Níl sé ‘inghlactha’ gur chuir an DUP cruinniú thuaidh-theas faoin nGaeilge ar ceal – Aire Pobal

Cuireadh ar ceal ag an nóiméad deiridh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga toisc nach raibh aire de chuid an DUP ar fáil

Níl sé ‘inghlactha’ gur chuir an DUP cruinniú thuaidh-theas faoin nGaeilge ar ceal – Aire Pobal

Deir an tAire Pobal Deirdre Hargey nach raibh sé inghlactha gur chuir an DUP cruinniú faoi theangacha den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar ceal.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, cuireadh ar ceal ag an nóiméad deiridh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga a bhí socraithe don 31 Márta toisc nach raibh aire de chuid an DUP ar fáil.

“D’ardaigh mise an cás ag cruinniú den Fheidhmeannas inné, gur theip ar aire de chuid an DUP freastal ar chruinniú faoi theangacha,” arsa Deirdre Hargey, aire de chuid Shinn Féin.

“Léirigh mé go neamhbhalbh nach bhféadfaí glacadh leis sin.

“Is cuid lárnach de na hinstitiúidí polaitiúla a cruthaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta iad na forais thuaidh/theas. Ní faoi na hAirí Aontachtacha rogha a dhéanamh faoi cad iad na cruinnithe nó na struchtúir a mbeidh siad páirteach iontu, is dualgas atá ann agus caithfear é a chomhlíonadh,” a dúirt an tAire Hargey.

Cuireadh an cruinniú ardleibhéil ar ceal tráth a bhfuil sé ina imní mhór gurb é an comhoibriú thuaidh-theas a bheidh thíos le feachtas an DUP in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta.

Ní raibh oifig an aire a bhí i gceist, Gordon Lyons, sásta aon mhíniú a thabhairt do Tuairisc.ie ar an gcúis gur tharraing sé siar ón gcruinniú seachas go ndúirt sé féin nach raibh sé ar fáil.

Ní rabhthas sásta ach oiread aon deimhniú a thabhairt go bhfreastalódh an tAire Lyons ar an gcruinniú nuair a reáchtálfaí arís é.

“Dúirt an tAire nach raibh sé ar fáil don chruinniú. Tá dáta le socrú don chruinniú agus rachfar i dteagmháil leis na hAirí féachaint an mbeidh siad ar fáil,” a dúirt urlabhraí ó Oifig an Fheidhmeannais, an oifig ina bhfuil Gordon Lyons lonnaithe.

Bhíothas ag súil go mbeadh faomhadh le fáil ó CATT ag an gcruinniú sin do chathaoirleach nua ar Fhoras na Gaeilge agus an eagraíocht trasteorann fágtha gan chathaoireach ó dheireadh na bliana seo caite.

Fág freagra ar 'Níl sé ‘inghlactha’ gur chuir an DUP cruinniú thuaidh-theas faoin nGaeilge ar ceal – Aire Pobal'