‘Ní teanga í an Ultais agus seafóid atá ann í a chur i gcomparáid leis an nGaeilge’ — duine de bhunaitheoirí an DUP

Dar le Wallace Thompson, duine de bhunaitheoirí an DUP, nár cheart cosaint reachtúil a thabhairt don Ghaeilge ná don Ultais ach nach féidir comparáid a dhéanamh eatarthu

‘Ní teanga í an Ultais agus seafóid atá ann í a chur i gcomparáid leis an nGaeilge’ — duine de bhunaitheoirí an DUP

Tá ráite ag duine de bhunaitheoirí an DUP, Wallace Thompson, nach teanga í an Ultais agus nach féidir í a chur i gcomparáid leis an nGaeilge. Dúirt Thompson, arb as Baile Monaidh i gContae Aontroma é, gur ‘hamley tongue’ agus ní teanga atá i gceist leis an Ultais.

“Rugadh agus tógadh i dtuaisceart Aontroma mé agus is dóigh go gcuirfear eiriceacht i mo leith, ach ní fheictear domsa gur teanga í an Ultais. Is canúint í. Is ‘hamely tongue’ í ach ní teanga í. Is dóigh liom gur seafóid atá ann í a chur i gcomparáid leis an nGaeilge, ar, ainneoin a ndéarfadh roinnt daoine fúithi, teanga í,” a dúirt Thompson ar a leathanach Facebook.

Dúirt sé leis an News Letter, nach raibh aon ghá ann reachtaíocht a thabhairt isteach a chosnódh an Ghaeilge ná an Ultais agus go raibh dóthain cosanta ann don dá theanga cheana féin. Dúirt sé nár mhaith leis go gcaithfí go leor airgid ar an nGaeilge ná ar an Ultais. Mhaígh sé freisin gur iarracht a bhí i gcur chun cinn na hUltaise dul i ngleic leis an “seilbh” a ghlac poblachtaigh ar an nGaeilge.

“Tá uirlis pholaitíochta déanta ag Sinn Féin den Ghaeilge agus tá arm idé-eolaíoch déanta acu di, mar chomhartha difríochta. Agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis sin, is dóigh liom go bhfuil roinnt aontachtóirí tar éis scéal mór a dhéanamh den Ultais agus seilbh a ghlacadh uirthi iad féin, ach d’aontódh formhór na ndaoine nach teanga í,” a dúirt sé.

Fágadh os cionn 40 trácht ar phostáil Facebook Thompson, cuid acu a thacaigh lena dhearcadh agus cuid eile inar maíodh go raibh leithcheal á dhéanamh aige ar an Ultais.

I measc na ndaoine nár aontaigh le tuairim Thompson ar an gceist bhí an t-iar-aire cultúir Nelson McCausland, a chaill a shuíochán i Stormont ag an toghchán deireanach.

Dúirt McCausland gur “seanscéal agus meirg air” an díospóireacht cé acu teanga nó canúint í an Ultais agus gur socraíodh ar an cheist nuair a thug rialtas Westminster aitheantas don Ultais mar theanga réigiúnach agus bronnadh cosaint uirthi faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Bhí McCausland ina chathaoirleach agus ina stiúrthóir ar an Ulster-Scots Heritage Council.

Tá a bhfuil i ndán don éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh fós idir dhá cheann na meá agus é ar an dris chosáin is mó atá roimh athbhunú an fheidhmeannais.

Tá an DUP ag maíomh gur cheart go luafaí an Ultais agus an cultúr Oráisteach in aon reachtaíocht nua. Tá Sinn Féin, an SDLP agus an Alliance den tuairim, áfach, gur cheart go mbeadh reachtaíocht ann a dhéileálfadh leis an nGaeilge go sonrach.

Tá an Taoiseach agus an rialtas ag tacú chomh maith leis an éileamh ar Acht teanga don Ghaeilge amháin.

Fág freagra ar '‘Ní teanga í an Ultais agus seafóid atá ann í a chur i gcomparáid leis an nGaeilge’ — duine de bhunaitheoirí an DUP'

  • John Meehan

    Aontaim ar fad leis an raiteas seo.