Nuair a d’fhreagair m’aintín físghlaoch, shíl mé gurbh í an bhliain 2020 a bhí ann…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Tá an t-ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu ina bhfuil cónaí ar mháthair ár gcolúnaí buailte ag ráig den Covid

Nuair a d’fhreagair m’aintín físghlaoch, shíl mé gurbh í an bhliain 2020 a bhí ann…

Níl mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, in ann físghlaoch a fhreagairt a thuilleadh. Ach ós rud é go bhfuil cónaí orm féin ar an taobh eile den Atlantach, sin an t-aon bhealach cumarsáide atá againn.

Ní bhíonn an t-am ag foireann an ionaid chúraim ina bhfuil cónaí uirthi cabhrú léi ach go hannamh, rud a fhágann go mbím ag brath ar chairde agus ar ghaolta nuair a bhím ag iarraidh labhairt léi.

Cuireann siadsan glaoch ormsa nuair a théann siad ar cuairt chuig mo mham.

Baineadh siar asam an tseachtain seo nuair a chuir m’aintín, deirfiúr mhór mo mháthar, glaoch orm ón ionad cúraim.

Bhí masc ar a haghaidh agus féachaint scanraithe ina cuid súl.

Ní raibh masc ar bith ar aghaidh mo mham, a bhí ina suí taobh léi, agus bhí féachaint ina cuidse súl a léirigh nár thuig sí ach oiread na fríde dá raibh ag tarlú ina timpeall.

Ach bhí Covid uirthi – bíodh is, ar ámharaí an tsaoil, nach raibh aon siomptóim uirthi. Bhí na siomptóim ar roinnt d’áitritheoirí eile an tríú hurlár, áfach. Ar an drochuair ní raibh an t-ionad cúraim ach díreach tar éis ríomhphost a chur amach chuig gaolta na n-othar len iad a chur ar an eolas faoin scéal, agus bhí m’aintín tar éis siúl isteach agus barróg a thabhairt do mo mham sular inis éinne di go raibh Covid uirthi-se.

82 bliain d’aois atá m’aintín agus ní raibh Covid uirthi riamh; tá sí lánvacsaínithe ach bhí imní uirthi mar sin féin. Seo é an dara huair a bhfuil Covid ar mo mháthair; ní raibh sí ach díreach tar éis bogadh isteach go dtí an t-ionad cúraim nuair a tholg sí an galar an chéad uair (ní raibh siomptóim ar bith uirthi an uair sin ach oiread.)

Dála formhór mór na n-áitritheoirí agus na foirne san ionad cúraim tá mo mháthair lánvacsaínithe, ach nuair a tholgann duine ar an tríú hurlár, mar a bhfuil cónaí ar dhaoine a bhfuil Alzheimer orthu le fada, nuair a tholgann duine acu sin Covid is beag gur féidir a dhéanamh chun an chuid eile a chosaint.

Bheadh sé fánach agat iarraidh ar dhaoine a bhfuil Alzheimer orthu le fada masc aghaidhe a chaitheamh.

Bheadh sé fánach agat freisin iarraidh orthu fanacht ina seomra féin.

Lena chois sin, shocraigh na húdaráis san Ísiltír, mar a bhfuil cónaí ar mo mháthair, go raibh na srianta a cuireadh i bhfeidhm le linn chéad bhlianta na paindéime agus a scar seandaoine ó ghaolta agus ó chairde ar feadh i bhfad, go raibh na srianta sin mídhaonna. Dianghlasáil? Riamh arís – sin é an meon anois.

Thit mo chroí nuair a d’fhreagair mé an físghlaoch sin agus nuair a chonaic mé an masc aghaidhe sin ar aghaidh m’aintín. Ar feadh soicind shíl mé gurbh í an bhliain 2020 a bhí ann agus go raibh cosc arís ar gach rud. Ach ar ndóigh is í an bhliain 2023 atá ann agus a bhuíochas leis na vacsaíní tá muid in ann ‘maireachtáil’ le Covid anois; mar shampla, níor tholg m’aintín an galar in ainneoin gur thug sí barróg do dhuine a raibh an galar uirthi. Ach is mise a bhí sásta nach raibh cónaí ar mo mháthair in ionad cúraim trí bliana ó shin.

Fág freagra ar 'Nuair a d’fhreagair m’aintín físghlaoch, shíl mé gurbh í an bhliain 2020 a bhí ann…'