Ní thaitníonn ‘duine de dhath’ leat? Níl dualgas ar bith ort an téarma sin a úsáid, ach…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ach oiread le go leor, bhí ár gcolúnaí ag streachailt le téarma nua a tháinig isteach sa Ghaeilge.

Ní thaitníonn ‘duine de dhath’ leat? Níl dualgas ar bith ort an téarma sin a úsáid, ach…

Ola Majekodunmi

Céard a tharlaíonn nuair a chumann An Coiste Téarmaíochta téarma nua éigin nach bhfuil éasca ar an gcluas?

Bíonn sé ina chíréib.

‘Níl sé nádúrtha! Níl sé dúchasach! Ní hé sin a bheadh ag muintir na Gaeltachta!’

Céard a tharlaíonn nuair a chumann An Coiste Téarmaíochta téarma nua a thagraíonn go sonrach do… [tormáil drumaí] … dhaoine de dhath?

Breathnaigh ar phróifílí Twitter beirt chainteoirí Gaeilge de dhath, Ola Majekodunmi  agus Una-Minh Caomhánach le go bhfeicfidh tú. Beirt bhan chróga iad agus is mise atá buíoch nach raibh mé ina n-ionadsan ar na meáin shóisialta an tseachtain seo (pribhléid bhán a thugtar air sin, tá a fhios agam.)

Eadarlúid ghramadúil!

A Choiste Téarmaíochta dhil, cén chaoi a bhfuilimid ceaptha daoine de dhath a chomhaireamh? Cé acu is cirte: ‘beirt de dhath’ nó ‘beirt daoine de dhath’? Nó lig dom an cheist a chur ar bhealach eile: cé acu den dá leagan sin is lú a ghortaíonn an chluas? Feictear dom féin (ach cé hé mise lena rá céard is Gaeilge nádúrtha ann) go bhfuil ‘beirt daoine de dhath’ sách gránna, ach go bhfuil ‘beirt de dhath’ gránna amach is amach.

Deireadh leis an eadarlúid ghramadúil, seo chugainn eadarlúid teoirice criticiúla ciníocha! (Maith sibh, a Choiste Téarmaíochta, ní raibh aon stró orm an Ghaeilge ar critical race theory a aimsiú ar Téarma.ie.)

Ghabhfainnse chomh fada lena rá (ach arís, cé hé mise lena leithéid a rá, lena bhfuil agam de phribhléid bhán, srl srl srl) go bhfuil an téarma people of color (tabhair faoi deara an litriú Meiriceánach ar an bhfocal deireanach sin) chomh ciotach céanna mar choincheap agus atá an leagan Gaeilge ó thaobh na gramadaí de. Dath is ea bán, chomh maith le dubh, donn agus buí. (Is féidir leat é sin a thástáil sa bhaile go han-simplí: cuir scuab isteach i gcanna péint bhán, smear ar chlár adhmaid í agus féach céard a tharlaíonn.)

Dath gainimh atá ar mo chraiceann féin. Ar mhaithe leis an gcothromaíocht idir na himireacha craicinn éagsúla (agus go deimhin le soléiteacht an téacs) tá mé breá sásta a rá gur ‘duine bán’ mé seachas ‘duine geal’ nó ‘duine ar dhath an ghainimh’. Ach tá dath éigin orm – mura mbeadh, dofheicthe a bheinn (fan soicind – inné féin, thug duine de mo chairde de dhath ón mBrasaíl ‘Casper, an Taibhse Chairdiúil’ orm.)

Ach fágaimis an magadh inár ndiaidh. Tá an téarma people of color ciotach ó thaobh na loighce de, óir  dath orm, ach – de réir na ndaoine a chum an téarma –  duine de dhath mé. (Dála an scéil, cá háit go díreach a bhfuil an teorainn idir duine de dhath agus duine bán? An daoine de dhath iad an chuid sin de mhuintir na Spáinne agus na Portaingéile a bhfuil an dath ceannann céanna ar a gcraiceann agus atá ar chuid mhaith de mhuintir Mharacó? Ar duine bán é inimirceach as an mBrasaíl, a dtabharfaí branco air sa tír sin agus a mbeadh pribhléid bhán aige sa bhaile, ach a mbeadh cónaí air in Éirinn?)

Deireadh leis an eadarlúid teoirice criticiúla ciníocha. Bogaimis ar aghaidh chuig croílár na ceiste.

Fearacht téarma ar bith eile, pobal na Gaeilge féin a shocróidh, le himeacht ama, an rachaidh an leagan ‘duine de dhath’ sa chaint nó nach rachaidh, ach – bímis ionraic faoi – tá ról ar leith sa phróiseas seo ag scríbhneoirí, iriseoirí agus daoine eile atá ag obair sna meáin.

Seo comhairle fhíorshimplí do scríbhneoirí a bheadh, mo dhála féin, ag streachailt leis an téarmaíocht nua atá ag teacht isteach sa Ghaeilge agus i mórchuid teangacha eile chun cur síos a dhéanamh ar imireacha éagsúla an chraicinn dhaonna.

Níl dualgas ar bith ort úsáid a bhaint as téarmaíocht nach bhfuil tú ar do chompord léi – chomh fada is nach ngortóidh an téarmaíocht a mbaineann tú úsáid aisti an duine nó na daoine a bhfuil cur síos á dhéanamh agat air, uirthi nó orthu. (Maidir le ‘duine gorm’, tá sé déanta sách soiléir ag cainteoirí Gaeilge a ndéantaí cur síos orthu mar sin go dtí le gairid céard é a dtuairim faoin leagan áirithe sin.)

Mura dtaitníonn an leagan ‘duine de dhath’ leat, tá sé fíoréasca é a sheachaint: déanfaidh liosta sonrach de na grúpaí a theastódh uait a bheadh san áireamh cúis. Go deimhin, bheadh a leithéid níos cruinne ná téarma doiléir nach léir go díreach cé atá san áireamh agus cé nach bhfuil.

Focal scoir. Braitheann gach rud ar chomhthéacs. Ní hiad na téarmaí aonair a mbaineann duine úsáid astu a insíonn an scéal, ach an téacs ina iomláine.

Fág freagra ar 'Ní thaitníonn ‘duine de dhath’ leat? Níl dualgas ar bith ort an téarma sin a úsáid, ach…'

  • Pádraig O'hEipicín

    Nach bhfuil dath ecint orainn uilig
    Is daoine de dhath sinn uilig nach ha.

  • Micheál

    Téarma leithchealach atá i gceist arís, mar tá sé ag úsáid dhath an chraicinn chun daoine a rangú. Ná bíodh aon dul amú ort ach tá fo-théacs millteach ann – ní gá daoine bána a ainmniú de ghnáth. Nach bhfuil dath orainn go léir, ní hamháin ar dhaoine nach ‘daoine de dhath’ iad? Ní dhéanamid idirdhealú ar dhaoine bunaithe ar a n-airde, nó dath a súile nó dath na gruaige, nó srl.
    Tugann an stádas foirmeálta seo ocsaigin don chultúr leithcheala, mar is téarma leithchealach é é féin, ag ligean air gur téarma tuisceanach é!

  • Rósaí

    Aontaím ar fad leis an alt seo. Cad ina thaobh nach iad na daoine bána na ‘daoine de dhath?’

  • Seán Mac Bhriain

    B’fhiú smaoineamh ar na ‘ciníochaí’ ar fad a bhfuiltear le trácht a dhéanamh orthu agus ansin réimír ar leith a cheapadh do gach ‘cine’ agus ina dhiaidh sin iarmhír ar leith a chur leis. Níl réiteach na ceiste agam, ach d’fhéadfadh muid rud éigin mar seo a bheith againn:
    Eorinseach, Arinseach, Indinseach, Síninseach, Astrinseach, Afrinseach, Meirinseach.
    Níl siad sin féin gan locht: Cé go gclúdódh ‘Arinseach’ an dath cnis a luaitear le hArabaigh, ní móide gur dtaitneadh an ceangal sin le cuid eile de mhuintir na Meánmhara. An féidir an dath cnis céanna a lua leis an bpobal dúchasach i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas? Ní móide gur ‘Síninseach’ ab fhearr le muintir na Seapáine. Tá daoine ‘donnna’ eile ann seachas muintir na hIndia.
    D’fhéadfaí freisin réimíreanna úrna a cheapadh: závchneasach, zévchneasach, zívchneasach, zóvchneasach, zúvchneasach. Gan sna samplaí sin ach léiriú ar chéard is féidir a dhéanamh.
    Pé scéal é, tá sé in am córas stuama eicínt a bheith ann nach bhfuil bunaithe ar dheighilt idir ‘dhá dhream’ agus má táthar le cloí le dath nó tagairt do dhath teastóidh níos mó na péire agus, mar atá ráite san alt seo, ní leor ‘dath agus gan dath’.

  • alan titley

    An-phíosa mar is gnáth. Tá an-mholadh ag dul go Ola, go háirithe, dul i ngleic leis an gceist chasta seo. Ach tá pointe láidir á dhéanamh ag Alex. Is ionann téarma a cheapadh faoi leith do dhaoine nach ‘daoine geala’ nó ‘bána’ iad, ná go bhfuil siad ar chuma éigin eisceachtúil. B’í an duibhe nó an ghoirme nó an donndorcha bundath an duine, agus maidir le daoine a bhfuil craiceann nach ‘geal’ ná ‘bán’ ar fad iad, is iad móramh an chine dhaonna iad. Agus ag dul i méid. Ní sinne (daoine geala ar mo nós féin) ‘réamshocrú’ ná bunchló an duine.