‘Nuair a deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair, ba chosúil an scéala le bás nár tharla fós’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Ag súil le ‘hamscála’ a bhféadfaí cinntí móra saoil a bhunú air a bhí ár gcolúnaí nuair a deimhníodh go raibh galar Alzheimer ar a mháthair – ach ní dhéantar tairngreachtaí faoi chúrsa an ghalair

‘Nuair a deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair, ba chosúil an scéala le bás nár tharla fós’

Nuair a deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair, mí go leith ó shin anois, bhí mé féin, mo dheartháir óg agus na gaolta gairide eile faoi bhrat bróin. Ba chosúil an scéala le bás nár tharla fós: fios a bheith againn go mbeidh sí ag sleamhnú uainn, síos síos síos, i bpoll na díchuimhne agus an dearmaid, go dtí go n-imeoidh sí uainn dáiríre lá éigin amach anseo.

Ba é an ‘lá éigin amach anseo’ an chuid ba dheacra den scéal dom féin.

Nuair a deimhníodh go raibh ailse ar m’athair breis agus fiche bliain ó shin, níor chuir na dochtúirí aon fhiacail ann: ‘Leathbhliain eile ar a mhéad atá fágtha agat,’ a dúradh leis. Bhí an diagnóis sin crua chomh maith le críochnaitheach, ach ar a laghad thug sé an deis dúinn, mar theaghlach, ár saol a chur in eagar le go dtabharfaimis aire do m’athair ina theach féin. Trí mhí a mhair an fear bocht.

Bunaithe ar an taithí sin, b’fhéidir, bhí mé ag súil go mbeadh tairngreacht ag an lucht leighis do mo mháthair mar a bhí acu do m’athair tráth. Thuig mé, ar ndóigh, nach bhfuil ailse agus Alzheimer a dhath cosúil lena chéile. Fós féin, bhí súil agam go mbeadh amscála éigin ag na dochtúirí dúinn a bhféadfaimis ár bpleananna don todhchaí a bhunú air, mar theaghlach, agus inár nduine is inár nduine. 

Ní raibh.

Dúradh linn nach ndéantar tairngreachtaí faoi chúrsa an ghalair Alzheimer – gan trácht ar fhad saoil an té a dtagann sé air nó uirthi. Ní bhítear ag caint a thuilleadh ar ‘staideanna’ éagsúla ach oiread, a mhínigh an geiriatraí a raibh mo mháthair faoina cúram dúinn. Ba cheart dúinn breathnú ar an ngalar mar aistear fada síos le fána. Beidh an cúrsa réidh in amanna agus ní bheidh amanna eile, ach síos le fána a bheidh mo mháthair ag dul.

Ní raibh mórán sóláis i bhfocail an dochtúir seandaoine sin, ach mar sin féin tá an brat bróin a tháinig orainn tar éis na diagnóise ag ardú. Fiú más síos le fána a bheidh an t-aistear, tuigimid gur ag barr an chnoic (nó gar go leor dó) atá mo mháthair fós agus gur cheart dúinn tairbhe a bhaint as an gcuid sin den chúrsa atá díreach romhainn.

Mí nó dhó ó shin, agus muid ag druidim leis an diagnóis chríochnaitheach, bhí mé ag ceapadh go mbeadh cinntí móra saoil le déanamh agam ar an bpointe boise: bogadh abhaile, aire a thabhairt do mo mham go lánaimseartha.

A mhalairt a tharla. Seachtain tar éis na diagnóise, chuir mo mháthair ticéad in áirithe le cuairt a thabhairt ormsa sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm. Níl sí in ann taisteal ina haonar a thuilleadh – eachtra drámatúil in aerfort Liospóin a thug orainn tathaint uirthi cuairt a thabhairt ar an dochtúir an chéad lá riamh – ach beidh a deirfiúr ag teacht in éineacht léi.

Dúirt an bhean chéanna, m’aintín, rud an lá cheana a chuaigh i bhfeidhm orainn go mór: 

‘Ná caithimis léi mar othar.’

An ceart ar fad aici. 

Tá mo mháthair beo beathach fós.

Fág freagra ar '‘Nuair a deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair, ba chosúil an scéala le bás nár tharla fós’'