Ní shocróidh óráidí Dála, dá fheabhas iad, toradh an Reifrinn

Chualathas roinnt óráidí breátha ó pholaiteoirí éagsúla le seachtain, ach ní bheathóidh na briathra na vótóirí reifrinn

Ní shocróidh óráidí Dála, dá fheabhas iad, toradh an Reifrinn

Bíonn an fhadhb céanna ag daoine a bhaineann sásamh as sár-óráidíocht pholaitiúil (admhaím gur ag trácht ar mhionlach atáim), agus a bhíonn ag daoine a bhíonn ag fanacht ar bhus. Ní thagann bus ar bith ar feadh tréimhse fada. Ach tar éis leathuaire, tagann scata busanna in éineacht.

I Strasbourg, bhí idir cheann agus chroí an Taoisigh follasach san óráid bhreá a thug sé i bParlaimint na hEorpa agus dearcadh na hÉireann ar an mBreatimeacht á mhíniú aige.

I dTeach Laighean, thug Teachtaí Dála ar ’chaon taobh den argóint faoi aisghairm an ochtú leasú óráidí tomhaiste, béasacha. Ní raibh tuairisc sna meáin ar a ndúirt a bhformhór ach tá moladh tuillte ag Simon Harris, Mary Lou McDonald, Danny Healy Rae, Jan O’Sullivan, Lisa Chambers, Peter Fitzpatrick, Clare Daly agus go leor cainteoirí eile.

Ar ndóigh is ar Mhicheál Martin thar aon teachta eile a chaith na meáin a spotsolas. Ach tá moladh tuillte acu go léir. Rinne siad cur síos staidéartha ar a dtuairimí a léirigh toradh dianmhachnaimh agus toil aontaithe achasáin a sheachaint. Rud nach féidir a rá go minic.

Cuimhneofar ar feadh i bhfad ar dhearcadh nua cheannaire Fhianna Fáil, inar fhógair sé u-chasadh iomlán ar a sheasamh ar ghinmhilleadh go dtí seo. Is san abairt dheireanach dá óráid a dúirt Micheál Martin go raibh sé i bhfabhar dhá mhórathrú: aisghairm an ochtú leasú, agus dlí a cheadódh ginmhilleadh sa chéad dá sheachtain déag de thoircheas:

‘I believe the case for change is justified by the full range of evidence available to us and I will vote for this change.’

Cibé toradh a bheas ar an reifreann, beidh tionchar nach beag ag athrú intinne an cheannaire ar dhearcadh an phobail ar Fhianna Fáil, go háirithe i measc vótóirí óga agus i measc vótóirí Bhaile Átha Cliath. 

Chuaigh Micheál Martin chun cinn ar an Taoiseach agus tuairim shoiléir á nochtadh aige – ní hamháin maidir leis an ochtú leasú, ach maidir leis an dlí ba chóir a chur i bhfeidhm dá gcuirfí an leasú ar ceal.

Ní hionann sin agus a rá gur chóir moill mhíréasúnta a chur i leith Leo Varadkar. Tá a thost intuigthe ar mhórán cúiseanna. Is ar a ghuaillí siúd thar aon duine eile a thitfidh ualach fheachtas an reifrinn, agus a thoradh. Tá gach cosúlacht ar a ndúirt sé go bhfuil sé ar aon tuairim le Micheál Martin, ach tá mórcheist thábhachtach le réiteach fós ag an rialtas.

Ar chóir an dlí a bhainfidh le ginmhilleadh, má chuirtear an t-ochtú leasú ar ceal, a dheimhniú le foráil nua? Tuigtear go molfaidh an tArd-Aighne Séamus Woulfe go gcuirfí fo-airteagal nua faoi bhráid vótóirí a chuirfí in ionad an ochtú leasú dá gcuirfí ar ceal é.

Dheimhneodh an fo-airteagal a shíltear atá beartaithe gur faoin Oireachtas amháin a bheadh sé feasta gach dlí a bhaineann le ginmhilleadh a rith nó a athrú. Dheimhneodh fo-airteagal dá leithéid nach bhféadfaí leas a bhaint as cearta sonraithe nó neamhshonraithe sa Bhunreacht in aon chás cúirte a bhainfeadh le ginmhilleadh feasta.

Aistriúchán: ‘Fág fúinne, na polaiteoirí, é an cheist seo a réiteach as seo amach.’

Aistriúchán eile: ‘Bíodh muinín agaibh asainn.’

Thagair Éamon Scanlon (Fianna Fáil, Sligeach), a labhair in aghaidh an leasaithe, don chontúirt pholaitiúil a bhaineann le cur chuige dá leithéid: 

‘There is another problem with asking the people to repeal the eighth amendment, namely, that the political class is asking us to trust it and give it complete power to decide in the future how much abortion we have, and when and how. Are we, as a political class, to be completely trusted on this issue?’ 

Rachaidh an óráid a thug Micheál Martin Dé Céadaoin chun tairbhe dó mar cheannaire, ainneoin an mhíshásaimh, nó mar gheall air, a chuir sé ar mhórán i bhFianna Fail agus i measc an phobail. Ach chuir Éamon Scanlon i gcuimhne do theachtaí ar ’chaon taobh nach i nDáil Éireann a réiteofar an cheist seo. 

Thagair Scanlon freisin d’ábhar imní nach bpléann polaiteoirí go minic os comhair an phobail. 

Ainneoin chlaonadh na bpobalbhreitheanna (i bhfabhar aisghairme) tá toradh an reifrinn chomh soiléir céanna is atá ceist mhuinín an phobail as polaiteoirí.  

Fág freagra ar 'Ní shocróidh óráidí Dála, dá fheabhas iad, toradh an Reifrinn'

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Is fada an lá nár léiríodh a leithéid de cheannasaíocht agus arbh amhlaidh do Ṁicheál Máirtín an tseachtain seo; in ainneoin na dóchúlachta go luafar a ainm um dhúnmharú leanaí feasta, sheas sé an fód ar son ban siúd na hÉireann a theastaíonn ginmhilleadh SLÁN, ÁITIÚIL 7 DEONACH uathu.