Neamhchinnteacht ann go fóill maidir le cén uair a bheidh polasaí oideachais Gaeilge nua réidh

Tá an Roinn Oideachais ag obair ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le trí bliana anuas ach deir an tAire Norma Foley nach fios go fóill cén uair a fhoilseofar é

Neamhchinnteacht ann go fóill maidir le cén uair a bheidh polasaí oideachais Gaeilge nua réidh

Tá ráite ag an Aire Norma Foley nach fios go fóill cén uair a fhoilseofar polasaí oideachais do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá an Roinn Oideachais ag obair ar an bpolasaí ó d’fhógair an t-iarAire Joe McHugh ag tús 2020 go raibh a leithéid le forbairt.

Dúirt an tAire Foley gurb í an chéad chéim den obair sin anailís a dhéanamh ar an eolas atá bailithe mar chuid de phróiseas comhairliúcháin. Braithfidh “fráma ama” an pholasaí ar a fhaid a thógfaidh an obair anailíse, a mhaígh an tAire.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Catherine Connolly, dúirt an tAire Foley go dtógfaidh an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar an méid atá bainte amach ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, atá á chur i bhfeidhm ó 2017.

Bhí an próiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh mar chuid d’fhorbairt an pholasaí oscailte idir mí Dheireadh Fómhair 2022 agus mí Eanáir na bliana seo agus tá deireadh le teacht le gairid leis an dara céim den chomhairliúchán, mar ar reáchtáladh grúpaí fócais le páistí, daoine óga, tuismitheoirí agus oideachasóirí chun a dtuairimí a fháil.

Tá an tríú céim den chomhairliúchán le tosú go luath agus cruinnithe le reáchtáil le páirtithe leasmhara.

SEALBHÚ, an t-ionad taighde don oideachas Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a dhéanfaidh anailís ar an eolas a bailíodh le linn an chomhairliúcháin.

Dúirt an tAire Foley go bhfuil sí “an-sásta leis an méid suime atá léirithe sa chomhairliúchán go dtí seo” agus le líon na bhfreagraí a fuarthas.

“Braithfidh an fráma ama a bhainfidh le forbairt an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar an méid ama atá de dhíth le hobair na hanailíse do na trí thréimhse a chur i gcrích. Pléifear é sin leis an gCoiste Stiúrtha in am trátha,” a dúirt sí.

Mhaígh an tAire go mbeadh an polasaí nua “mar chéim thábhachtach eile i dtreo ghealltanas Chlár an Rialtais maidir le forbairt an pholasaí chuimsithigh don Ghaeilge sa chóras oideachais a chomhlíonadh”.

Tá Conradh na Gaeilge i measc na n-eagraíochtaí a deir gur chóir don Rialtas díriú ar “mhórphlean” don Ghaeilge sa chóras oideachais, a chuimseodh gach rud ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Rinne an tAire Oideachais cur síos anuraidh ar phríomhspriocanna an pholasaí nua, ina measc go gcuirfí le líon na ndaltaí a bheadh ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, go mbeadh níos mó daoine le hardchaighdeán Gaeilge ag obair san earnáil oideachais lán-Ghaeilge agus go mbeadh córas ann chun níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a chruthú.

Ach i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais mar chuid d’ullmhú an pholasaí nua, dúradh gur dócha nach mbeidh ach “deiseanna teoranta” ann Gaelscoileanna nua a bhunú sna blianta amach romhainn.

Bhí laigí an tsoláthair gaeloideachais soiléir sa tuarascáil chéanna, go háirithe ó thaobh líon na ndaltaí a théann ar aghaidh ó ghaelscoil go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

De réir na tuarascála, a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite, ní dheachaigh ach 36% de na ndaltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Neamhchinnteacht ann go fóill maidir le cén uair a bheidh polasaí oideachais Gaeilge nua réidh'

  • Gabriel Rosenstock

    Béarfaidh bó éigin lao éigin lá éigin.

  • Seán ÓM

    Maáchuireann mórán cainteoirí Gaeilge a gcuid smaointí isteach sna suirbhéanna seo – tógfaidh sé mórán ama mar gheall ar an méid freagraí a fuaireadh.

    Má chuireann beagán cainteoirí Gaeilge freagraí isteach – tógfaidh sé mórán ama mar nach bhfuil tosaíocht ag an ábhar de bharr easpa spéise.

    Seans maith go mbeidh an próiseas críochnaithe nuair atá aire oideachais nua san oifig.