Na Teachtaí Dála agus na páirtithe is mó a labhraíonn Gaeilge sa Dáil

Den 15 Aire sinsearach atá sa Dáil, rinne naonúr píosa cainte i nGaeilge i dtréimhse seacht seachtaine ó thús na bliana, ach níor labhair a bhformhór níos mó ná cúpla abairt

Na Teachtaí Dála agus na páirtithe is mó a labhraíonn Gaeilge sa Dáil

Ní raibh ach ceathrar Teachtaí a labhair níos mó ná míle focal Gaeilge sa Dáil i dtréimhse seacht seachtaine ó thús na bliana.

De réir taighde atá déanta ag Tuairisc ar thaifead oifigiúil na Dála, níor labhraíodh ach thart ar 12,000 focal i nGaeilge ar fad le linn na tréimhse sin agus is ó bhéal an cheathrair chéanna a tháinig os cionn leath de na focail sin.

Ba é Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan is mó a rinne caint i nGaeilge idir tús an téarma ar an 18 Eanáir agus tús na míosa seo, an 2 Márta. Trí huaire a bhí an tAire Stáit, atá sa ról sin ó thús na bliana, ag labhairt sa Dáil ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus 2,576 focal i nGaeilge a dúirt sé.

Ba é urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh an dara duine is mó a rinne caint i nGaeilge sa tréimhse a bhí i gceist agus 1,532 focal Gaeilge a labhair sé, cúpla céad focal níos mó ná an tAire sinsearach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin (1,302).

Ba é leascheannaire Shinn Féin sa Dáil, Pearse Doherty (1,083) an ceathrú Teachta is mó a labhair Gaeilge.

Léiríodh sa taighde nach raibh i nGaeilge ach 0.76% den chaint ar fad a rinneadh sa Dáil le linn na tréimhse seo, breis is 1.6 milliún focal ar fad.

Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin is mó a rinne caint i nGaeilge, de réir an taighde.

Labhair 15 den 36 Teachta Dála atá ag an bpáirtí cúpla focal ar a laghad. 18 Teachta Dála de chuid pháirtithe an Rialtais a rinne píosa cainte i nGaeilge – naonúr ó Fhianna Fáil, seisear ó Fhine Gael agus triúr ón gComhaontas Glas.

Triúr de Theachtaí Dála Pháirtí an Lucht Oibre a rinne giota cainte i nGaeilge, chomh maith le duine amháin ó Aontú (Peadar Tóibín) agus duine eile ó Phobal Seachas Brabús (Bríd Smith). Ní dhearna aon duine ó na Daonlathaithe Sóisialta aon phíosa cainte i nGaeilge.

Chomh maith le hAengus Ó Snodaigh agus Pearse Doherty, bhí Mairéad Farrell Shinn Féin ar cheann de na Teachtaí is mó a labhair Gaeilge (796 focal) agus bhí ceannaire an pháirtí, Mary Lou McDonald (498 focal) ar cheann de na daoine is minice a labhair i nGaeilge. Rinne McDonald píosa cainte i nGaeilge aon lá déag as an 19 lá a scrúdaíodh agus agus bhain giotaí McDonald le hábhair a bhí á bplé sa Dáil ag an am, an chonspóid faoi shíntiús polaitíochta a fuair Paschal Donohue agus an ghéarchéim tithíochta ina measc, seachas le hábhair a bhain le cúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta amháin.

Ba é an Taoiseach, Leo Varadkar an cúigiú duine is mó a labhair Gaeilge sa Dáil le linn na tréimhse seo agus 813 focal san iomlán a labhair sé thar 12 lá. Beagnach leath an oiread sin, 484 focal, a labhair an Tánaiste, Micheál Martin i nGaeilge. Bhí Catherine Connolly (662) agus Marc Ó Cathasaigh (624) freisin i measc an deichniúr Teachtaí is mó a labhair Gaeilge.

Beirt Teachtaí Dála a bhíonn gníomhach maidir le cúrsaí Gaeilge i dTeach Laighean iad Éamon Ó Cuív (FF) agus Pa Daly (SF) ach, de réir an taifid, níor labhair an bheirt ach líon an-bheag Gaeilge sa Dáil sa tréimhse áirithe a bhí gceist leis an taighde.

45 Teachta Dála a labhair Gaeilge sa tréimhse chéanna ach níor labhair ach seisear déag níos mó ná 100 focal.

Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí i bhformhór na cainte a rinne an 28 Teachta Dála eile.

Den 15 Aire sinsearach atá sa Dáil, rinne naonúr píosa cainte i nGaeilge. Seachas Leo Varadkar, Micheál Martin, Catherine Martin agus an tAire Tithíochta Darragh O’Brien, áfach, níor labhair aon duine den chúigear eile – Norma Foley, Stephen Donnelly, Michael McGrath, Simon Harris agus Heather Humphreys – níos mó ná cúpla abairt.

Rinne ochtar eile den 20 aire sóisearach píosa cainte i nGaeilge ach, arís, fíorbheagán a bhí i gceist seachas an mhéid a labhair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan.

Fág freagra ar 'Na Teachtaí Dála agus na páirtithe is mó a labhraíonn Gaeilge sa Dáil'

  • Dónall Mór Mac Billings

    (Ar eagla na cinsearachta arís agus arís eile.)

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    Facebook/Don MacB Twitter @DonMacBill YouTube @DonallMacB

    —– ‘Níos lú ná 1% den chaint i nDáil Éireann i nGaeilge de réir ‘taighde nua’ ——
    Scéal grinn eile ón ‘Chóras’.

    Easpa SUIME agus an Cultúr Angla-Mheiriceánach/Iar-Bhreatanach go smior
    sna Teachtaí meánaicmeacha ag riar an córais chaipitiligh.

    Is beag an seans a bheadh ag an Ghaeilge agus
    Cosc a chur ar dhíshealbhú a theacht i réim sa tír seo.

    Reabhlóid shoisialach agus deireadh a chur leis an Chóras Caipitileach ina iomlán an leigheas !

    Mar a scríobh mé cheana, Sheol litir sa Ghaeilge go dtí an tseirbhís phoiblí nó cuir glaoigh gutháin orthu agus gheobhfar freagra sa teanga is ansa leo.

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí. Déan an rud céanna sa ‘Dáil’.

    Labhair í agus mairfidh sí sa ‘Dail’.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************