Níl Baile Átha Cliath chun codladh na hoíche a chailliúint mar gheall ar dhá phointe sraithe

Tá go leor de ghrágaíl, de mheirg is de dhríodar an gheimhridh le braistint i taispeántais Átha Cliath go dtí seo is féidir leo na nótaí binne a aimsiú nuair a théann siad á gcuardach

Níl Baile Átha Cliath chun codladh na hoíche a chailliúint mar gheall ar dhá phointe sraithe

Tar éis a mbua seacht bpointe ar Ros Comáin i bPáirc a’ Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn seo caite, bheadh sé chomh maith ag Áth Cliath leanúint orthu ag buachtaint in aghaidh Chiarraí san áit chéanna anocht.

Le dhá chluiche as baile in aghaidh Dhoire agus na Gaillimhe ag teacht do churaidh uile-Éireann ina dhiaidh seo, ní bheinn ag súil le saoráid as seo amach nó go bhfillfidh siad ar Pháirc a’ Chrócaigh do bhabhta deireanach na sraithe in aghaidh Thír Eoghain fé cheann míosa.

Bhí comharthaí ann an lá deireanach i gcoinne Ros Comáin gur féidir leis na Dubs na nótaí binne a aimsiú nuair a théann siad á gcuardach ach bhí go leor de ghrágaíl, de mheirg is de dhríodar an gheimhridh le braistint sa taispeántas chomh maith. Dála Chiarraí i dTrá Lí, chuireadar seacht gcinn d’iarrachtaí amú sa chéad leath amháin agus thugadar cúig cinn de dheiseanna ar chúil i gcaitheamh na huaire do Ros Comáin.

Ní nach iontach, tá an chaint go léir á tharrac ag Con O’Callaghan de dhroim a thaispeántais a raibh seacht bpointe mar thoradh air. Is deacair a shamhlú, áfach, go bhfaighidh sé an tsaoirse chéanna tráthnóna agus is cinnte ná beidh Chrissy McKaigue ná aon lánchúlaí ón nGaillimh chomh támáilte is a bhí Brian Stack Dé Sathairn seo caite.

Tá dóthain díobhála déanta ag an gCeallachánach i gcoinne Chiarraí cheana agus i gcoinne Tom O’Sullivan, go háirithe, chun ná bainfeadh Jack O’Connor agus a chriú triail as cosantóir éigin eile ag iarraidh é a cheansú an uair seo. Cé hé an cosantóir sin áfach? Tá éirithe le Jason Foley in iarrachtaí fánacha i gcoinne O’Callaghan ach n’fheadar arbh fhiú an ról a thabhairt do Dylan Casey nó duine éigin eile ar nós Graham O’Sullivan? Nach chuige sin a bhí an tsraith riamh? Chun daoine a thástáil, chun ceisteanna a fhreagairt agus fadhbanna a réiteach? Ná habair liom go mbeadh oiread béime ar an dá phointe sraithe nárbh fhiú don dá fhoireann dul sa tseans ar fhiosracht a shásamh agus ar thochas a leigheas. Nach fearr san ná gráinníní a bheith ag teacht amach trí do chraiceann ag iarraidh an leigheas céanna a aimsiú isteach sa tsamhradh? Is fearr i gcónaí bheith ag guaisbheartaíocht san earrach.

Ní dóigh liom gur sa líne lánchúil a bheidh Ciarraí ar thóir na bhfreagraí.

Is dóigh liom gur mó go mór a bhfiosracht fé lár an ghoirt. Nach ait é, ach dheineadh Jack Barry an gnó, más ar éigean féin é, de ghnáth ar Bhrian Fenton. Chlipfeadh sé agus chráfadh sé oiread é ná féadfadh Fenton a rian a fhágaint ar an gcluiche mar ba mhaith leis. Ní dóigh liom go n-áiteodh aoinne gur imreoir iontach é Jack Barry ach dála Shéamuis, dá olcas é, is measa a  bheith dá éagmais. Nuair ná fuil agus nuair nach mbeidh Barry ar fáil tá fonn níos mó ná riamh ar lucht leanúna Chiarraí a chomharba a aithint agus a aimsiú.

Is é mian a gcroí agus a dtoil gur fear eile ó Thrá Lí, Joe O’Connor, a líonfadh an bhearna ach nuair nach léir go bhfuil aoinne, Diarmuid O’Connor san áireamh, gur féidir brath go hiomlán air nuair is mó atá an gátar, níl iontaoibh cheart tuillte ag lár páirce Chiarraí go fóill – dá mhéid é iad.

Tá sé de chompord ag Dessie Farrell gur féidir leis leanúint air ag tástáil dintiúirí a chuid imreoirí (seachtar is daichead triailte go nuige seo) agus fiú má théann siad go Roinn 2 féin, féadfaidh siad a rá leo féin nár dhein sé aon díobháil anuraidh dóibh. Cur leis sin, an tuiscint go bhfuil leithéidí Paul Mannion, Jack McCaffrey, Mick Fitzsimons, James McCarthy agus an cúl báire Stephen Cluxton le teacht thar n-ais i gceart, agus chífir láithreach bonn ná fuil Áth Cliath chun codladh na hoíche a chailliúint mar gheall ar dhá phointe sraithe. Tháinig Brian Howard féin isteach mar ionadaí dhá nóimeat le cois na huaire Dé Sathairn seo caite agus ba dhóigh leat gurb é an Brian Howard céanna é a thug oiread scóladh do Chiarraí sa chéad leath de chluiche ceannais na hÉireann anuraidh.    

D’fhéadfadh na Dubs leithéidí Theo Clancy a chur ar David Clifford agus Lee Gannon a chur ar a dheartháir Paudie agus fiú dá ndéanfaidís beirt praiseach den gcúram, ní mór a bheadh caillte san iarracht ná sa bhfiontar acu.

Nach méanar agus nach breá do Dessie Farrell é nach mbraitheann sé an brú a bheadh ar bhainisteoirí eile ar nós Glenn Ryan, Davy Burke agus John Cleary an deireadh seachtaine seo? Nuair a bhuaigh Áth Cliath cluiche ceannais na hÉireann anuraidh chuir sé iontas orm oiread imreoirí dá chuid a bheith ag fógairt go neamhbhalbh go mbraitheadar go raibh Dessie fé léigear i gcaitheamh na bliana agus gur faoiseamh agus sólás dóibh gur éirigh leo an breac a thabhairt ar an bport.

Is furaist dearmad a dhéanamh air go raibh an chaint agus an ceistiú an dtaca seo anuraidh ag díriú ar Dessie féin. An amhlaidh go raibh an t-ádh leis foireann agus múnla imeartha iontach a fháil mar oidhreacht ó Jim Gavin roimis? An raibh an t-ádh leis gur éirigh leo an chraobh sin (an 6ú ceann as a chéile) a shniogadh as an mbliain 2020? An raibh a righneas agus a shotal chun an t-imreoir is mó tionchar agus gradam i stair CLG Átha Cliath, Stephen Cluxton, a choimeád ó dhoras go brách? Níl iontu san ach cuid des na ceisteanna a bhí á gcur in earrach na bliana 2023.

Le Pat Gilroy bailithe leis ar feadh tamaill agus Shane O’Hanlon, beannacht Dé leis, éalaithe leis chun na síoraíochta, tiocfaidh tuilleadh ceisteanna chun cinn fé chumas Dessie mar bhainisteoir agus mar cheann feadhna feasta. Leanfaidh na ceisteanna is an síorchuardach an piarda mór i gcónaí. Sin é nádúr an tsaoil. Ná cuireadh sé iontas ort, áfach, gur as san a thiocfaidh an gríosadh is an spreagadh níos déanaí sa bhliain dos na Dubs.                       

Fág freagra ar 'Níl Baile Átha Cliath chun codladh na hoíche a chailliúint mar gheall ar dhá phointe sraithe'