Bainimse leis an nglúin sin gurbh í de Beauvoir agus a leabhar The Second Sex an fáidh agus an bíobla a bhí againn i ndeireadh ár ndéaga. D’fhág sin agus an cosc ar cholscaradh sa tír ag an am gur foras é an pósadh nár thuig mé riamh ach mar bhealach le mná a cheansú, a gcuid post a bhaint díobh, a nglór agus a meabhair a thachtadh agus a saoirse a dhíol ar mhaithe le haisling. Boc costasach é an colscaradh – ó thaobh sláinte intinne, clainne agus póca agus ní mhaífinn ar aon duine é. Ach i spiorad an chomhionannais, tugaim an ceart céanna do dhaoine aeracha dul sa mbearna bhaoil, más sin a mian.
Ní chloistear aon fheachtais cosanta teaghlaigh nuair a bhíonn dlíthe airgeadais á gceapadh ach tá an teaghlach ina arm catha sa reifreann ar an bpósadh comhghnéis a bheas againn i ndeireadh na Bealtaine. Bhí teaghlach de chineál eicínt againn uilig – bíodh sé slán sona nó contúirteach cráite. Tá daoine ar m’aithne a raibh teaghlaigh go leor acu, iad á n-athrú ó theaghlach go teaghlach ar altramas de réir mar a thogair an stát agus an dream ónar gineadh iad. Daoine eile, ina gcloigeann a bhí a dteaghlach agus b’éigean dóibh teacht leis nuair nach raibh a mhalairt ina gcinniúint. Tá daoine ar na sráideanna inniu ag cruthú teaghlaigh bheaga leis na hainniseoirí bochta eile atá sa gcás céanna. Nuair a d’fheicfeá beirt fhear ag cuartú chuile bhall de chorp a gcara i lána salach cathrach ar thóir féith a ghlacfadh snáthaid drugaí a bheodh é, tuigfidh tú an teaghlachas sin.
Buaileann amhras damanta mise nuair a chloisim daoine ag déanamh imní faoi dhaoine stuama fásta nach bhfuil éalaing ná easpa orthu ná aon scaipeadh ar a gciall. I mo phluic a bhíonn mo theangasa nuair a thugaim comhairle mar tuigim go maith gur fánach agamsa comhairle a thabhairt d’aon duine nach bhfuil sí uaidh/uaithi agus tugaim cead a gcinn do dhaoine fásta macánta a rogha rud a dhéanamh ach gan aon duine eile a ghortú.
Tá fíorimní ar an dream atá ag iarraidh vóta in aghaidh an reifrinn faoi dhaoine fásta eile. De réir a gcuid staitisticí sláinte, níl aon aicíd faoin spéir nach bhfuil daoine aeracha níos siocraí dóibh –ailse, alcólachas agus an galar dubhach. Mhionnófá gurb é muineál ár mbroinne claí na muice duibhe ag a bhfeachtas. Is dóigh go gcoinníonn ragús gearr an chuileoigín bhealtaine an dream seo ó chodladh na hoíche.
Ní féidir, dar leo, pósadh a thabhairt ar aon chonradh ach an conradh idir fear agus bean. Mura bhfuil dul amú ar fad ormsa, is nóisean an-nua ar fad é sin agus ní call dúinn dul chun na sean-Ghréige. Cleamhnas a bhíodh ann go traidisiúnta agus ba bheag an ‘say’ a bhí ag an mbean ná b’fhéidir, ag an bhfear sa gconradh.
Bhain an pósadh le chuile dhuine eile – an tseanbheirt a bhí sa teach, na cliamhaineacha a bhí fós ann, an spré a bhí ag teacht ag an mbean óg nó ag an gcliamhain isteach. Tá neart samplaí againn ó sheanchas cois teallaigh agus ón litríocht gurb iad an lánúin óg agus go háirid an bhean, ba lú tábhacht sa margadh eacnamaíochta seo agus gur insíodh é sin i chuile achrann. Fuadaíodh í má léirigh sí aon mhífhonn.
Tá agus bhí riamh tuismitheoireacht aonghnéis ag tarlú ar fud an domhain mhóir. Baintreacha, céilí tréigthe, céilí díbeartha, céilí atá ar imirce de bharr polasaithe eacnamaíochta an stáit seo agus stáit eile. Tá go leor de ghasúir agus d’othair na tíre seo faoi chúram máithreacha óga as oirthear domhan a bhfuil a bpáistí féin sa mbaile ag a ngaolta.
Sa tír seo féin, fágann córas leasa shóisialaigh le haghaidh tuismitheoirí aonair gur pionós a chuirfí orthu ina bpóca dá mbeadh athair an pháiste in aontíos leo. Creideann an dream atá in aghaidh an reifrinn gur fearr do chuile pháiste athair agus máthair a bheith aige ach nach bhfuil a fhios againn uilig nach bhfuil sin i gcinniúint chuile dhuine agus go mbraitheann sé go mór ar chumas na beirte áirid sin. Is iomaí páiste sa tír seo a bhfuil Ma agus Da acu nach bhfuil steár acu le drugaí agus ól agus téann díom a chreidiúint gur fearr sin ná tuismitheoirí aonghnéis stuama.
Is daor a íocadh ar an aisling sin – mná nach raibh pósta go dlisteanach á gcuibhriú i bpríosúin níocháin, páistí á sciobadh óna máithreacha agus á ndíol le lánúineacha Meiriceánacha, bagairtí á ndéanamh ar thuismitheoirí bochta go gcuirfí a gclann go Leitir Fraic mura gcuirfidís a gclann ag an scoil agus a ngruaig cíortha.
Ní raibh aon tacaíocht do bhaintreacha lena gclann a thógáil go dtí gur throid gluaiseacht na mban a gcás – tá a fhios agam fear uasal a chuir cúram clainne síos ar fhoirm iarratais an deól. Moladh dó a chlann a chur go dílleachtlanna agus ordaíodh amach ag scaipeadh gainimh ar bhóthar portaigh é agus cead an diabhail ag a áilín lag a bhí ina thuilleamaí go hiomlán. Sin é an stát a chruthaigh na daoine ar mhór acu an pósadh agus an teaghlach.
Tuismiú bun agus barr an phósta ag an bhfreasúra seo. Ní chreidim é sin ach is tábhachtaí tuismitheoireacht is tógáil clainne ná tuismiú lá ar bith. Léiríonn figiúirí reatha go bhfuil líon suntasach lánúineacha pósta heitrighnéasacha sa tír seo nach bhfuil suim dá laghad acu a gcineál a ghiniúint agus atá sách stuama lena thuiscint nach bhfeilfeadh an cúram sin dóibh. Go bhfóire Dia ar aon lánúin bhocht nár éirigh clann leo nó a chaill a bpáistí mar ní cháileodh a bpósadh don fhreasúra.
Tá an saol athraithe, tá an pósadh athraithe ach tá sé fós ann agus ní thitfidh an spéir má phósann fear fear nó bean bean agus beidh cúpla punt eile ag na dlíodóirí bochta.
Fág freagra ar 'Ní thitfidh an spéir má phósann fear fear nó bean bean, is beidh cúpla punt eile ag na dlíodóirí bochta…'