An scóip chun feabhais idir cluiche leathcheannais is ceannais a dhealaíonn dhá fhoireann domsa

Cé go bhfanann cuimhní na seanchoimhlintí idir Ciarraí agus Áth Cliath glé agus buan, níl iontu ach macallaí na staire, macallaí ná fágfaidh rian, beag ná mór, ar imirt an Domhnaigh

An scóip chun feabhais idir cluiche leathcheannais is ceannais a dhealaíonn dhá fhoireann domsa

Is deacair a dhéanamh amach cá dtosnófá ag cur síos ar an ailp seo de choimhlint.

D’fhéadfaimis tosnú ag filíocht fén síol a cuireadh céad bliain ó shin i 1923/1924 tar éis Chogadh na gCarad mar a raibh Áth Cliath ina máistrí ag iarraidh a dtríú craobh uile-Éireann as a chéile a bhuachtaint agus Ciarraí, briste, basctha, brúite tar éis na tréimhse ba chorraithí i stair an chontae ag imirt ina gcéad chluiche ceannais ó 1915.

De bharr an suaitheadh go léir a bhain leis an dtréimhse, imríodh cluiche ceannais na bliana 1923 idir Ciarraí agus Áth Cliath i Meán Fómhair 1924 agus ní fhéadfadh Ciarraí stop a chur le hÁth Cliath a dtríú craobh as a chéile a bhuachtaint. Malairt poirt a bhí ann bhliain dár gcionn mar a mbuaigh Ciarraí ar Áth Cliath i gcluiche ceannais na craoibhe a imríodh in Aibreán 1925.

Chuir bua san Chiarraí i gcraobh 1924, agus iad fé stiúir an Dochtúra Éamonn Ó Súilleabháin, an bonn fé ré ghlórmhar chaide sa chontae agus d’imigh Áth Cliath i léig go dtí go mbuadar a gcéad chraobh eile i 1942 in aghaidh na Gaillimhe.

Bhí sé le maíomh ag muintir Chiarraí, an uair sin féin, áfach, gur duine dá gcuid féin, Joe Mac Gearailt ó Bhaile na nGall, a bhí ina chaptaen ar fhoireann Átha Cliath mar a raibh sé ina bhall den nGarda Síochána.

Faoin dtráth gur chas Ciarraí agus Áth Cliath ar a chéile i gcluiche ceannais an athuair i 1955, bhí Ciarraí agus, go deimhin an tír, bánaithe ag an imirce. Bhí stádas agus seasamh na treibhe níos tábhachtaí ná riamh agus meanma na muintire fite fuaite le rath na bhfoirne contae. Nuair a bhuaigh Ciarraí taibhsíodh do scata gur bua ab ea é don gcur chuige traidisiúnta a bhí á spreagadh ag an Dr Éamonn in aghaidh na réabhlóide a bhí á tiomáint ag Cumann Naomh Uinsionn cois Life. Fiche bliain dár gcionn i 1975, tosnaíodh ag scríobh caibidil eile in annála na gcoimhlintí idir an dá chontae, is Ciarraí ag ramhrú bliain ar bhliain go dtí 1985, an bhliain dheireanach go bhfuaireadar an fear maith ar Áth Cliath i gcluiche ceannais.

Ins an dosaen bliain ó chic éachtach Stephen Cluxton a chas an taoide i dtreo na hardchathrach arís, tá scóladh fachta go mion minic ag Ciarraí ós na Dubs agus ní leor dóibh an sólás beag a thug cic éachtach eile ó Sheánie Ó Sé anuraidh.

Iarracht Stephen O’Brien ó Chiarraí sábháilte ag Stephen Cluxton in 2019. ©INPHO/James Crombie

Cé go bhfanann cuimhní na gcoimhlintí glé agus buan, níl iontu ach macallaí na staire, sin uile. Macallaí is ea iad a ghlaonn aniar chughainn agus a ghéaraíonn an goile le linn seachtain mhór na caide ach macallaí, leis, ná fágfaidh rian, beag ná mór, ar imirt an Domhnaigh.

Tá a scéal féin á insint ag stair Chumann Lúthchleas Gael. Déarfaidh an scéal san linn go bhfuil Ciarraí agus Áth Cliath tar éis casadh ar a chéile dhá bhabhta is tríocha sa chraobh, go bhfuil buaite ag Ciarraí ocht mbabhta dhéag, aon bhabhta dhéag ag Áth Cliath agus go raibh trí chluiche a chríochnaigh ar chomhtharrac. San aonú aois is fiche amháin, táid casta ar a chéile dhá bhabhta dhéag ar fad le Ciarraí agus Áth Cliath ag buachtaint cúig bhabhta araon agus na cluichí in 2001 agus 2019 ag críochnú ar chomhtharrac.

Arís, níl insint ansan ar a bhfuil i ndán amárach.

Déarfaidh scagadh ar sméaróidí na staire an áirithe sin leat ach chun go bhfaighfí éachtaint ar a bhfuil i ndán amárach níl againn ach an phóirseáil agus an phaidhceáil atá déanta le seachtainí beaga anuas ag an lucht anailíse sa dá champa ar a chéile.

Má fhéachann Áth Cliath ar imirt Chiarraí óna gcluiche leathcheannais in aghaidh Dhoire chífidh siad go raibh deiseanna ar bháidí sa chéad nóimeat ag Niall Loughlin, sa 45ú nóimeat ag Niall Toner agus sa 51ú nóimeat ag Gareth McKinless taobh amuigh den mbáide a d’aimsigh McKinless féin sa 5ú nóimeat. An dtaca seo anuraidh, ní raibh Ciarraí ag géilleadh na ndeiseanna úd chomh neafaiseach sin agus caithfidh go gcíonn Áth Cliath bearna anseo dóibh.

Chífidh siad chomh maith oiread caide a bheith á láimhseáil ag Conor McCloskey agus é in ainm is bheith ag marcáil Paudie Clifford. Braithfidh siad go bhfuil deis anseo d’Eoin Murchan earraíocht éigin a bhaint as an bhfonn fánaíochta a bhíonn ar Clifford. Tuigfidh siad féin agus Ciarraí (ó 2019) go dtabharfaidh Murchan fén sprioc i bhfad níos minice ná McCloskey. Le hoiread béime ar choimhlintí pearsanta agus ar imreoirí a mheaitseáil lena chéile, caithfidh go bhfeiceann Áth Cliath buntáiste éigin anseo dóibh.

B’fhéidir nár aimsigh Doire ach ceithre phointe sa dara leath (dhá cheann ón imirt) ach bí siúráilte go bhfuil ceann tógtha ag Áth Cliath des na hiarrachtaí a chuir Conor Doherty, Ciarán McFaul, Niall Loughlin agus Ethan Doherty amú ag pointí cinniúnacha sa dara leath agus go ndéarfaidh siad leo féin ná cuirfidís féin amú iad. I gcoimhlint ina mbítear de shíor sa tóir ar an ionga bhreise sin, tá difríocht ansiúd idir bris is bua.

Níl Ciarraí dall ach an oiread ar lochtaí Átha Cliath mar a nocht Muineachán dóibh iad coicíos ó shin. Dá fheabhas é Stephen Cluxton, níl sé chun oiread tinnis a chruthú do Chiarraí is a dhein Odhran Lynch sa chluiche leathcheannais eile. Fanfaidh Cluxton i mbéal a bháide féin agus beidh sé gan cháim nó geall leis óna chic amach – ach an leor san a thuilleadh? Fuair Áth Cliath trí phointe cinniúnach idir buille na huaire agus dhá nóimeat lena chois a bhuaigh an cluiche in aghaidh Mhuineacháin dóibh.

Bhí rian Bhrian Fenton ar an uile cheann acu ach tá sé de nós ag Ciarraí Jack Barry a chur ag fiach anseo agus cé go mb’fhéidir go mbraitheann Fenton go bhfuil sé thar am aige srathair Bharry a bhriseadh, níl éirithe leis san a dhéanamh go fóill. An é amárach an lá a tharlóidh sé? Tá an sean-nasc sin idir Cluxton, Fenton agus Ciarán Kilkenny fós sa treis nuair a thagann sé go dtí’n gcic amach fé bhrú ach an bhfuil aon fhorbairt tagtha air?

Ainneoin na gceisteanna is na cainte, an ghothaíocht is an gheáitsíocht, tá rudaí áirithe, moladh le Dia, nach féidir a thomhas ná a thuar. Bhí tuairim againn an dtaca seo anuraidh go mb’fhéidir go mbeadh lá maith ag David Clifford agus Shane Walsh ach cé a bhí ag tuar roimh ré go mbeadh an taispeántas ann a tháinig ó fhear na Dromad, Graham O’Sullivan? Cé hiad na bromaigh ná fuil briste fós a thabharfaidh speach gan choinne an uair seo? Lee Gannon nó Colm Basquel atá, ainneoin seasamh Átha Cliath, ag tosnú ina gcéad chluiche ceannais?

Mar gheall ar an scréip a bheidh ag breith ar David Clifford, an mbeidh fuascailt i ndán do Paul Geaney nó Stephen O’Brien chun aon taispeántas deiridh amháin a thabhairt uathu sara n-ardóidh siad siúd na seolta?

Tá na ceisteanna sin ar fad sa treis agus sinn ag brath romhainn. Bíonn an tuaiplis gan choinne chomh maith le cúrsaí aimsire, cúrsaí réiteoireachta, cártaí idir bhuí, dhubh is dearg le cur san áireamh ach i gcónaí i gcluiche ceannais is í an scóip chun feabhais idir cluiche leathcheannais is ceannais an ceann mór a dhealaíonn dhá fhoireann dómhsa – cé aige atá sí, cad as a thiocfaidh agus cé is dóichí a raghaidh i bhfeabhas in imeacht coicíse?

Ar an mbonn san agus ar an mbonn san amháin, is dóigh liom go mbeidh an lá le Ciarraí.

Braithim go bhfuil níos mó iontu agus níos mó le teacht uathu.    

 

Fág freagra ar 'An scóip chun feabhais idir cluiche leathcheannais is ceannais a dhealaíonn dhá fhoireann domsa'