithfidh gur de thoradh dianoibre, cruashaothair agus allas ealaíontóra a shaolaítear iad. Is sin le rá, níorbh fhile Domhnaigh riamh é Cathal Ó Searcaigh ach duine a shaothraigh ocht lá gach seachtain agus i rith na hoíche go moiche na maidne (in ainneoin go bhfuil lán de sholas) nó pé uair inar éalaigh a chrobh scíth ón scríbhinn.

Cá dtosnófaí nó conas a chromfaí ag iarraidh breith air seo? Tá na dánta deasa moiglí anseo a bhíodh ar chúrsaí scoile – dánta dúlra agus áite a raibh a gcroí iontu, gan dabht, ach a shamhlaíonn mós soineanta anois nuair is eol dúinn gach eile a dhein. Nó na dánta déanacha mar gheall ar an bPalaistín ina bhfuil binb agus trua agus seirbhe agus grá don daonnacht ina gceartlár istigh, agus a bhfuil sciar díobh in Gafa in Gaza nár foilsíodh ach breis bheag agus bliain ó shin.

Cé go bhfuil a fhios ag an saol gur file aerach é Cathal (‘Aililiú na siógaí na siógaí beaga dána/ Aililiú na sióga oíche gealaí ag damhsa ar na bánta’) agus an aiteacht mar chnámh tiomána go leor dá shaothar, is sa leabhar deiridh sin a chuir sé le chéile cuid de na dánta is loime agus is macánta mar gheall ar imeachtaí colainne agus grá na manach sna mainistreacha naofa sin inar breacadh go leor de luathlitríocht na Gaeilge.

Manach de chuid a shamhlaíochta is ea Tuathal mac Liag, agus má bhí sé naofa, bhí sé daonna chomh maith céanna.  Ní hamháin sin, ach tugann sé leis go beacht is go brothallach gontacht agus glaine na liricí sin a bhfuil ardcháil orthu toisc iad a bheith sean agus a bheith álainn in éineacht. Níl aon chúis nach dtabharfaí ómós don liric atá nua agus álainn chomh maith céanna. Ní dóigh liom go mbead in ann seasamh i lár Chluain Mhic Nóis nó dul ag strapadh na Sceilge in airde feasta gan na dánta seo a bheith ag borradh go binn im chluasa.

Beidh a Chathal féin ag gach duine, mar is iomaí Cathal atá in aon Chathal amháin. Is maith liom féin na dánta fada dúshlánacha a insíonn scéal nó eachtra, abraimis, ‘Gort na gCnámh’, ceann de na dánta is coscraí agus is gránna ábhar sa Nua-Ghaeilge. Agus ‘Kathmandu’ óna dtagann tuiscint ar chomh marbh leamh is atá bailte agus cathracha an taobh seo den domhan, nó ‘Immram’ a mbeifeá fliuch agus baistithe ina dhiaidh, nó ‘Na Saighneáin,’ eipic eile fós.

Rud faoi leith is ea a chuid dánta próis chomh maith, toisc a laghad díobh a dtugtar fúthu go héiritheach sa Nua-Ghaeilge (ach go mbíd thall is abhus inár gcuid úrscéalta, ach sin a aithint).  Tá ‘Lá de na Laethanta,’ abraimis nó ‘Óige an Fhile’ nó a mheas ar Seamus Heaney níos ceolmhaire go mór ná aon obit. eile a scríobhadh.

Réamhscáil díobh siúd ba ea na dánta tosaigh úd, agus ar lean díobh, ar a chuid fálródaíochta agus máinneála agus útamála ar shráideanna Londan, ‘Old Main Drag’ Shane McGowan ach iomlánú fileata air agus arb é ‘Miontragóid Chathrach’ is táscúla díobh.

Ach níl aon seánra nár chleacht sé lena ghuth féin, tá aortha anseo, agus caointe, agus dánta dúlra, agus haikúnna, agus amhráin, agus iomainn, agus aistriúcháin, nó aithrisí ar dhánta filí eile, agus tá a fhios agat go bhfuil, ní hé amháin filíocht na Gaeilge siar amach siúlta agus slogtha aige go hurlár an lae seo, ach go bhfuil a pheann ag luascadh le fuinnimh a fuair sé agus fáilte ó Yevteshenko, Whitman, Cavafy, Pessoa, Rimbaud, Lorca agus abair leat.

Fairis sin, tá réamhráite le cuid dá shaothar ach curtha leo aige, agus aiste a bhfuil ‘Ealaín’ air ar geall le dírbheathaisnéis ghairid atá ann maidir le fás an fhile ann. Is ann a thugann sé le fios gurbh é a fuair sé ‘buillí, bualadh agus brúidiúlacht’ agus é ar scoil. Ba mhó sin ealaíontóir a tháinig faoi mhíthuiscint an mhúinteora, ach níorbh ealaíontóirí iad murar tháinig siad slán.

I ndán amháin dá chuid luann sé go bhfuil sé ag ceiliúradh ‘ár ndiagachta saolta agus ár ndaonnachta diaga’. Ní drochnath atá ann i gcás fhile atá chomh spioradálta ach chomh talmhaí miangasach céanna. Tá dánta naofa againn anseo, abair, an cur síos aige ar leanbh nuashaolaithe in ‘Labhrann an tAthair Baistí’, ach dánta eile ag moladh na collaíochta gan teorainn in ‘Sodom: Cuntas an Scríobhaí’ (cogar, is é Sodom an Bhíobla é, ach níl an chathair ansin mar a tuairisc anseo), agus cé eile a scríobhfadh dán mar é?

Thabharfadh sé an cúpla mí sin Cogadh agus Síocháin an leabhar seo a léamh is a bhlaiseadh is a bharróg isteach gan aon bhréag. Ach b’fhéidir gurbh fhearr moilliú tamall. Saothar saoil é seo, ach gan deireadh déanta. Léitear go mall é nuair atá tú i ngátar filíochta agus a bheith órnite leis na gealáin ghréine a thálann an saothar seo ort.

Tá foilsitheoir a dhiongbhála fálta ag Cathal in Alan Hayes ar leis Arlen House agus arbh é a shaolaigh is a bhunaigh. Éacht agus gaisce foilsitheoireachta atá sa leabhar, idir chló agus dearadh agus slacht agus inléiteacht agus ealaín. Ceann de leabhair mhóra fhilíocht na Gaeilge é seo gan agó ná bréag ná áibhéil.

Fág freagra ar 'Ó fhás go gaois – léirmheas ar shaothar saoil Chathail Uí Shearcaigh'

  • Pól Réamonn

    Ar díol le €50. Is féidir liom fanacht. Tá meas agam ar an údar ach níl meas agam ar an algartam praghsála.