Sé nó seacht mbliana ó shin, cheannaigh mé cathaoir oifige dom féin. Bhí suíochán compordach aici, droim insocraithe agus bhí rothaí fúithi – chuile ní a bheadh uait.
Mhothaigh mé an-phroifisiúnta an lá sin. Ní hionann agus an péintéir agus an dealbhóir, níl rud ar bith speisialta faoi uirlisí cheird an scríbhneora. Ní bhíonn ar an scríbhneoir rogha a dhéanamh idir scuabanna agus canbháis éagsúla, nó idir na scórtha cineál cloch agus cré; déanfaidh gnáthpheann, gnáthpháipéar agus gnáthríomhaire an gnó. ‘Uirlisí’ a bhíonn ag chuile dhuine beo.
Ar a laghad, bhí cathaoir speisialta agam anois. Cathaoir a chuirfeadh ar mo chumas aghaidh a thabhairt ar chríocha na samhlaíochta ar mo chompord – dála na gcathaoireacha speisialta ina suíonn píolótaí agus iad ag tabhairt faoi na spéartha, nó tiománaithe carr rásaíochta agus iad ag tabhairt faoi chúrsa F1.
Ach bhí fadhb le mo chathaoir nua. Ón gcéad lá riamh, mheabhraigh sí chuile sheomra nuachta dom inar oibrigh mé riamh – ar an gCeathrú Rua, i gCasla, i mBaile na hAbhann agus i nDomhnach Broc. Fírinne na hiriseoireachta a mheabhraigh sí dom, fírinne bunaithe ar fhíricí agus ar fhigiúirí. Fírinne éagsúil a bhíonn á lorg ag an scríbhneoir: fírinne an fhicsin.
Mhúscail an chathaoir an meon mícheart ionam.
Nuair a tháinig stróic i gclúdach an tsuíocháin chuaigh sí isteach sa scipe bruscair.
Cheannaigh mé cathaoir nua. Ceann simplí déanta as adhmad lom. Tá an suíochán chomh crua le cloch, ach ní chuirim cúisín air.
Dála na mbinsí míthrócaireacha a d’fheicfeá i seanscoil nó i séipéal, coinníonn mo chathaoir oibre adhmaid i mo dhúiseacht mé. Nuair nach mbíonn mo mhása in ann don mhíchompord a thuilleadh bíonn orm éirí – agus is maith an rud é sin ann féin.
Léiríonn taighde leighis go bhfuil dlúthcheangal idir an saol a bheith caite ina shuí ag duine agus seans níos mó a bheith ag an duine sin raidhse galar a tholgadh, galar Alzheimer ina measc. Ó deimhníodh an mhí seo caite go bhfuil an galar áirithe sin ar mo mháthair féin, tá nós cruthaithe agam éirí chuile dheich nóiméad nó mar sin. Fágaim an seomra ina mbím ag obair agus déanaim jaibín fánach éigin timpeall an tí: caithim an bruscar amach, ním na soithí. Bíonn mo shúile buíoch as an mbriseadh ón scáileán freisin agus caoil mo lámh as an sos ón méarchlár.
Ach ní ar mhaithe leis an tsláinte amháin a dhéanaim amhlaidh; tagann an tsamhlaíocht i dtír ar an gcorrthónacht seo ar fad freisin. Tá sé tugtha faoi deara agam go mion minic gur le linn dom a bheith ar shiúl ó mo dheasc ar feadh cúig nóiméad a bhuailfidh splanc bheag inspioráide mé a chuirfidh ar mo chumas leathanach eile a líonadh.
Caith amach an chathaoir bhog, a scríbhneoir, agus cuimhnigh nach ag an deasc a tharlaíonn an draíocht ar fad.
Fág freagra ar 'Níl aon mhaith sa chathaoir bhog nó sa cheann a mheabhródh duit seomra nuachta Chasla nó Bhaile na hAbhann!'