Ó DHÚCHAS: Ceardaithe agus ceardaíocht

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo faighimid tuairisc faoi cheardaithe oilte Inis Mór Árann

Ó DHÚCHAS: Ceardaithe agus ceardaíocht

Ins an tseanaimsir bhítí ag fáil bairillí geire faoi thír. Bhítí á leá agus dhá dhoirteadh trí mhúnla ag déanamh coinnle dá n-úsáid féin, agus is as Gaillimh a gheobhaidís an múnla. Bhítí ag déanamh ciseog, ciseán, cliabh, agus cliabhán de shlata sailí san tseanaimsir. Dhéantaí mapaí agus súisteoga de thuí. Is é an úsáid atá i mapaí le cur faoi leapacha nó le doirse leis an ngaoth a choinneáil amach. Dhéantaí rópaí agus gadracha maoile ó fhionnadh agus ruainneach capall.

Bhí dhá ghréasaí anseo, agus bhíodh siad ag deasú bróg. Ba iad na hainmneacha a bhí orthu Mícheál Ó Maoláin ar Baile na Creige agus Bairtle Mac Cuaig as Cill Mhuirbhigh. Bhíodh corrdhuine ag baint aenna ar fíogaigh, á leá agus ag déanamh solais díobh in áit lampaí. Bhíodh an ola istigh acu i bpíosa de cheirt. Dhéantaí tornóga agus dhóití ceilp san tseanaimsir níos anróití ná mar a dhéantar anois í. Nuair a bhíodh slám dóite den tornóg chaithfeadh seisear fear í a shuaitheadh le racaí iarainn in éadan chuile sé huaire an chloig. Dá dtosaídís leis an lá chaithidís fanacht amuigh ar feadh na hoíche go dtí tráthnóna lá arna mhárach. Bhíodh suas le sé thonna san tornóg sin. Bhíodh gach aon chloch den cheilp chomh mór le cúig chéad meáchain. Ní hionann mar atá sé anois, dóitear ina luaith í. Bhítí ag dó móna agus cloch i gcuid de na tornóga agus ag déanamh aoil.

Bhí dhá ghabha ins an áit, agus bhídís ag déanamh crochanna [os cionn na tine], lúbanna, tlúnna, crúite, ancairí, crúcaí agus geataí iarainn. Ba iad na hainmneacha a bhí ar na gaibhne, Colm Con Ríogh ar Fearann an Choirce agus Éamonn Ó Maoláin as Cill Rónáin. Bhíodh gach bean ag sníomh níos coitianta ná mar a bhíonn siad anois.

Bhíodh siad ag tuíodóireacht, ag déanamh súgán dhá dtithe féin, ach anois faigheann siad as an siopa iad. Bhíodh cúipéirí ag déanamh bairillí, cuinneoga, ancaird agus cíléir. Ba iad na hainmneacha a bhí ar na cúipéirí Colm Gillín ar Cill Rónáin agus Seosamh Gillín ar Gort na gCapall. Bhíodh an gabha ag déanamh tairní crúite ach is as Gaillimh a fhaightear anois iad. Sa tseanaimsir bhíodh iascach ronnach, bream (bran), ballach, gliomach, mangach, langa, eascann, ‘elbo’, roc, bolmán, sciata, scadán, trosc, colmóir, fíogach agus plás. Dhéantaí iascach le spiléid [spiléir] freisin.

Máire Ní Fhlaithbhearta,
Fearann an Choirce,
Cill Rónáin, Árainn
a fuair an t-eolas óna hathair Pádraig

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ceardaithe agus ceardaíocht'