‘Níl sé sásúil’ – imní léirithe faoi mhoill ar fhorbairt polasaí nua don oideachas Gaeltachta

Bhí deireadh le teacht leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta reatha in 2022 ach tá an chuma ar an scéal anois go mbeidh 2025 ann ar a luaithe sula mbeidh polasaí nua ann

‘Níl sé sásúil’ – imní léirithe faoi mhoill ar fhorbairt polasaí nua don oideachas Gaeltachta

Tá imní léirithe faoin moill atá ar fhorbairt polasaí nua don oideachas sa Ghaeltacht.

Sheol an Roinn Oideachais an Polasaí don Oideachas Gaeltachta in 2017 agus cé go raibh sé i gceist go dtiocfadh deireadh le tréimhse an chéad pholasaí in 2022, cuireadh sin siar dhá bhliain de dheasca na paindéime Covid-19. D’fhág sin go raibh deireadh le teacht le tréimhse an chéad pholasaí i mbliana, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais chun bliain eile a chur leis. D’fhágfadh sin go mbeadh 2025 ann ar a luaithe sula mbeidh polasaí nua ann.

Deir an Teachta Neamhspleách Catherine Connolly go raibh dóthain ama caite ag foghlaim “ceachtanna” an chéad pholasaí agus gur cheart go mbeadh polasaí nua á ullmhú bunaithe ar na ceachtanna sin.

Lorg an Teachta Dála soiléiriú ón Aire Oideachais maidir le forbairt an pholasaí nua ach, seachas a rá go raibh taighde agus measúnú ar bun ag a Roinn, níor thug an tAire Foley le fios cén uair a bheadh an polasaí nua réidh.

“Ní dóigh liom do dtuigeann an tAire an tábhacht atá le polasaí don oideachas sa Ghaeltacht,” arsa an Teachta Connolly le Tuairisc.

“Bhí síneadh ama i gceist ach fós níl dáta luaite leis an bpolasaí nua. Ba chóir go mbeadh an taighde críochnaithe faoin am seo nó go mbeadh dáta againn. Níl aon sonraí tugtha aici maidir le céard é an chéad chéim ó thaobh an pholasaí.”

Mar chuid den pholasaí, cuirtear tacaíocht bhreise ar fáil do scoileanna a aithnítear faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Tá 103 bunscoil agus 29 iarbhunscoil aitheanta mar scoileanna Gaeltachta faoin scéim faoi láthair.

Dúirt an tAire Foley go raibh na scoileanna atá ag glacadh páirt sa scéim curtha ar an eolas go mbeadh an tacaíocht bhreise ag leanúint ar aghaidh don chéad scoil bhliain eile, 2024/2025.

Deir Catherine Connolly go bhfuil an Roinn ag iarraidh síneadh eile a chur leis an bpolasaí gan é sin a fhógairt go poiblí.

“Ní saineolaí mé ach níl sé sásúil leanúint ar aghaidh ar an gcaoi chéanna,” ar sí.

“Bhí tréimhse ama leagtha amach agus ansin bhí síneadh ama i gceist mar gheall ar Covid, síneadh ar ghlac mé leis, ach tá gá anois le dáta.

“Ba chóir go mbeadh sin leagtha amach sa bhfreagra ag an Aire. Bhí an freagra beagáinín maslach i ndáiríre agus beidh mé ag dul ar ais le tuilleadh ceisteanna.”

Dúirt an tAire Foley go raibh staidéar ar bun ag an bhForas Taighde ar Oideachas chun tionchar agus éifeacht na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a mheas agus go raibh tuairimí tuismitheoirí, daltaí, múinteoirí agus príomhoidí á mbailiú. Dúirt sí go bhfoilseofaí na torthaí “in am trátha”.

“Bhí mé i gcónaí dearfach faoin bpolasaí,” a deir Connolly. “Go teoiriciúil, bhí sé iontach ach, go praiticiúil, caithfidh muid fáil amach céard atá bainte amach agus céard atá foghlamtha. Cá bhfuil ár dtriall anois?”

Tá an Roinn Oideachais freisin ag obair ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach, dála an pholasaí nua Gaeltachta, níl aon chinnteacht ann maidir le cén uair a fhoilseofar é.

Fág freagra ar '‘Níl sé sásúil’ – imní léirithe faoi mhoill ar fhorbairt polasaí nua don oideachas Gaeltachta'

  • Múinteoir Iarbhunscoile

    Déarfaidh mé an méid seo : is furasta aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta….!

  • Mícheál Ó B.

    Go dté go bhfuil síneadh leis? Carachtair nach bhfuil an obair déanta acaibh?

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    Tá fadhb mhór ag an dara leibhéal a déarfaidh aon tuismitheoir sa Ghaeltacht atá ag déanamh iarracht an Ghaeilge a bheith mar theanga baile.
    Tá leanaí áirithe a bhfuil cónaí orthu i gceantar Gaeltachta ar feadh a saoil nach bhfuil in ann cumarsáid chuí a dhéanamh trí Ghaeilge nuair a shroicheann siad an dara leibhéal. Ar deireadh bíonn furmhór na scoláirí ag labhairt i mBéarla go sóisialta. Fiche bliain ó shin aithníodh an fhadhb seo ins an Staidéar Cuimsitheach ach faraor tá an scéal imithe in olcas ó shin.
    Ní fheicim aon tionchar ag an bPolasaí OIdeachais don Ghaeltact ar réiteach na faidhbe seo. Is cúis mhaslaigh é seo dos na tuismitheoirí atá ag déanamh iarracht an Ghaeilge a choinneáil beo sa ceantair.

  • Orla Uí Chatháin

    Gan dabht Pháidín, mar thuismitheoir atá ag tógáil mo chuid páistí le Gaolainn, níl aon tionchar dearfach ag an bpolasaí don oideachas gaeltachta. Tá teagasc as Béarla ar siúl ag roinnt scoileanna gaeltachta agus é ag tarlúint de bharr príomhoidí gur beag a meas ar an nGaolainn. Muna leagann an roinn oideachais píonós ar na príomhoidí seo, leanfad siad ar aghaidh. Níl siad i dteideal a bheith sa ról agus beag ‘s fiú á dhéanaig don Ghaolainn.

  • Liam Mac S.

    10 milliún nó níos mó caite ar an rud seo agus fós roinnt boird bainistíochta agus príomhoidí i scoileanna Gaeltachta ag earcú Béarlóirí mar gur cairde agus comharsain leo iad. Níl ar chumas na bpáistí scrúdaithe stáit a shuígh as Gaeilge de bharr roinnt príomhoidí ag earcú Béarlóirí mar mhúinteoirí agus cailleann páistí amach ar phointí bónais san Ardteist agus ar chúrsaí tríú leibhéal. Cás ag teaghlaigh Gaeltachta cásanna dlí a ghlacadh i gcoinne scoileanna agus cúitimh a lorg.