Tagann laethanta na bó riabhaí san Earrach agus is iontach na scéalta atá le hinsint ina dtaobh

Tagann laethanta na bó riabhaí san Earrach agus is iontach na scéalta atá le hinsint i dtaobh na laethanta seo. Bhí seanbhó riabhach ann uair amháin agus ní raibh a fhios ag éinne cad ab aois di – ba é an port i gcónaí dá bhféadfadh sí an bua do bhreith ar an Márta go […]

Tagann laethanta na bó riabhaí san Earrach agus is iontach na scéalta atá le hinsint ina dtaobh

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Inniu laethanta na bó riabhaí atá againn…

Tagann laethanta na bó riabhaí san Earrach agus is iontach na scéalta atá le hinsint i dtaobh na laethanta seo. Bhí seanbhó riabhach ann uair amháin agus ní raibh a fhios ag éinne cad ab aois di – ba é an port i gcónaí dá bhféadfadh sí an bua do bhreith ar an Márta go mbeadh saol aoibhinn aici an chuid eile den bhliain.

Mar ba ghnách leis bhí Márta na bliana seo fuar ó thús go deireadh. I rith na haimsire ní bheadh an cith cloch sneachta imithe nuair a bheadh ceann eile ar a thóir i dtreo nárbh fhurasta d’aon ainmhí maireachtáil. Ar a shon sin ba dheacair don tseanbhó brí ná anam a bheith inti ach í ina tapóg gan fothain ón anfa ná greim le n-ithe aici, ach ba é toil Dé go raibh, agus deirtear ag dul faoi na gréine ar an t-aonú lá déag ar fhichead de mhí na Márta gur léim sí amach ón gclaí á rá:
“A Mhárta bhréin dhrochaigeanta, ní rabhais ach mar ba dual dhuit bheith, dheinis do dhícheall ormsa. Nár agraí Dia ort é. Beir san uaigh ar a dó dhéag a chlog anocht.”

Bhí an Márta ag éisteacht ach níor lig sé air go raibh. Tar éis dó machnamh a dhéanamh, d’iarr sé trí lá ar iasacht ó mhí an Aibreáin agus fuair sé iad agus fáilte.

A leithéid d’aimsir le cruáil is a bhí ann, níor tháinig ariamh. Sula raibh an tríú lá de mhí Aibreáin críochnaithe bhí an bhó riabhach sínte marbh agus an craiceann bainte di.

Bríd Marren (60) as Leitir Brón i gcontae Shligigh a d’eachtraigh an seanchas seo do Michael Murphy i Scoil Chill Mhic Thaidhg.

Fág freagra ar 'Tagann laethanta na bó riabhaí san Earrach agus is iontach na scéalta atá le hinsint ina dtaobh'