Níl a ndeis caillte ag foireann na Ríochta ach tiocfaidh feabhas ar fhir Gavin

Cé go raibh an dá fhoireann buíoch deis eile a fháil ar Chorn Mhig Uidhir seans gurb iad fir Jim Gavin is buíche as an dara seans

Níl a ndeis caillte ag foireann na Ríochta ach tiocfaidh feabhas ar fhir Gavin

Jack McCaffrey agus Paul Mannion. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Áth Cliath v Ciarraí

Páirc an Chrócaigh, 6.00pm

Beo ar RTÉ agus Sky Sports

Coicís tar éis dóibh cluiche crua a bhí lán le teannas a imirt, tá peileadóirí Átha Cliath agus Chiarraí ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh d’athimirt chluiche ceannais na hÉireann.

Cé go bhfuil an dá fhoireann sásta go bhfuil deis eile acu ar Chorn Mhig Uidhir, seans gurb iad fir Jim Gavin is buíche atá as an dara seans. Bhí siad i dtaobh le ceathrar déag ar feadh níos mó ná 40 nóiméad nuair a fuair Jonny Cooper bata agus bóthar agus is beag tionchar a bhí ag cuid de mhórimreoirí Átha Cliath ar an imirt.

Bhíothas a cheapadh roimh an gcéad chluiche go mbeadh sé thar a bheith deacair ag cosantóirí Chiarraí srian a chur le tosaithe na hardchathrach ach níor aimsigh Con O’Callaghan, Paul Mannion agus Ciarán Kilkenny ach trí chúilín eatarthu coicís ó shin. Éacht a bheadh ann dá n-éireodh le Ciarraí na fir chéanna a choinneáil faoi chois an athuair.

D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Brian Fenton. Níor éirigh le fear Ráth Eanaigh dul i bhfeidhm ar an imirt in aon chor agus chruthaigh imreoirí Chiarraí ar fheabhas lár páirce, go háirithe David Moran agus Jack Barry. Is annamh go dtugann imreoir chomh maith le Fenton taispeántais leamh uaidh dhá chluiche as a chéile, áfach, agus beidh Gavin agus lucht tacaíochta Átha Cliath ag súil le feabhas mór uaidh agus ó cheannairí eile na foirne tráthnóna.

Caithfidh an bainisteoir feabhsú chomh maith. Is fánach an botún atá déanta ag Gavin ó ghlac sé ceannas ar an bhfoireann seacht mbliana ó shin ach bhí sé lag go maith an lá faoi dheireadh. D’fhág sé Cooper ag marcáil David Clifford cé go raibh an Ciarraíoch ag fáil an ceann is fearr ar a chéile comhraic, agus cuireadh Cooper den pháirc faoi dheireadh.

B’údar suntais é chomh maith nár chuir Gavin isteach ach beirt ionadaithe roimh 67 nóiméad. B’fhéidir go léiríonn sé sin nach bhfuil an mhuinín chéanna aige agus a bhíodh sna fir ionaid.

Ní raibh mórán tionchair ag Diarmuid Connolly ná ag Paddy Small ar an gcluiche nuair a tháinig siad isteach agus chuir an bheirt acu deiseanna amú. Tá sé á rá anois go bhfuil Gavin chun Bernard Brogan, fear atá an-chruinn, a thabhairt ar ais i measc na n-ionadaithe do chluiche an lae inniu.

Ó thaobh Chiarraí de, bhí a gcuid ionadaithe ar fheabhas den chuid is mó agus daoine ann a déarfadh go ndearna cuid acu a ndóthain chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann ón tús. Is cinnte go bhfeicfear Killian Spillane, Tommy Walsh agus Jack Sherwood arís ach tráthnóna a fheicfimid na hathruithe eile a dhéanfaidh Peter Keane.

Níor thapaigh Ciarraí an deis iontach a bhí acu Áth Cliath a shárú coicís ó shin. Agus seaimpíní na hÉireann ag streachailt, thug Ciarraí cead a gcinn dóibh i dtreo dheireadh na himeartha agus ní raibh iarracht amháin féin ar scór ag fir na Ríochta sa 12 nóiméad deireanach.

Agus oiread sin cainte á déanamh faoin bhfeabhas a thiocfaidh ar O’Callaghan, Mannion agus Kilkenny, ní mór a rá gur trí chúilín eatarthu a fuair Clifford, Paul Geaney agus Stephen O’Brien sa chéad chluiche freisin.

Chuir Geaney cúig sheans ar scóranna amú, dhá dheis ar chúil ina measc, agus chuir Clifford ceithre sheans eile amú. Níl baol ar bith ann go mbeidh siad chomh siléigeach céanna inniu.

Tabharfaidh taispeántas breá na gcosantóirí an lá cheana an-mhisneach do Chiarraí go háirithe nuair a bhí cúigear acu ag imirt den chéad uair i gcluiche ceannais na hÉireann.

Ní thabharfaidh Ciarraí an tsaoirse chéanna do Jack McCaffrey ach an oiread. Bhí an t-imreoir leathchúil ar fheabhas sa gcéad chluiche agus d’éirigh leis 1-3 a aimsiú ach ní raibh aon duine á mharcáil i gceart agus ní dhéanfaidh Ciarraí an botún céanna sin arís.

Is í an fhoireann is mó feabhas a bheidh ina seaimpíní na hÉireann anocht. Níl a ndeis caillte fós ag Ciarraí, ná baol air. Léirigh siad an lá faoi dheireadh nach dochloíte atá Áth Cliath. Mar sin féin bíonn siad gar go maith dó nuair a bhíonn siad ar a mbuille.

ROGHA TUAIRISC.IE: ÁTH CLIATH

Fág freagra ar 'Níl a ndeis caillte ag foireann na Ríochta ach tiocfaidh feabhas ar fhir Gavin'