Níos lú ná 1% den chaint i nDáil Éireann i nGaeilge – taighde nua

Léiríonn taighde nua atá déanta ag Tuairisc gur i mBéarla a bhíonn os cionn 99% de dhíospóireachtaí na Dála i gcónaí

Níos lú ná 1% den chaint i nDáil Éireann i nGaeilge – taighde nua

Bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge, de réir taighde atá déanta ag Tuairisc ar thaifead oifigiúil na Dála.

De réir an taighde nua seo, as an os cionn 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse seacht seachtaine i mbliana, 12,297 focal a bhí i nGaeilge.

Fágann sin nach raibh i nGaeilge ach 0.76%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn na tréimhse atá i gceist, idir tús an téarma ar an 18 Eanáir agus tús na míosa seo.

De ghnáth seacht nóiméad a thógann sé ar dhuine míle focal a rá. Bunaithe air sin, ar an meán, níos lú ná ceithre nóiméad go leith cainte i nGaeilge a bhí sa Dáil in aghaidh an lae.

Ar laethanta áirithe níos lú ná nóiméad cainte i nGaeilge a bhí i gceist. Ar an gcéad lá den téarma nua, an 18 Eanáir, mar shampla, níor labhraíodh ach 75 focal i nGaeilge.

B’ionann sin agus beagáinín os cionn 30 soicind cainte agus an chaint sin déanta idir ceathrar.

Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí sa leathnóiméad cainte sin, rud a bhíonn fíor i gcás cuid mhaith den chaint i nGaeilge sa Dáil.

Dá gcuirfí i ndiaidh a chéile gach focal Gaeilge a dúradh sa Dáil le linn na tréimhse 19 lá sa taighde, ní bheadh ann ach thart ar uair agus 25 nóiméad an chloig cainte.

45 Teachta Dála a labhair Gaeilge sa tréimhse atá i gceist.

Nuair a rinne Tuairisc taighde mar seo cúig bliana ó shin is ar éigean go raibh aon Ghaeilge á labhairt i nDáil Éireann.

0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann idir Meán Fómhair agus Nollaig 2017 a bhí i nGaeilge.

Cé nach féidir comparáid shlán a dhéanamh idir an dá phíosa taighde, bunaithe ar na figiúirí sin tá ardú áirithe tagtha ar an méid Gaeilge a labhraítear sa Dáil.

Mar sin féin, i mBéarla a bhíonn in os cionn 99% de chaint na Dála i gcónaí.

 

Fág freagra ar 'Níos lú ná 1% den chaint i nDáil Éireann i nGaeilge – taighde nua'

  • Gabriel Rosenstock

    Caithimis amach go deas séimh ar thaobh na sráide iad!

  • Eoghan Ó Néill

    Deacair a chreideadh nach bhfuil ach 1% des na Teachtaí Dála a bhfuil gaelig acu, ach an ea go bhfuil siad chomh dea-bhéasach sin nár mhaithe leo mothucháin na nAnglos a ghoilleadh agus seanteanga ár bphobail a labhairt i nDáil Éireann?

  • Dónall Mór Mac Billings

    (Ar eagla na cinsearachta, arís eile !!!)

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    Facebook/Don MacB Twitter @DonMacBill YouTube @DonallMacB

    —– ‘Níos lú ná 1% den chaint i nDáil Éireann i nGaeilge – taighde nua’ ——

    Scéal grinn eile ón ‘Chóras’

    Easpa SUIME agus an Córas Angla-Mheiriceánach/Iar-Bhreatanach go smior sna aicmí

    Scríobh litir sa Ghaeilge go dtí an tseirbhís phoiblí nó cuir glaoigh gutháin orthu agus gheobhfar freagra sa teanga is ansa leo.

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí. Déan an rud céanna sa ‘Dáil’.

    Labhair í agus mairfidh sí sa ‘Dail’.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bhoil, is foirgneamh de chuid an chóilíneachais atá i dTeach Laighean, nach cinnte go mbeadh cébith ‘obair’ a tharlaíonn ann déanta i dteanga an chóilíneachais.

    Is cosúil nach bhfuil iarracht ar bith déanta le ateangairí a earcú chun saoirse cainte a thabhairt do chainteoirí Gaeilge. Agus, dar ndóighe, níl na cainteoirí Gaeilge chun seasamh a ghlacadh ar son na Gaeilge… Faic déanta i rith sheachtain na Gaeilge ach oiread?