Níor cheart neamhaird a dhéanamh den toghchán Eorpach

Beidh an comhoibriú san Eoraip riachtanach chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna atá ag bagairt orainn faoi láthair

Níor cheart neamhaird a dhéanamh den toghchán Eorpach

Uachtarán na Seice, Petr Pavel. Pic: CC-BY-4.0: © European Union 2023– Source: EP

Agus an toghchán Eorpach ag teannadh linn, tá an chuma ar an scéal nach cás leis an rialtas i bPoblacht na Seice é, mórán. De réir na bpobalbhreitheanna, níl sé i gceist ach ag trian den phobal vótáil agus is iad na daoine as cathracha móra a thacaíonn leis an AE, ar a bhformhór, atá chun páirt a ghlacadh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil dóchas maith ag páirtithe an rialtais go mbeidh an bua acusan – tá ag éirí go maith leo i gcomhthéacs na hEorpa, pé rud is féidir a áiteamh faoina gcuid beartas sa bhaile. Níl an freasúra ag díriú mórán ar an toghchán ach an oiread agus dá réir sin níl an feachtas toghchánaíochta rófheiceálach ar na sráideanna.

Ach an bhfuil sé ciallmhar fanacht chomh ciúin seo? De réir na bpobalbhreitheanna, ní chuireann ach 17% den daonra muinín sa rialtas, líon atá an-íseal ar fad. Cúpla cúis faoi deara é sin. Ar an gcéad dul síos, tá cúig pháirtí sa rialtas, idir chinn choimeádacha agus liobrálacha, rud a chiallaíonn go bhfuil sé an-deacair aontú ar pholasaí láidir maidir leis an gcóras cánach, abraimis, nó maidir le ceisteanna cultúrtha ar nós an phósta comhghnéis. Chomh maith leis sin, buaileadh geilleagar na tíre go dona leis an mboilsciú anuraidh agus cé go bhfuil cúrsaí ag feabhsú rud beag faoi láthair, tá deacrachtaí eacnamaíochta ag sciar mór den phobal.

É sin ráite, tá éacht déanta ag an rialtas le déanaí maidir leis an gceist is práinní san Eoraip faoi láthair, is é sin an cogadh san Úcráin.  I ndlúthpháirt le huachtarán na tíre, Petr Pavel, a chaith roinnt blianta mar chathaoirleach ar Choiste Míleata NATO, d’éirigh leo 800,000 sliogán airtléire a aimsiú i dtíortha éagsúla agus tacaíocht airgid a sholáthar ar fud an domhain chun an méid sin a sheoladh chun na hÚcráine. Tá luach ollmhór ag baint leis an mbeart seo, go háirithe tráth a gcuireann Ceann Comhairle Theach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe bac éifeachtach ar thacaíocht mhíleata ón tír sin. Is léir go bhfuil cosantóirí na hÚcráine ag streachailt go mór chun an t-ionróir a stopadh faoi láthair agus cá bhfios cad a bheadh i ndán don Eoraip dá gcaillfidís an cogadh – tar éis an tsaoil, thug Vladimir Putin le fios chomh luath le 2016 “nach ann do theorainneacha na Rúise”.

Ach ní théann an polasaí misniúil eachtrach seo i bhfeidhm ar chuid shuntasach den phobal Seiceach atá níos buartha faoi chúrsaí sa bhaile.  Faoi láthair, tá tacaíocht níos mó ná 30% ag an bpáirtí is mó sa fhreasúra, ANO, atá faoi cheannas ag an mbilliúnaí Andrej Babiš. Tá straitéis dhainséarach ag an bpáirtí pobalach seo, chun na vótálaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis a mhealladh, caitheann siad amhras ar an tacaíocht don Úcráin, á áiteamh gur féidir síocháin a bhaint amach trí stop a chur leis an soláthar arm, rud a chiallódh go mbeadh an bua ag an Rúis i ndáiríre. Anuas air sin, tá an baol ann go rachaidh ANO, tar éis an olltoghcháin in 2025, i gcomhghuaillíocht leis an bpáirtí antoisceach SPD (Saoirse agus Daonlathas Díreach) atá frith-Eorpach amach is amach agus an-bháúil le polasaithe na Rúise.

Is féidir na hathruithe a d’fhéadfadh tarlú tar éis bua ANO a shamhlú níos fearr má chaitear súil ar cad atá ar siúl sa tSlóvaic faoi láthair, tar éis don pháirtí pobalach SMER an bua a fháil san olltoghchán anuraidh. Faoi luas lasrach, chuir an rialtas nua athruithe i bhfeidhm chun smacht a chur ar an gcóras dlí agus anois, tá beartas eile ar na bacáin chun na meáin chumarsáide phoiblí sa tSlóvaic a cheansú. Is soiléir anois go bhfuil an príomh-aire, Robert Fico, ag leanúint sampla Viktor Orbán san Ungáir chun institiúidí an daonlathais liobrálaigh a lagú nó a scrios.

Maidir leis an gcogadh atá go díreach ar thairseach na Slóvaice, ghlac Fico seasamh níos antoiscí ná Orbán féin. Ina aitheasc ar an 24 Feabhra, dhá bhliain tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, d’áitigh sé gurbh iad na “nua-Naitsithe” san Úcráin a thosaigh an cogadh i ndáiríre agus go bhfuil an locht is mó ar NATO de bharr gur chuir siad olc ar an Rúis nuair a ghlac siad le ballstáit nua (an tSlóvaic san áireamh, go paradacsúil) tar éis turnamh an Chumannachais. Ní gá a rá go gcruthaíonn an seasamh seo (atá ar aon dul le bolscaireacht na Rúise) deacrachtaí go leor don chomhoibriú idir tíortha éagsúla i lár na hEorpa, a bhfuil a bhformhór ar mhalairt tuairime.

Ar na cúiseanna sin, níor cheart don rialtas i bPoblacht na Seice (ná i dtíortha eile) dul a chodladh, faillí a dhéanamh sa chumarsáid leis an bpobal, agus fanacht go dtí go bhfaigheann siad an tacaíocht ar ais go míorúilteach.

Níor cheart neamhaird a dhéanamh den toghchán Eorpach ach an oiread – beidh an comhoibriú san Eoraip riachtanach chun dul i ngleic ní hamháin leis an gcogadh, ach lena lán géarchéimeanna eile atá ag bagairt orainn faoi láthair.

Fág freagra ar 'Níor cheart neamhaird a dhéanamh den toghchán Eorpach'