Ó DHÚCHAS: ‘Deireann na seandaoine leis na páistí gan dul amach an lá sin…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Beidh Lá San Svaitín againn amárach agus seo chugaibh piseog a bhain leis…

Ó DHÚCHAS: ‘Deireann na seandaoine leis na páistí gan dul amach an lá sin…’

Bhí Lá San Suaith againn ar an gcúigí lá déag de mhí Iúil. Ní bhíonn aon fháilte roimh an lá sin ag na feirmeoirí. Mar dá mbeadh sé ag cur fearthainne an lá sin bheadh fearthainn againn ar feadh daichead lá ina dhiaidh sin.

Ba mhaith leis na feirmeoirí ná beadh sé ag cur fearthainne an lá sin mar bheadh an aimsir go breá ar feadh daichead lá ina dhiaidh sin. Bíonn a lán rudaí le déanamh ag an bhfeirmeoir i rith an daichead lá sin agus ba mhaith leis go mbeadh sé tirim.

Seo rud a bheadh le déanamh aige, bheadh an féar le tabhairt isteach aige agus cruach a dhéanamh de. Ní raibh sé ag fearthainn i mbliana agus bhí áthas ar na daoine go léir. Deireann na seandaoine leis na páistí gan dul amach an lá sin. Mar go mbíonn San Suaith ag dul timpeall agus go dtabharfadh sé leis iad. Sasanach ab ea San Suaith.

Máire Ní Thallacháin

Carraig an Mhadra, Contae Phort Láirge

M’athair Séamus Ó Tallacháin a thug an t-eolas sin dom

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Deireann na seandaoine leis na páistí gan dul amach an lá sin…’'