Tá sé an-tábhachtach, cloistear dom, do chuid téarmaí tagartha a leagan amach sula dtugtar faoi aon togra. Chuige seo, bhí scónaí úra ón mbácús geallta agam do mo chomrádaithe beaga ach a bheith sách socair agus muid istigh ag fanacht ar an dochtúir.
‘OK, tá mé dháiríre anois. Má tá sibh ag iarraidh scónaí agus im agus subh orthu nuair a ghabhfaidh muid abhaile ná bígí ag dreapadh ar na cathaoireacha,’ a dúirt mé sa gcogar ba oilce is a bhí mé in ann a dhéanamh gan mo ghlór a ardú tar éis fiche nóiméad sa seomra feithimh.
‘Ach ní raibh mise ag dreapadh AR na cathaoireacha,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga ar ais liom i gcogar dá cuid féin.
‘Ní raibh mise ach ag imeacht FAOI na cathaoireacha,’ a dúirt sí agus í spréachta ag an éagóir a bhí déanta agam uirthi.
‘Ní raibh mise ag dreapadh ach an oiread,’ a dúirt an Cailín Mór Beag. ‘Ag casadh timpeall a bhí mise,’ a dúirt sí agus miondifríochtaí tábhachtacha á soiléiriú aici dom.
Comhairle eile atá cloiste agam ná a bheith soiléir agus socair i gcónaí. Nó, i bhfocail eile, ná caill é.
Inis do na páirtithe leasmhara ar fad cén t-iompar atá ag teastáil. Bí réasúnta i do chuid cainte. Inis dóibh cén dea-thoradh a bheidh ar chomhoibriú agus ná bain úsáid as bagairtí, ná pionóis.
‘Cíbe céard a bhí sibh a dhéanamh, stopaigí anois é, coinnigí bhur dtóineanna ar na cathaoireacha agus bígí socair, sin é an méid atá mé a iarraidh oraibh!’ a d’fhógair mé orthu agus mé maraithe ag déanamh trua dom féin.
Bhreathnaigh siad orm amhail is go raibh mé imithe beagáinín thar fóir. Nuair a chuimhním siar anois air, is dócha go raibh an ceart acu
‘Ach Mamaí,’ a dúirt an Cailín Mór Beag.
‘Fuist!’ a dúirt mé go mífhoighdeach.
‘Caithfidh mé rud éicint TÁBHACHTACH a rá leat,’ a mhínigh sí.
‘Abair ar ball é,’ a dúirt mé.
‘Ach tá sé AN-TÁBHACHTACH!’ a dúirt sí.
‘OK, abair sciobtha é, mar sin,’ a dúirt mé agus fonn orm féin dul ag lámhacán faoi na cathaoireacha faoin am seo agus spota ciúin éicint a aimsiú dom féin.
‘Má chuireann tú do chosa suas ar an gcathaoir agus casadh timpeall, ach do thóin a bheith fágtha ar an gcathaoir, an bhfuil cead againn é sin a dhéanamh?’ a d’fhiafraigh sí díom go lom dáiríre.
Bhreathnaigh mé go grinn uirthi.
Mise Áine
Polaiteoirí beaga ansin agat, a Bhridget :)
Ainrialaí
Measaim féin, in ainneoin an-mheas go deo a bheith agam ar Bhridget, go bhfuil míthuiscint bhunúsach i gceist anseo agus GO BHFUIL cead dreapadh ar na cathaoireacha. Nach chuige sin iad?