Níl ní ar bith ‘is fiúntaí’ ná beatha daoine a shábháil

Cur amú ama agus cur uisce i scáthlán is ea a bheith ag míniú leas an phobail do na mé féinigh a cheapann gur as a dtóin a éiríonn an ghrian

Níl ní ar bith ‘is fiúntaí’ ná beatha daoine a shábháil

Bhí sé bliain an deireadh seachtaine seo caite ó tugadh faoi deara Covid-19 in Éirinn den chéad uair. Fear óg a tháinig as an Iodáil a d’iompair chugainn é. An deireadh seachtaine ina dhiaidh sin bhí cluiche rugbaí le bheith idir Éirinn agus an Iodáil i mBaile Átha Cliath. Cuireadh an cluiche ar ceal.

Ba chiallmhar an beart é ach milleadh ansin é nuair a tugadh cead do shlua de leantóirí rugbaí na hIodáile a theacht go Baile Átha Cliath.

Dúirt an Dr Jack Lambert as ospidéal an Mater nár cheart é a dhéanamh ach níor thug an rialtas toradh ar bith ar a chomhairle. Ba mhó go mór an aird a bhí acu ar achainí lucht gnó, go háirithe an dream a raibh óstáin acu.

Cén bhrí ach ba as ceantar i dtuaisceart na hIodáile a tháinig an chuid ba mhó de na leantóirí rugbaí. Ansin a tugadh faoi deara an víreas san Iodáil i dtosach. Ceantar mór tionsclaíochta é a ndéantar tráchtáil as éadan as leis an tSín. Cén fáth nár stopadh na hIodálaigh ag aerfort Bhaile Átha Cliath?

Dúirt an tAire Shane Ross ag an am nach bhféadfaí é a dhéanamh. Níor mhínigh sé cén bunús a bhí leis an gcaint sin ach tá sé ionann is a bheith cinnte go raibh an rialtas ag coinneáil súil ghéar ar an dearcadh a bhí ag maorlathaithe Aontas na hEorpa.

Tá aicme cheannais na Poblachta seo againne faoi gheasa ag maorlathaithe na Bruiséile. Ní mar sin a bhíonn ceannairí na Gearmáine ná na Fraince i gcónaí. Lúbann siadsan na rialacha de réir mar a fheileann dóibh féin.

Níl sé i bhfad ó dhún an Ghearmáin cuid de theorainneacha na tíre sin. Thug an tAire Gnóthaí Baile, Horst Seehofer, dúshlán lucht na Bruiséile. Sláinte an phobail atá ar bharr an liosta againne a dúirt sé leo.

Tharla eachtraí náireacha eile freisin ó shroich Covid-19 Éire iathghlas oileánach.

Tháinig Phil Hogan ar cuairt, chuaigh sé ar seachrán ar fud na tíre gur thuirling sé ar ghalfchúrsa Bhaile Conaola.

Siar leis ansin don Chlochán gur shuigh sé abuil daoine móra eile ag placadh sólaistí.

Níorbh é an t-aon pholaiteoir amháin é a rinne ceap magaidh dínn ar an ócáid chéanna.

Dlíthe géara agus iad a chur i bhfeidhm gan trua gan taise ab fhearr a d’fheilfeadh le muid a chosaint ar an víreas marfach.

Rinne mé cur síos anseo cheana ar an modh oibre a bhí agus atá acu i gCúba.

Chomh luath agus a thugtar duine faoi deara a bhféadfadh sé go bhfuil an galar tolgtha aige, cuirtear an duine sin in “ionad leithlise” stáit ar feadh cheithre lá dhéag. Ní bhíonn aon ghlacadh le cuibhriú baile.

Cur amú ama agus cur uisce i scáthlán, nó i síothlán, is ea a bheith ag míniú leas an phobail do na mé féinigh a fáisceadh as an rachmas agus a cheapann gur as a dtóin a éiríonn an ghrian.

Tóg an dream nach bhfuil aon sásamh sa saol acu gan a dhul ar saoire go tír ghréine thar lear. Cuimhnigh ar an gcleas tútach a bhí acu le cead taistil a fháil. 

Thosaigh siad ag ligean orthu féin gur coinne le fiaclóir a bhí déanta acu. Is gearr gur thosaigh fiaclóirí in Tenerife ag tabhairt faoi deara go raibh na coinní á ndéanamh ach nach raibh na hÉireannaigh ag teacht chomh fada leo.

Dream eile ar cheart ceansú a chur iontu is ea lucht cluichí agus rásaíochta. Rinne an ceiliúradh a bhí ag foirne peile ar fud na tíre an-dochar. Bhí baint ag an gcluiche idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath leis an ruaig ghránna den víreas a tharla thart ar Bhéal an Mhuirthead.

Níor cuireadh rásaí capall Cheltenham ar ceal anuraidh. Chonaic muid ar an teilifís na sluaite Éireannach ag ceiliúradh, ag rancás agus ag bualadh barróige ar a chéile.

An bhfuil aon duine a cheapadh nár thug cuid acu sin an víreas anall leo?

Rud eile nach raibh ciall ná réasún leis an chaoi ar maolaíodh na rialacha i gcomhair na Nollag. Caithfidh daoine Nollaig fhiúntach a mbeidh brí léi a bheith acu a dúradh.

Shílfeá nach mbeadh ní ar bith ab fhiúntaí ná beatha daoine a shábháil.

Bheifeá ag súil go dtabharfadh an Eaglais Chaitliceach treoir sa gcás sin. Mheasfá gur cheart dóibh a rá go n-éileodh an Chríostúlacht íobairt agus troscadh i rith na Nollag ar son grá Dé agus grá don chomharsa.

Ina áit sin bhí cuid de na sagairt ag éileamh go bhfágfaí na séipéil oscailte agus iad ag cur a nga gig amach ag súil le tuilleadh daoine a mhealladh isteach iontu.

Fág freagra ar 'Níl ní ar bith ‘is fiúntaí’ ná beatha daoine a shábháil'