Nuair a iompaíodh bunoscionn stair an rugbaí

Ba bheag a cheap nuair a d’ardaigh Francois Pienaar Corn Webb Ellis i Johannesburg ar an 24 Meitheamh 1995 gurbh eisean an t-imreoir amaitéarach deireanach a dhéanfadh amhlaidh

Nuair a iompaíodh bunoscionn stair an rugbaí

Na himreoirí a roghnaíodh don chéad Chorn Domhanda. Ar gcúl (c/d): Tony Ward, Philip Mathews, Brian Spillane, Willie Anderson, Jim Glennon, Neil Francis, Nigel Carr, Jim McCoy, Harry Harbison, Keith Crossan. Lár (c/d): Brendan Mullin, Des Fitzgerald, Paul Collins, David Irwin, Philip Rainey, Tony Doyle, Job Langbreok , Terry Kingston. Tosach (c/d): Michael Bradley, Trevor Ringland, Dr, Mick Molloy, Hugo McNeill, Syd Millar (Uacht. IRFU), Donal Lenihan (Capt.), Mick Doyle (Cóitseálaí), Michael Kiernan, Philip Orr, Paul Dean.

Ba ar an 17ú Lúnasa 1995 a shocraigh Bord Idirnáisiúnta an Rugbaí (IRB) nach raibh aon rogha anois acu ach aitheantas agus aghaidh a thabhairt ar an imirt ghairmiúil.

Ba iad eagraíochtaí idirnáisiúnta an ghailf a fágadh suaite ag tús na bliana seo nuair a sheol Ciste Infheistíochta na hAraibe Sádaí a sraith comórtas féin (LIV). Deich mbliana fichead roimhe sin, ba é seanchóras an rugbaí a athraíodh ó bhonn tar éis do phiardaí móra na teilifíse, Rupert Murdoch agus Kerry Packer, mámanna airgid a thairiscint d’ imreoirí amaitéaracha rugbaí ach dul le comórtais a bhí siadsan a eagrú.

Ní mó ná sásta a bhí maithe agus móruaisle an IRFB a bhí i mbun an chluiche ón mbliain 1885. B’ar éigean a bhí an eagraíocht bunaithe nuair a tharla an ‘Siosma Mór’ (1893). Airgead a tharraing sin freisin. Imreoirí i dtuaisceart Shasana a bhí ag éileamh cúitimh as lá oibre a chailleadh ar an Satharn le dul i mbun imeartha.

Bunú an ‘Rugbaí Sraithe’ a tháinig as sin, ach ba i limistéar réasúnta beag a bhí forlámhas aige sin.

Le fírinne ba bheag a chuir sin as don ‘Rugbaí Aontais’. Ba í an oidhreacht ba mhó a d’fhág an scoilt ina diaidh go raibh lucht an ‘Aontais’ meáite ar a n-eagraíocht féin a choinneáil glan ar bholadh an airgid.

Mhair a ndiongbháilteacht 100 bliain. In imeacht 100 seachtain bhí stair a gcluiche iompaithe bunoscionn ag Murdoch, ag Packer agus ag cosán an airgid.

Ba bheag a cheap nuair a d’ardaigh Francois Pienaar Corn Webb Ellis i Johannesburg ar an 24 Meitheamh 1995 gurbh eisean an t-imreoir amaitéarach deireanach a dhéanfadh amhlaidh, ach féach gurbh é.

Céimí sa dlí as Ollscoil Rand ab ea Pienaar, arbh den lucht oibre é féin, ach ar bhain a ainm, agus cinnte an dath a bhí ar a chraiceann, leo siúd a raibh drochíde tugtha acu leis na céadta bliain do shinsear an té a shín an corn chuige.

Go deimhin bhí 18 bliain caite ag Nelson Mandela i bpríosún as cur in aghaidh na cinedheighilte, ach é faoi seo ar an bhfear dubh ba thúisce a toghadh go daonlathach ar an Afraic Theas.

Bhí aistriú an choirn sin ó lámh go lámh an lá úd ar cheann de na hócáidí ba stairiúla dár facthas riamh ar pháirc imeartha – ceann a thug le fios go dtarlaíonn sé amanta gur féidir leis an gcine dhaonna socrú a fháil ar chonstaicí a measadh a bheith dosháraithe.

Ní féidir a rá go bhfuil chuile rud ina cheart sa tír ó shin, ach ná habair liom nár tháinig tada dá bharr.

Bhí an rugbaí gairmiúil chomh gar de láthair agus nár bhain Francois Pienaar úsáid riamh as a cháilíochtaí dlí. Sula raibh 1995 caite bhí sé ag tarraingt a phá le Saracens i Sasana. Nuair a d’éirigh sé as bhí sé ina phíomhfheidhmeannach ar an gclub. Ina dhiaidh sin arís bhí sé ina anailísí teilifíse, cúram a dhéanann sé i gcónaí.

Céimí sa dlí freisin ab ea Nick Farr Jones, an captaen a chroch Corn Webb Ellis nuair a bhuaigh an Astráil an chraobh roimhe sin (1991) ar thalamh na Fraince. Ní bhfuair seisean deis aon phingin a shaothrú as ariamh. Chaith sé blianta ag obair mar dhlíodóir, ansin mar bhaincéara agus faoi dheireadh in earnáil na mianadóireachta.

Ní raibh ann ach go raibh David Kirk cáilithe mar dhochtúir leighis in Ollscoil Otago i Dunedin nuair a bhí seisean ar an duine ba thúisce ar bronnadh an corn cáiliúil air tar éis don Nua-Shéalainn an ceann ab fhearr a fháil ar an bhFrainc sa gcéad Chluiche Ceannais Domhanda i 1987.

Go fíorghairid ina dhiaidh sin chaith sé an imirt in aer ar fad agus fuair Scoláireacht Rhodes chuig Ollscoil Oxford, áit ar bhain sé céim fealsúnachta, polaitíochta agus eacnamaíochta amach. Le cúrsaí gnó agus mar chomhairleoir ag an bPríomh-Aire Jim Bolger (1990-1997) a chaith sé an chuid eile dá shaol oibre.

Meascán mearaí na focail is oiriúnaí a léiríonn cumas rugbaí fhoirne na hÉireann a bhuail faoin gcéad Chraobh Domhanda sin.

Bhuaigh siad Craobh na 5 Náisiún (mar a bhí ag an am) agus an Choróin Thriarach i 1985, ach an bhliain roimhe sin agus an bhliain a lean, ba iad ab íochtaraí ar thábla an chomórtais – gan aon chluiche amháin féin buaite acu le linn an tséasúir.

Buíon den uile chineál a bhí iontu. Oibrithe bainc agus oibrithe i gcomhlachtaí airgeadais ab ea a mbunáite, beirt dhochtúirí, beirt mhúinteoirí, cúpla fear gnó, innealtóir, tréidlia agus an beithíoch ab aistí ar fad – fear as Cúige Laighean (Tony Ward) a bhí ag imirt le Cúige Mumhan ag an am.

Tréidlia freisin ab ea a gcóitseálaí Mick Doyle a rugadh agus a tógadh in aice le hOileán Ciarraí, duine de charactairí mhóra an rugbaí a d’imir d’Éirinn agus do na Leoin agus i 1987 a bhí ag teannadh le deireadh a thréimhse trí bliana mar chóitseálaí.

Pingin féin níor shaothraigh Doyle ariamh as a chuid imeartha ná a chuid cóitseála. A mhalairt ar fad. Sa leabhar a insíonn scéal a shaoil, measann Mick go raibh a ghnó £750,0000 síos leis de bharr an ama a chaith sé ina mbun.

Deir sé freisin gur thaistil sé 5,000 míle ina ghluaisteán na cúpla seachtain sular thug Éirinn aghaidh ar Chraobh an Domhain, rud a mhíneodh go mba faoi chúram dochtúra in ospidéal in Auckland a chaith sé na cúpla lá sular bhuaigh Éire ar Cheanada sa gcéad chluiche.

Ar phainéal imeartha na hÉireann bhí trí dhuine dhéag Laighneach, seachtar Ultach agus seisear Muimhneach. Ní nach ionadh, ní raibh dé ná deatach ar aon Chonnachtach – idir 1964 agus 1987 ní raibh buaite acu sa gCraobh Idirchúige ach trí chluiche.

Gasra suimiúil ab ea na hUltaigh. Oibrí bainc ab ea Keith Crossan; dlíodóir – Trevor Ringland; dochtúir ab ea David Irwin; céimí ollscoile ab ea Philip Matthews; múinteoir scoile a raibh a athair sna B Specials ab ea Willie Anderson; agus ba bhall reatha den RUC é Jim McCoy, a mbíodh tionlacan ó Bhrainse Speisialta an Gharda Síochána aige ón am a dtrasnaíodh sé an teorainn ar a bhealach go Bleá Cliath.

Bhí Ultach eile, Nigel Carr, ainmnithe ar phainéal na n-imreoirí as Éirinn a bhí le dul chuig chuid Corn an Domhain i 1987, ach i dtús an Aibreáin an bhliain sin gortaíodh é siúd nuair a phléasc buama faoin gcarr ina raibh sé féin, Irwin agus imreoir eile a chuaigh chun na Nua-Shéalainne, Philip Rainey, ag taisteal ó dheas ag seisiún traenála.

Maraíodh Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann Maurice Gibson agus a bhean san eachtra. Chuaigh Carr, Rainey agus Irwin gar don bhás freisin mar go raibh a ngluaisteán siúd taobh le ceann an Bhreithimh nuair a phléasc an buama – a charr siúd ag dul ó thuaidh agus an ceann eile ó dheas.

Fág freagra ar 'Nuair a iompaíodh bunoscionn stair an rugbaí'