‘Níl mo cheann ag obair mar is ceart níos mó’ – tá galar Alzheimer ar mo mháthair

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún nua míosúil faoin ngalar Alzheimer. Eachtra in aerfort Liospóin an chúis gur deimhníodh le gairid go bhfuil galar Alzheimer ar mháthair ár gcolúnaí

‘Níl mo cheann ag obair mar is ceart níos mó’ – tá galar Alzheimer ar mo mháthair

Ag tús mhí Nollag na bliana seo caite, chaill mo mháthair (72) a bealach in aerfort Liospóin.

Ní raibh sí in ann aon chiall a bhaint as an gcomharthaíocht. 

Ní raibh sí in ann aon chiall a bhaint as a guthán póca féin ach an oiread. 

Bhí mise ag feitheamh léi ag an aon bhealach amháin amach as halla an bhagáiste. Nach mór uair an chloig tar éis dá heitilt teacht isteach agus gan aon radharc uirthi fós, rinne mé rud nár theastaigh uaim a dhéanamh, dáiríre, toisc nach raibh mé ag iarraidh a bheith i mo mháthair ag mo mháthair féin. 

Chuir mé glaoch ar a guthán póca.

Fear slándála a d’fhreagair an fón. 

Mhínigh mé don fhear gur chosúil go raibh an bhean bhocht a bhí ina seasamh roimhe tar éis an bealach a chailleadh agus nach raibh mise in ann dul chomh fada léi toisc go raibh sí fós sa chuid sin den aerfort nach bhfuil cead isteach ach ag paisinéirí ann. Gheall an fear slándála dom go dtabharfadh sé mo mham chomh fada leis an mbealach amach. Ach ina ionad sin thug sé treoracha di.

Chuaigh na treoracha sin isteach i gcluasa mo mham. 

Ach ansin, chuaigh siad ar strae ina meabhair.

Chaill mo mháthair an bealach arís. 

Tar éis ceathrú uaire an chloig eile – mise ag ceapadh go raibh mo mháthair á tabhairt chomh fada leis an mbealach amach ag an bhfear slándála – ní raibh radharc uirthi fós. Chuir mé glaoch ar a guthán póca arís.

Í féin a d’fhreagair.

D’aithin mé láithreach ar a glór go raibh sí corraithe.

‘Tá mé caillte! Níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mé!’

An uair seo, d’fhan mé ar an bhfón. D’iarr mé uirthi breathnú ar na comharthaí, an focal ‘exit’ a lorg agus na saigheada a leanúint. 

Faoi dheireadh, tar éis tamaill mhaith eile, tháinig sí amach tríd na doirse sleamhnáin. Bhí a haghaidh dearg agus fliuch.

Cúig nóiméad ina dhiaidh sin, na deora glanta agus cupán caife á ól agus pastel de nata á ithe againn i gcúinne réasúnta ciúin den aerfort, bhí comhrá deacair againn.

‘Níl mo cheann ag obair mar is ceart níos mó,’ a dúirt mo mháthair. ‘Tá cúrsaí tar éis dul i ndonas go mór le ceithre mhí anuas.’

‘A mham, tá mise agus mo dheartháir ag iarraidh dul chuig an dochtúir leat.’

Chlaon sí a ceann ag aontú liom.

Níorbh é sin an chéad uair gur chuir mise nó mo dheartháir óg brú uirthi dul chuig an dochtúir maidir leis an díchuimhne atá ag cur as di le trí nó ceithre bliana anuas. Ach dhiúltaíodh sí, ag rá nach raibh gá leis, nach raibh ann ach an tseanaois.

Ghlacaimisne leis an bhfreagra sin, de ghrá an réitigh agus ag súil go mb’fhéidir, b’fhéidir, go raibh an ceart aici.

Ní raibh.

Chuaigh muid go dtí an dochtúir teaghlaigh i dtús mhí Eanáir na bliana seo. An tseachtain seo caite, tar éis go leor cuairteanna ar an ospidéal, deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer uirthi dáiríre.

Measann an geiriatraí go bhfuil an galar uirthi le trí nó ceithre bliana anuas.

Ar nós go leor daoine eile a dtagann néaltrú ar ghaol gairid leo, bhí mé féin, mo dheartháir óg agus an t-aon deirfiúr amháin atá fágtha ag mo mhatháir ag éirí níos buartha faoi mo mháthair lá i ndiaidh lae, an cheist chéanna dár gciapadh: cathain a mbeidh sé in am gníomhú?

Ar an gcúis sin, ba mhaith an rud é gur tharla an eachtra úd san aerfort, cé gur scéal é a chuirfidh as dom chomh fada agus a bheidh cuimhne agam air.

Ní cuimhin le mo mháthair go ndeachaigh sí ar strae in aerfort Liospóin. An lá dár gcionn, bhí dearmad déanta aici ar an eachtra ar fad.

Sin galar Alzheimer agat.

Fág freagra ar '‘Níl mo cheann ag obair mar is ceart níos mó’ – tá galar Alzheimer ar mo mháthair'