Cruinniú thuaidh-theas faoin nGaeilge curtha ar ceal mar nach raibh an DUP ‘ar fáil’ 

Cuireadh cruinniú ardleibhéil faoi chúrsaí teanga ar ceal tráth a bhfuil sé ina imní mhór gurb é an comhoibriú thuaidh-theas a bheidh thíos le feachtas an DUP in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta

Cruinniú thuaidh-theas faoin nGaeilge curtha ar ceal mar nach raibh an DUP ‘ar fáil’ 

Cuireadh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga ar ceal ag an nóiméad deireanach an tseachtain seo caite mar go ndúirt aire de chuid an DUP nach mbeadh sé ar fáil le freastal air.

Cuireadh an cruinniú ardleibhéil ar ceal tráth a bhfuil sé ina imní mhór gurb é an comhoibriú thuaidh-theas a bheidh thíos le feachtas an DUP in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta.

Ní raibh oifig an aire a bhí i gceist, Gordon Lyons, sásta aon mhíniú a thabhairt do Tuairisc.ie ar an gcúis gur tharraing sé siar ón gcruinniú seachas go ndúirt sé féin nach raibh sé ar fáil.

Ní rabhthas sásta ach oiread aon deimhniú a thabhairt go bhfreastalódh an tAire Lyons ar an gcruinniú nuair a reáchtálfaí arís é.

“Dúirt an tAire nach raibh sé ar fáil don chruinniú. Tá dáta le socrú don chruinniú agus rachfar i dteagmháil leis na hAirí féachaint an mbeidh siad ar fáil,” a dúirt urlabhraí ó Oifig an Fheidhmeannais, an oifig ina bhfuil Gordon Lyons lonnaithe.

Dheimhnigh an bheirt airí eile a bhí le bheith ag an gcruinniú do Tuairisc.ie go raibh siadsan ar fáil.

Dúirt urlabhraithe ó oifig Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, agus Oifig Aire Pobal Stormont, Deirdre Hargey, go raibh siadsan ar fáil don chruinniú faoi chúrsaí Gaeilge agus Ultaise a bhí in ainm is a bheith ar siúl in Ard Mhacha Dé Céadaoin seo caite.

Dheimhnigh siad beirt chomh maith go raibh sé i gceist acu freastal ar an gcruinniú nuair a d’eagrófaí arís é.

Ní raibh ach cruinniú amháin den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas [CATT] faoi chúrsaí teanga le cúig bliana anuas, i mí na Samhna seo caite.

Ní raibh  aon chruinnithe CATT ann idir 2016 agus 2020, nuair a athbhunaíodh Feidhmeannas Stormont.

Ceal aon mhíniú eile ar an scéal, is cinnte go gcuirfidh cinneadh an Aire Lyons tarraingt siar ón gcruinniú ag an nóiméad deireanach leis an amhras go bhfuil an DUP meáite ar an mbonn a bhaint de na socruithe trasteorann.

Cruinniú earnála den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas a bhí beartaithe don Chéadaoin seo caite, mar a rabhthas chun ainmniúchán an Chathaoirligh nua ar Bhord Fhoras na Gaeilge a cheadú.

An t-aire nó an t-aire stáit atá freagrach as an earnáil – Jack Chambers sa chás seo – a dhéanann ionadaíocht thar ceann Rialtas na hÉireann ag na cruinnithe CATT seo.

Ainmníonn an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire beirt Airí ar bhonn trasphobail chun ionadaíocht a dhéanamh ar an bhFeidhmeannas in Stormont.

Go hiondúil an tAire a bhfuil cúram na hearnála sin air nó uirthi sa bhFeidhmeannas duine den bheirt sin –  Deirdre Hargey sa chás seo.

Faoi réir cheanglais Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus an Achta um Thuaisceart Éireann 1998 ní mór aon rannpháirtíocht a bhíonn ag an bhFeidhmeannas sa  Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas a bheith ar bhonn trasphobail. 

I ndiaidh gach cruinniú earnála, eisíonn an Chomhairle comhráiteas agus cuirtear na meáin ar an eolas faoinar pléadh agus ar aontaíodh ag an gcruinniú. Bhíothas ag súil an tseachtain seo caite le fógra faoi chathaoirleach nua Bhord Fhoras na Gaeilge.

Tá Bord na heagraíochta trasteorann gan aon chathaoirleach ó dheireadh na bliana seo caite nuair a tháinig deireadh le tréimhse Phóil Uí Ghallchóir sa chathaoir i Sráid Amiens.

Bhíothas ag súil beannacht na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas a fháil d’ainmniúchán an Chathaoirligh nua ag an gcruinniú a bhí beartaithe don tseachtain seo caite.

 Tá ceapachán amháin eile le déanamh ar Bhord Fhoras na Gaeilge chomh maith agus tá ceithre fholúntas le líonadh ar Ghníomhaireacht na hUltaise.

Fág freagra ar 'Cruinniú thuaidh-theas faoin nGaeilge curtha ar ceal mar nach raibh an DUP ‘ar fáil’ '

  • Bríd de Gallaí

    Cé bheas ceapthaí ina Rí ná Gaeilge, más ea? An bhfuil na ráflaí cloiste ag tuarisc?