Níl mé cinnte an fíor nach mbíonn uait ach ainm amháin chun tús a chur le húrscéal. Ach is deacair a rá cén t-ainm.
Sna 1990idí chuala mé jóc a d’inis Alan Clarke, polaiteoir Sasanach de chuid na dTóraithe faoi Michael Heseltine, polaiteoir eile de chuid na dTóraithe. Dúirt Clarke gurbh é Heseltine, a raibh a shaibhreas déanta aige ag plé le cúrsaí sealúchais agus foilsitheoireachta, ‘an sórt duine a cheannódh a chuid troscáin féin’.
Scrúdaigh mé go grinn géar an jóc sin. D’iompaigh mé bunoscionn é fiú ach ní raibh mé in ann meabhair a bhaint as. An raibh sé i gceist ag Clarke go ngabhfadh Heseltine amach agus go bhfeicfí é ag dul ó shiopa go siopa chun troscán a cheannach? Céard a bhí greannmhar faoi sin?
Ach le linn dom siúl síos an tsráid lá amháin tháinig fuascailt na faidhbe chugam de léim. Mar mhac le Lord Clarke, caithfidh sé go bhfuair Michael Clarke a chuid troscáin féin le hoidhreacht, sean-earraí móra troma ón aimsir réamh-IKEA, agus caithfidh gur cheap sé gur sáracháin nó ainniseoirí iad na daoine arbh éigean dóibh dul amach agus a gcuid bord agus cathaoireacha féin a cheannach.
Chuaigh mé abhaile ansin agus bhreathnaigh mé timpeall an tí. Ní raibh oiread is ball troscáin amháin sa teach a fágadh le hoidhreacht agamsa. Agus ní smaoineodh an chuid is mó de mo lucht aitheantais a gcuid troscáin a fhágáil le hoidhreacht ag daoine. B’áiféiseach an smaoineamh é tolg nó bord do sheantuismitheoirí a bheith agat. In Éirinn, chaithfí amach iad nó thitfeadh siad as a chéile nó ag Dia atá a fhios céard a tharlódh dóibh.
Dá réir sin, dá mbeinn ag scríobh úrscéal suite in Éirinn na 1920idí, cén troscán a chuirfinn isteach i ngnáth-theach? Níl aon eolas faoi throscán i dtuairisceáin daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911, atá ar fáil ar líne, ach tugann siad eolas dúinn faoin líon seomraí a bhíodh i ngach teach agus tugtar le fios scaití – agus is rud aisteach é – cérbh iad na daoine a raibh searbhóntaí acu.
Chuir mé fíor-ainmneacha de roinnt mioncharachtar isteach i m’úrscéal The Heather Blazing, agus ina measc sin tá bean a raibh cónaí uirthi in aice leis An Abhainn Dubh i gContae Loch Garman, bean darbh ainm Mrs. Keating a n-imríonn an príomhcharachtar seo againne cluiche cártaí léi, cluiche a dtugtar ‘solo’ air. ‘Ba bhreá le Mrs. Keating a bheith ag buachan. Ba chosúil le cat bán mór í nuair a bhuafadh sí.’
Níl aon chuimhne agam ar Mrs. Keating a bheith ag imirt cártaí i ndáiríre, ach bhí sí ina cónaí i seanteach ag bun an chnoic in áit ar a dtugtar Baile an Choinigéir Íochtarach, ach a dtugtaí ‘Keatings’ air de ghnáth de bhrí gur sheas teach Mrs. Keating agus na sciobóil timpeall air amach go feiceálach ón tírdhreach. Bhíodh an teach céanna ina theach lóistín sa samhradh.
Tá an teach agus na sciobóil sin imithe anois de bharr an chreimeadh cósta agus tá an cnoc é féin imithe faoi seo fiú. Is gearr nach mbeidh fágtha ach cúpla duine a chuimhneos ar an tírdhreach seo sul má tháinig claochlú air.
I ndaonáireamh na bliana 1911 tá Mrs. Keating luaite mar Margaret Keating, cúig bliana fichead d’aois, í pósta le John Keating, atá dhá bhliain déag níos sine ná í. Beagnach ochtó bliain d’aois a bheadh sí mar sin ar na Domhnaí samhraidh úd i siopa beag ar chúl an tí mhóir ina mbíodh sí ag déanamh maoirseacht ar bhean óg a mbíodh an cúram uirthi bloic uachtair reoite – rocach, pléineáilte nó le blas banana – a ghearradh ina bpíosaí – píosaí sé pingine nó trí pingine – agus í ag úsáid píosa fada lonrach miotail a raibh fiacla air chun gearradh trín uachtar reoite, agus í ag cur sliseoga leis agus dá ndíol le turasóirí lae.
Ar nós a fir chéile, bhí Mrs. Keating ina Caitliceach agus bhí léamh agus scríobh aici. Sna blianta 1901 agus 1911 shínigh a fear céile an fhoirm dhaonáirimh. Sa mbliain 1901, bhí dhá shearbhónta feirme ag an teaghlach – Patrick Lambert, ceithre bliana fichead d’aois, agus William FitzGerald, trí bliana fichead. Bhí léamh ag an mbeirt acu, ach ní raibh siad in ann scríobh. Deich mbliana níos deireanaí, de réir dhaonáireamh na bliana 1911, ní i bhfad ó bhaile a bhí cónaí ar Patrick Lambert agus bhí sé pósta agus beirt pháistí aige. Bhí léamh agus scríobh ag a bhean chéile, de réir an fhoirm dhaonáirimh, ach ní raibh ach léamh ag Patrick fós.
Ag an am sin, bhí William FitzGerald ina chónaí i dteach a mháthar arís, bean a raibh léamh agus scríobh aici sa mbliain 1911, ach i ndaonáireamh 1901 ní raibh ach léamh aici. Tá an fhaisnéis daonáirimh níos déine ar William. Ní raibh léamh ná scríobh aige, agus ní raibh an acmhainn sin ag a dheirfiúr Bridget (30) ná ar a dheartháir Martin (36) ach oiread.
Agus mise ag breathnú timpeall sa gcartlann idirlín sin nuair ba cheart dom úrscéal a scríobh nó rud úsáideach eicínt eile a dhéanamh, bím faoi dhraíocht ag na logainmneacha i gcontae Loch Garman a raibh daoine leis an sloinne Lambert ina gcónaí iontu, logainmneacha nár chuala mé riamh, logainmneacha mar: Agard Hae, Dún Gulf, Baile Ghalgaí, Sliabh Bhuí, Buaile Macs, Crós, Scar, An Chaoraíocht, Cúil an Chip, Baile Bhúdráin, Áth na Linne, Tromra.
Ina chuid leabhar nótaí, liostáladh Henry James ainmneacha daoine agus áiteanna a d’fhéadfadh sé a úsáid i saothar ficsin uair eicínt. Ar an 16 Bealtaine 1899 sa Róimh, mar shampla, thosaigh sé ag scríobh liosta: ‘Steen – Steene – Liege – Bleat – Bleet (áit) – Crawforth – Masset – Mulroney – Perrow (nó áit) – Drydown (nó áit)’
Agus ní mé an fíor go bhfuil áit i Loch Garman Theas a dtugann siad Baile Bhastaird air. Agus, gan dabht, bhí go leor daoine ina gcónaí sa mbaile fearainn sin sna blianta 1901 agus 1911, Cloneys agus Murphys agus Rossiters agus Furlongs agus Cogleys agus Bates ina measc.
Agus ní mé, dá mbeadh an t-eolas sin uilig agam agus mé ag scríobh The Heather Blazing, an gcuirfinn ceann nó dhó de na háiteanna sin isteach chun maise a chur ar pharagraf. Nó b’fhéidir go mbeadh cathú orm tagairt fhánach a dhéanamh do Patrick Lambert nó William FitzGerald.
Agus cuardaím an chartlann daonáirimh ag lorg mo theaghlaigh féin in Inis Córthaidh.
Sa mbliain 1911, scríobh mo sheanathair Patrick Tobin a ainm i mBéarla. Mar a deireann an fhoirm dhaonáirimh, bhí sé in ann Gaeilge agus Béarla a léamh agus a scríobh agus a labhairt, agus ba é an scéal céanna ag a bheirt mhac é, duine acu seacht mbliana agus an duine eile aon bhliain déag d’aois. (Is dóichí gur mó d’uaillmhian ná d’fhíricí a bhí ina gcuid cumais Gaeilge.) Bhí léamh agus scríobh ag a bhean chéile agus a dheartháir, ach níor labhair siad ach Béarla. Ní raibh m’aintín Kathleen ach ocht mí d’aois ag an am. Shaolófaí m’athair dhá bhliain níos deireanaí.
Thomas O’Rourke a bhí ar mo sheanathair ó thaobh mo mháthar. Níorbh fhéidir liom é a aimsiú in Inis Córthaidh i ndaonáireamh 1901 nó 1911. Ach lá amháin, chuimhnigh mé go dtugadh muintir an bhaile ‘Rourke’ agus ní ‘O’Rourke’ ar mhuintir mo mháthar go minic, is bhí ‘O’Rourke’ beagán níos galánta mar leagan agus níos foirmeálta.
Agus sin é an chaoi ar aimsigh mé eolas faoi mo sheanathair. Bhí sé ceithre bliana déag d’aois sa mbliain 1901. D’oibrigh a bheirt dearthár in Oifig an Phoist.
B’fhear oibre é a athair John, a bhí caoga bliain d’aois. Bhí a mháthair Anne dhá scór bliain d’aois sa mbliain 1901. Bhí léamh ag Anne, de réir na foirme. Ach de réir an daonáirimh, ní raibh léamh ná scríobh ag mo shin-seanathair John. Ag bun na foirme tá marc X agus síniú fianaise den oifigeach a scríobh an t-ainm John Rourke ina lámh féin. Níor scríobh mo shin-seanathair ach an X.
Deich mbliana níos deireanaí, i ndaonáireamh 1911, deirtear ar an bhfoirm go raibh an John Rourke céanna in ann léamh agus scríobh. Shínigh sé féin freisin é. Ach tá cuma amhrasach air seo: tá an scríbhinn ródheas. B’fhéidir nár mhaith le John Rourke go mbreathneofaí air mar dhuine neamhliteartha níos mó, nó b’fhéidir nár mhaith lena chlann a bhí fásta suas faoi seo neamhlitearthacht a bheith luaite leo. B’fhéidir gur iarr sé ar dhuine acu an fhoirm a líonadh agus a shíniú dó.
I measc rudaí eile, phléigh mo chéad úrscéal The South leis an teannas idir Caitlicigh agus Protastúnaigh i nGleann na Sláine in aice le hInis Córthaidh. Chun beagán grinn a chur san úrscéal, tagraíonn seanbhean Phrotastúnach, a raibh talamh sa ngleann ina seilbh aici tráth, do Chaitliceach áirithe: ‘an t-aon fhear in Inis Córthaidh ag casadh an chéid a bhí in ann a ainm féin a shíniú’. Agus deireann sí freisin: ‘Níor scríobh an chuid eile acu ach X, a stór, samhlaigh é sin.’
Jóc a bhí ann agus bealach chun an coimhthíos idir na hAngla-Éireannaigh agus muintir na háite a léiriú. Bhí a fhios agam go raibh léamh agus scríobh ag go leor daoine ag deireadh an 19ú haois. Bhí mé ag smaoineamh go háirithe faoi theaghlach mo sheanathar ar thaobh m’athar a raibh a lán leabhar acu, cé nach raibh mórán airgid acu.
Ach ar aon nós, tá an chuma air nach raibh léamh ná scríobh ag mo shin-seanathair sa mbliain 1901. Go bhfios dom, níl aon ghrianghrafanna de mo shin-seanathair ná dá bhean chéile sa teaghlach. Bhí a mbeirt iníon ina gcónaí in Inis Córthaidh ar feadh a saoil; tá cuimhne agam ar dhuine acu, aintín Jo, seanbhean a mbíodh hata uirthi agus a raibh cónaí uirthi i mBóthar Pháirc an Mhuilinn. Thug sí píosa sé pingine dom uair amháin.
Ba ghúnadóir í, agus bhí sí sách galánta ina bealach féin, an cineál mná nach gcuirfeadh suas le hathair nach mbeadh in ann léamh nó scríobh. Tá a fhios agam gur chaith a deirfiúr tamall san Ospidéal Meabhairghalair taobh amuigh d’Inis Córthaidh.
Táim ag glacadh leis go bhfuair an mac ba shine ag John Rourke bás go hóg; bhí sé naoi mbliana déag d’aois sa mbliain 1901, ach ní féidir liom a ainm a aimsiú deich mbliana ina dhiadh sin. Ba é mo sheanathair an mac ab óige a bhásaigh sa mbliain 1936 agus é ocht mbliana agus dhá scór. Níl tuairim agam céard a tharla dá dheartháir eile a bhí sé bliana déag sa mbliain 1901.
Tá scéal i gcúl mo chinn faoi dhuine amháin de na deartháireacha sin ag fáil bháis agus ag fágáil baintreach agus páistí ina dhiaidh in Inis Córthaidh, agus dúradh gur chuir an bhaintreach na páistí isteach i ndílleachtlann i Ros Mhic Thriúin agus gur imigh go Meiriceá. Ar Dhomhnaí, is cuimhneach liom duine eicínt ag rá go gcuireadh mo sheantuismitheoirí chun bóthair ar rothair chun cuairt a thabhairt ar na páistí sin i Ros Mhic Thriúin, ach níl mé cinnte cé chomh minic nó cén t-achar blianta a dhéanaidís é sin. Níl tuairim agam céard a tharla don bhean a chuaigh go Meiriceá, ar scríobh sí chuig na páistí riamh, nó ar leanadar í trasna an Atlantaigh.
Tá tús an scéil ar eolas agam, sin an méid. Do gach aon úrscéalaí atá ag féachaint trí na foirmeacha daonáirimh seo is gan ach liosta ainmneacha agus sonraí aoise, cumas liteartha, creideamh, gairm bheatha agus dátaí maireachtála aige, tosaíonn saol iomlán. Agus tosaíonn tú ag samhlú – bean i Meiriceá, lánúin phósta ag taisteal ar rothair idir Inis Córthaidh agus Ros Mhic Thriúin, roinnt páistí i ndílleachtlann. Daoine a bhí ann i ngan fhios don saol nó i ngan fhios domsa, ar aon nós.
Is féidir go leor a shamhlú ón méid sin, nó b’fhéidir gan bacadh leis beag ná mór, ach cuireann fadhb na litearthachta stop liom. Ós rud é go raibh mo shin-seanathair seasca bliain d’aois sa mbliain 1911, d’fhéadfadh sé a bheith beo sa mbliain 1925, mar shampla. Rugadh mise sa mbliain 1955. Ciallaíonn sé sin nach mbeadh ach tríocha bliain eadrainn.
Bhí scríbhneoireacht bhreá ag mo mháthair agus ag a beirt deirfiúr – gariníonacha John Rourke – agus b’ionann an scéal dá gcairde. Bhí siad uile bródúil as sin. Nuair a thagadh litir bhítheá in ann a rá cé acu a scríobh í mar bhí lámhscríbhinn phearsanta faoi leith ag chuile dhuine acu.
Mura raibh léamh ná scríobh ag John Rourke i ndáiríre, is dócha nach rud neamhghnách ar bith a bhí ansin. B’fhéidir nach raibh a thuismitheoirí in ann léamh ná scríobh ach oiread – níl foirmeacha daonáirimh ann chun an méid sin a chruthú – agus ansin dá ngabhfá siar, an bhféadfadh sé go raibh go leor glúnta ann roimhe sin nach raibh léamh ná scríobh acu?
Tosaím ag cuardach daonáirimh na bliana 1901 do cheantar Inis Córthaidh chun níos mó daoine a aimsiú nach raibh léamh nó scríobh acu. Faighim iad gan mhoill: Patrick Carthy (60), Mary Dunne (62), Elizabeth Somers (62), Martin Connolly (42), Ester Connolly (19), Michael Wickham (52), Anne Doyle (50), Thomas Berry (75), Anne Berry (55), Laurence Wilkinson (63), Margaret Wilkinson (62), William Wilkinson (19), Hannah Lacey (40). Agus go leor, leor eile.
Ach tá ainmneacha aisteacha ann freisin: Patrick Leeton (67), oibrí feirme, a rugadh i nDún na nGall agus a bhí ina chónaí lena theaghlach in aice le Inis Córthaidh sa mbliain 1901. Tá sé in ann léamh, ach níl in ann scríobh, agus síníonn sé an fhoirm le X. Ach tá Gaeilge agus Béarla aige, nó sin atá luaite ar an bhfoirm. Tá léamh agus scríobh ag a bhean chéile agus ag a bheirt mhac – John (21), James (18) – ach níl ach Béarla ag an triúr acu.
Níl aon Leetons eile sa tír uilig ach iad sa mbliain 1901, agus ní féidir iad a aimsiú sa mbliain 1911. Ní mé ar thuig an t-áiritheoir a líon an fhoirm dóibh a sloinne i gceart. B’fhéidir gur droch-aistriúchán é ar shloinne Gaeilge eicínt as Dún na nGall a bhí in ‘Leeton’. Ní féidir linn a bheith cinnte.
Agus níorbh fhéidir le Henry James a bheith cinnte agus é ag déanamh liosta i ndiaidh liosta d’ainmneacha nach mbainfeadh aon duine úsáid choíche astu, é féin go háirithe. Bheadh spéis mhór aige i bhfoirmeacha daonáirimh. Ar an 11 Méan Fómhair 1900 bhreac sé síos níos mó ainmneacha, cinn sách áiféiseach ina measc: Belph, Loveless, Duas, Pester, Cockster, Dresh. Ach i lár an liosta fhada tá an sloinne Stant, agus tagann Bartram agus Assingham agus Fawns (mar logainm) sna sála ina dhiaidh, agus níos faide síos ar an liosta tá Manningham agus Matcham.
Faoi cheann roinnt blianta, feicfear an sloinne Stant mar Charlotte Stant in The Golden Bowl (1904); Bertram mar May Bertram in The Beast in the Jungle (1903); Assingham mar Fanny Assingham in The Golden Bowl. Is é Maud Manningam ainm na hainte iontaí in The Wings of the Dove (1902). Matcham ainm an tí mhóir in The Wings of the Dove agus The Golden Bowl, agus Fawns atá mar ainm ar an tech mór eile sa dara húrscéal, teach a fhaigheanns na Ververs ar cíos.
Tá an chuma air go mbíodh Henry James ag leadaíocht, ag baint gáire as féin leis na liostaí sin. Ach tá an chosúlacht air go raibh rud eile ag tarlú freisin – gur ar éigean a d’fhéadfadh sé a bheith cinnte cé acu ainmneacha a thiocfadh chun beochta chomh saibhir sin ina intinn agus é i mbun pinn.
Níl mé cinnte an fíor nach mbíonn uait ach ainm amháin chun tús a chur le húrscéal. Ach is deacair a rá cén t-ainm. Mar sin, téim siar arís, ag cuardach ainmneacha daoine i mBaile an Choinigéir Uachtarach ar chósta Loch Garman sna blianta 1901 agus 1911: Connors, Sinnott, Murphy, Corrigan, Brien, Carroll, Mangan, Kavanagh, Cullen, Dempsey, Doyle, Carty, Power.
Agus d’fhéadfainn dul ar aghaidh chuig an gcéad bhaile fearainn eile go bhfeicfinn céard a bheadh ag tarlú ann. Tuilleadh ainmneacha.
B’fhéidir go dtósóinn ar úrscéal nua go luath.
Micheál Ó Conghaile i gcomhar le Niklas Fink a d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024
Seán Ó hAodha
Bhíodh mé ag dul ar saoire i mBaile an Chnoicéir sna 1970daí.
Seachas snab-aimneacha truaillithe oifigigh Shuirbhéireacht Ordanáis na Banríona is ainmneacha na bpáirceanna is mó a chuir íontas orm; a leithéidí Páirc an Rí, Cnocán na nDriseog nár scríobhadh síos riaimh agus iad á rá fós ag muintir na háite le foghraíocht na Gaeilge in ainneaoin gur dúradh liom gur imigh an Ghaeilge ón gceantair roimh 1800.
Bhí fear amháin Dick Whelan (uncail le Colm Tóibín) agus nuair a dhúisigh sé maidin amháin bhí leath an tí tithe síos le bruach na faille dóibe. Leis an gcreimeadh chósta tá go leor des na páirceanna imithe as an saol ó shin agus na h-ainmneacha Ghaeilge in éineacht leo.
Alan Titley
Agus tá Baile Hac i gCo Loch Garman, leis, ar dócha gur Baile an Chaca é le ceart. Is dócha go bhfuil Baile Hac níos measúla ná Shitsville.