Níos mó Gaeilge sa Dáil in dhá uair an chloig le linn Seachtain na Gaeilge ná mar a bhí i 19 lá

Bhí beagnach 20% níos mó Gaeilge le cloisteáil sa Dáil ar ócáid bhliantúil ‘Lá na Gaeilge’ ná mar a bhí i dtréimhse seacht seachtaine i mbliana

Níos mó Gaeilge sa Dáil in dhá uair an chloig le linn Seachtain na Gaeilge ná mar a bhí i 19 lá

Labhraíodh níos mó Gaeilge sa Dáil i dtréimhse dhá uair an chloig le linn Seachtain na Gaeilge ná mar a labhraíodh sna chéad seacht seachtaine de théarma na bliana nua.

Rinneadh ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge sa Dáil ar an 10 Márta agus bhí níos mó Gaeilge le cloisteáil le linn an tseisiúin sin amháin ná mar a bhí sa 19 lá a raibh an Dáil ar siúl idir an 18 Eanáir agus an 2 Márta.

Rinneadh beagnach scór píosa cainte i nGaeilge le linn an tseisiúin speisialta an mhí seo agus 14,051 focal Gaeilge ar fad a labhraíodh, de réir thaifead na Dála. B’ionann sin agus beagnach 20% níos mó Gaeilge ná an 12,297 focal Gaeilge a labhraíodh sa tréimhse seacht seachtaine roimhe sin.

Léiríodh i dtaighde nua a foilsíodh ar Tuairisc an tseachtain seo gur i nGaeilge a bhíonn thart ar 0.7% den chaint uile a dhéantar i nDáil Éireann. Léiríodh freisin gur líon an-bheag Teachtaí a dhéanann formhór na cainte i nGaeilge.

19 Teachta Dála a labhair le linn an chomóraidh ar Sheachtain na Gaeilge agus 18 a labhair i nGaeilge. Mhair an plé beagán faoi bhun dhá uair an chloig ar fad.

Ach oiread leis an tréimhse níos faide, ba é Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan is mó a labhair Gaeilge agus bhí Teachtaí Dála eile gur gnách dóibh an teanga a úsáid, leithéidí Aenguis Uí Snodaigh, Catherine Connolly, Pearse Doherty agus Mairéad Farrell, páirteach sa phlé Lá na Gaeilge freisin.

Bhí ochtar Teachtaí Dála a labhair i nGaeilge ar an 10 Márta nár labhair aon fhocal i nGaeilge sna chéad seacht seachtaine den téarma – Aodhán Ó Ríordáin (LO), Gary Gannon (DS), nach cainteoir líofa é ach a rinne a chéad iarracht Gaeilge a labhairt sa Dáil Lá na Gaeilge, Jim O’Callaghan (FF), Brian Leddin (CG), Dessie Ellis (SF), Mark Ward (SF), Ruairí Ó Murchú (SF) agus Thomas Pringle (NS).

Léiriú eile a bhí sa seisiún Lá na Gaeilge ar an nós atá ag polaiteoirí an Ghaeilge a úsáid nuair a bhíonn siad ag labhairt faoi chúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta, ach iompú ar an mBéarla nuair atá ábhair eile á bplé acu.

Dúirt an Teachta Neamhspleách Catherine Connolly le linn an phlé go raibh sí éirithe “bréan”, tar éis ocht mbliana sa Dáil, de ráitis faoin teanga a bheith á ndéanamh ar lá ar leith amháin agus go raibh sí ag iarraidh go dtiocfadh an lá gur rud “nádúrtha” a bheadh ann an Ghaeilge a úsáid i ngnó na Dála.

Is minic le polaiteoirí píosa cainte a dhéanamh i nGaeilge le linn Seachtain na Gaeilge ach gan an teanga a úsáid arís ina gcuid oibre don chuid eile den bhliain.

Tháinig an nós céanna chun cinn sa taighde a rinne Tuairisc ar an tréimhse níos faide ó thús an téarma Dála go dtí tús mhí an Mhárta.

Den 12,297 focal ar fad a labhraíodh i nGaeilge le linn na tréimhse 19 lá sin bhí breis is leath den chaint sin le cloisteáil ar dhá lá ar leith.

Labhraíodh breis is 2,300 focal i nGaeilge (19% den iomlán) sa Dáil ar an 21 Eanáir, an chéad lá ag Aire Stáit nua na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tháinig beagnach aon trian den Ghaeilge a labhraíodh an lá sin as béal an Aire Stáit féin.

Bhí an tAire Stáit sa Dáil arís ar an 21 Feabhra, nuair a labhraíodh an líon is mó Gaeilge in aon lá amháin sa tréimhse seo – 4,030 focal (34% den iomlán). 1,551 focal a bhí i gceist le caint O’Donovan agus ba iad an tAire Catherine Martin, Aengus Ó Snodaigh, Marc Ó Cathasaigh agus Mairéad Farrell na Teachtaí eile a rinne píosaí cainte i nGaeilge le linn na díospóireachta sin faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

 

Fág freagra ar 'Níos mó Gaeilge sa Dáil in dhá uair an chloig le linn Seachtain na Gaeilge ná mar a bhí i 19 lá'

  • Déaglán Ó Connachtáin

    Chéap mé riamh go raibh rial sa Dáil, dá gcuireann tú chéist trí Gaeilge chaithfidh an fhreagairt a fháil as Gaeilge chomh maith?

  • Sibéal

    Béarla 99.26% den am.
    Gaeilge 00.76% den am

    Is léir mar sin gur é an Béarla teanga éigeantach de facto na Dála.