‘Níl barúil na ngrást a’m céard ‘tá tú a rá, Nicky Byrne!’

Má tá cláracha Béarla chun abairtí Gaeilge a bheith acu ‘déanaidís i gceart é’ a deir Marion Ní Shúilleabháin, craoltóir le RnaG

Nicky Byrne
Nicky Byrne ó 2fm

Ní ag iarraidh a bheith drochbhéasach a bhí an léitheoir nuachta Marion Ní Shúilleabháin nuair a chuaigh di ceist ón láithreoir Nicky Byrne a fhreagairt ar 2FM inné.

Ní raibh ann ach nár thuig sí an méid a bhí le rá i nGaeilge ag an bhfear a bhíodh ar stáitse le baill eile Westlife tráth.

Tarraingíodh aird ar chomhrá gonta idir bean RTÉ RnaG agus fear 2FM ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RnaG tráthnóna inné (éist leis an gcomhrá thuas).

Tá sé mar nós ag Nicky Byrne le tamall anuas abairt nó ceist bheag Ghaeilge a chaitheamh chuig léitheoirí nuachta RnaG a bhíonn ag léamh na nuachta ar stáisiúin raidió eile RTÉ ó mhí Mheán Fómhair seo caite.

Pictiúr - poiblíochta (1)
An craoltóir ó RnaG, Marion Ní Shúilleabháin

Ach ní go rómhaith a d’éirigh le Nicky inné nuair a d’fhiafraigh sé de Mharion Ní Shúilleabháin, “Chun an lá císte idirnáisiúnta, cad é do chíste is fearr leat?”

“Níl barúil na ngrást agam céard ‘tá tú a rá, a Nicky Byrne!” a dúirt bean RnaG.

Ní léir gur bhain deisbhéalaíocht Mharion aon tuisle as Byrne.

“OK. Iontach!” a dúirt sé nuair nár freagraíodh a cheist.

Is cosúil gur ag tagairt do Lá Idirnáisiúnta na gCístí, ar deineadh ceiliúradh inné air, a bhí an Brúnach.

Agus an comhrá idir an bheirt chraoltóirí á phlé inné ar Cormac ag a Cúig, dúirt Uinsionn Mac Dubhghaill, ceannaire Aonad na Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go mba cheart moladh a thabhairt do Nicky Byrne as “iarracht a dhéanamh” Gaeilge a labhairt, agus fágadh faoi éisteoirí an chláir a mbreithiúnas féin a thabhairt ar an gcomhrá.

Ach dúirt Marion Ní Shúilleabháin le Tuairisc.ie nárbh fhéidir léi ciall a bhaint as caint Nicky Byrne agus nach ag iarraidh a bheith drochbhéasach leis a bhí sí.

Dúirt sí, áfach, go mbeadh sí ag súil go ndéanfaí cúram níos fearr don Ghaeilge ar 2FM agus má bhí Gaeilge le labhairt ag láithreoirí ar bheagán Gaeilge gur cheart go gcloífidís le habairtí simplí agus gan bacaint le ráitis chasta.

Dúirt an craoltóir ó RnaG go bpléann sí roimh ré le lucht an Nicky Byrne Show an abairt Ghaeilge atá le rá ag an láithreoir, ach nár éirigh léi teacht ar éinne acu inné nuair a ghlaoigh sí ar an stáisiún.

“Níl aon locht agam ar an gcoincheap ná air féin [Nicky Byrne], ach má tá siad chun é a dhéanamh déanaidís i gceart é,” a dúirt Marion Ní Shúilleabháin.

Thug an craoltóir le fios nach raibh aon “fhadhb” aici leis an socrú nua faoina léitear ó RnaG i gCasla an nuacht i nGaeilge ar stáisiúin raidió eile RTÉ.

Tuigtear do Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil míshástacht i measc bhaill foirne RnaG faoin ‘drochmheas’, dar leo, a léiríonn láithreoirí áirithe in RTÉ ar a gcomhghleacaithe sa stáisiún Gaeilge.

Is é an bealach míshlachtmhar a fhoghraítear ainmneacha agus sloinnte léitheoirí nuachta Gaeilge ar chláracha áirithe Béarla is mó a bhí ag cur as do dhaoine i gCasla.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur pléadh an cheist seo le bainistíocht RnaG agus ag leibhéal an cheardchumainn.

Is iad na léitheoirí nuachta Gaeilge a chuireann iad féin i láthair anois ar chláracha ar nós The Nicky Byrne Show agus The Derek Mooney Show.

Fág freagra ar '‘Níl barúil na ngrást a’m céard ‘tá tú a rá, Nicky Byrne!’'

  • Eoghan Ó Loideáin

    Breathnaíonn sé go bhfuil an lucht ar aistritheoir ‘Google’ anseo arís!

    Nuair a chuirtear isteach an abairt thuas tagann an bunleagan amach –

    “For international cake day, what is your favorite cake?”

    Nach bhfuil a fhios acu nár ith muintir Chonamara píosa ‘císte’ ar iamh!

    Mo náire lucht 2FM a ‘chur i bfheidhm’ í!

  • Séin Ó Maonaigh

    Measaim féin go raibh sí cineál borb le Nicky. Ní thuigim cén fáth nàr iarr sí air an cheist a chuir uirthi arís nó a mhíniú rúinín. Is minic a ndéanann foghlaimeoir mancóg is iad ag labhairt. Caithfear a bheith foideach leis an té atá ag déanamh iarracht.

    • Darragh Ó Chaoimh

      Ní dóigh liom gur thuig sé an freagra a thug sí dó. Cheapfainn féin gur cheap Nicky Byrne gur saghas císte a bhí i gceist le ” barúil na ngrást ” !

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    Tá sé áiféiseach go bhfuil láthreoirí fostaithe ag RTÉ nach bhfuil in ann ainmneacha a gcomhghleacaithe a rá i gceart agus nach gá dóibh ar a laghad an stró a chur orthu féin an cúpla ainm Gaeilge a bhíonns i gceist a fhoghlaim.

  • Cuairteoir

    Aontaím gur chóir láithreoirí Béarla RTÉ ainmneacha a gcomhghleacaithe a rá i gceart ach measaim go bhféadfadh na láithreoirí Gaeilge píosa spraoi bheith acu le leithéidí Niocaí 2FM nuair a dhéanann sé ‘iarrachtaí’ mar sin thuas.

  • Cuairteoir Eile

    A Chuairteoir, a chara,

    Bíonn píosa spraoi ag na láithreoirí Gaeilge i Raidió na Gaeltachta le Nicky agus leis na láithreoirí eile i 2FM, ach nuair nach dtuigeann siad an méid atá dhá rá, cén chaoi ar féidir leo an spraoi sin a bheith acu? Níl ann ach Gaeilge cheart a chur ar na habairtí a bhíonn dhá rá, agus beidh chuile rud ina cheart!

  • padraig o muircheartaigh

    Ta nicky ar bheagan gaeilge ach an te a dheanann iarracht chun an beagan a usaid is duine ionraic spreaguil e agus ta failte ui cheallaigh roimh gach iarracht cuma ce chomh lag is ata si. ni masla e do mhuintir na gaeltacha ach ta leithsceal ag gabhail do nicky

  • Rob Mac Giollarnáth

    Tuigim féin an drochmheas is féidir a léamh ón scéal ach ag an am céanna nach bhfuil sé níos tábhachtaí gach duine a mhealladh chuig an nGaeilge seachas iad a cháineadh? Is léir nach raibh an fear bocht ag iarraidh masla a thabhairt don teanga nó don léiritheoir ach i ndáiríre bhí sé ag iarraidh Gaeilge a bheith páirteach san scéal (in ainneoin nach raibh mórán Gaeilge aige). Mar sin caithfidh daoine a bheith oscailte agus fáiltiúil. Rud amháin eile d’fhreagair Marion an cheist agus bhain sí úsáid as rud fíor-chanúnach ‘níl barúil na ngrást’, frás nach mbeadh ar eolas ar an-chuid daoine? An bhfuilimid ag iarraidh droichead nó bac a thógáil idir lucht na Gaeilge agus foghlaimeoirí? Cén fáth nach ndúirt sí rud éigin ar nós ‘o cáca milis ab ea’? Rud atá sothuigthe agus ansin bheidís in ann comhrá bheag a bheith acu. Rud a bheadh i bhfad níos fearr!