Níl aon fhoireann eile i ngiorracht scread asail de Luimneach

Ní fhacamar mórán fianaise i mbliana nach é Declan Hannon Luimnigh a bheidh ag ardú Chorn Mhic Cárthaigh arís in 2022

Níl aon fhoireann eile i ngiorracht scread asail de Luimneach

Cuireadh tús leis an gcomórtas sinsir an deireadh seachtaine deireanach sa Mheitheamh agus bhí cluichí againn beagnach gach deireadh seachtaine ó shin i leith. Bhí cuid mhaith cluichí iontacha ann agus taispeántais aonair a d’ardaigh ár gcroí. Cé a dhéanfaidh dearmad ar an 0-16 a scóráil TJ Reid sa chluiche eipiciúil a bhí ag Cill Chainnigh i gcoinne Loch Garman nó an 1-12 a scóráil Tony Kelly don Chlár i gcoinne Phort Láirge. Chonaiceamar cuid maith éachtaí scórála eile, go háirithe ó na himreoirí a thógann na pocanna saora agus ba mhinic ainmneacha Reid, Kelly, Patrick Horgan, Lee Chin, Stephen Bennett, Jason Forde agus Dónal Burke ar bharr liostaí na scórálaithe.

Bhí cuid maith taispeántais foirne iontacha againn freisin ach bhí an ceann ab iontaí ar fad an Domhnach seo caite nuair a bhuaigh foireann na bliana agus seaimpíní na tíre, Luimneach, cluiche ceannais na hÉireann don dara bliain as a chéile.

Bhí na cuntais ar na meáin lán d’fhriotal an-mholtach go deo agus an uile fhocal de tuillte ag an ardfhoireann seo. Níl cur síos agamsa ar chomh maith is atá foireann seo Luimnigh. Sna laethanta roimh an gcraobh nuair a bhíos ag déanamh iarrachta pé seans a bhí ag Corcaigh a mheas ba í an tslat tomhais a bhí á húsáid agam ná ‘cé mhéad d’imreoirí Chorcaí a gheobhadh áit ar fhoireann Luimnigh? Taobh amuigh de Patrick Horgan, a bheadh mar an chéad ionadaí, níl dóigh liom go bhfaigheadh aon imreoir ó Chorcaigh áit ar shárfhoireann Luimnigh.

Tá foireann Luimnigh ar fheabhas agus bunaithe ar aois na n-imreoirí níl siad críochnaithe fós ná baol air.

Tá caint cheana féin ar thrí cinn as a chéile agus bunaithe ar an méid a chonaiceamar Dé Domhnaigh seo caite, tá gach seans go mbeidh Declan Hannon ag ardú Corn Mhic Cárthaigh arís in 2022, ach tá ceiliúradh le déanamh acu ar dtús, más ceiliúradh faoi scáth Covid-19 féin é.

Agus sa ghearrthéarma cé hiad na contaetha a bheidh sna sála ar na seaimpíní?

Ní fhacamar mórán fianaise i mbliana go bhfuil aon chontae eile i ngiorracht scread asail d’fhoireann údarásach Luimnigh.

Tá ceithre chraobh mhionúir i ndiaidh a chéile buaite ag an nGaillimh, ach an mbeidh mórán de na himreoirí sin sásta an obair dhian a chur isteach chun a bheith ullamh do na sinsir? D’fhéadfainn an cheist chéanna a chur faoi Thiobraid Árann a bhuaigh an chraobh faoi-21 in 2018 agus an chraobh faoi-20 in 2019.

Agus céard faoi mo chontae féinig, Corcaigh? Bhuel bhí séasúr faoi aois thar a bheith rathúil acu agus bhuaigh siad craobh na hÉireann sna mionúir agus an chraobh faoi-20 don dara bliain as a chéile. Ach an gciallaíonn sin go mbeidh an fhoireann shinsir san iomaíocht don duais mhór sna blianta amach romhainn? Bhuel is dócha go bhfuil seans níos mó acu ná na foirne nach bhfuil ag buachan faoi aois, ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh rath ar na sinsir. Bhuaigh Luimneach trí chraobh faoi-21 ag tosach na mílaoise ach níor bhuaigh aon imreoir ó na foirne sin bonn sinsir. Bhuaigh contae an Chláir ceithre chraobh faoi-21 idir 2009 agus 2014 agus níor éirigh leo ach craobh shinsir amháin a bhuachan, in 2013. I ndiaidh na craoibhe sin bhí caint go mbeadh forlámhas ag an gClár ar chách ar feadh roinnt mhaith blianta, ach a mhalairt a tharla agus is beag cluiche craoibhe a bhuadar sna blianta beaga ina dhiaidh sin.

Ach mar a scríobh mé seachtain ó shin, tá údar dóchais i gCorcaigh agus tá sé níos láidre i ndiaidh na gcluichí faoi aois agus an dá chorn tugtha cois Laoi. Tá na foirne faoi aois an-eagraithe agus daoine maithe i gceannas orthu. Tá Bord an chontae ag tabhairt tacaíochta mar is cóir dóibh, rud nár tharla i gcónaí, agus in ainneoin ar tharla i gcluiche ceannais na sinsear tá caint i measc an phobail faoi thodhchaí gheal.

Sea, bhíomar díomách ag teacht amach ó Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh ach caithfimid a admháil gur chailleamar i gcoinne ceann de na foirne iomána is fearr a d’imir ár spórt ársa riamh.

Sea, Luimneach abú.

Fág freagra ar 'Níl aon fhoireann eile i ngiorracht scread asail de Luimneach'