‘Ní raibh mise freagrach’ – cáineadh déanta ar léamh ‘patrarcach uasal le híseal’ ar chás na Máithreacha agus Leanaí

Deir an Teachta Dála Catherine Connolly nach bhfuil na conclúidí sa tuarascáil faoi na hÁrais Máithreacha agus Leanaí ag teacht leis an bhfianaise agus gurb amhlaidh don áitiú go raibh an locht ar chuile dhuine

‘Ní raibh mise freagrach’ – cáineadh déanta ar léamh ‘patrarcach uasal le híseal’ ar chás na Máithreacha agus Leanaí

Tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ar an teanga agus na conclúidí atá sa tuarascáil faoi na hÁrais Máithreacha agus Leanaí agus faoin gcaoi ar cuireadh i láthair an phobail í.

Deir Connolly go bhfuil insint “phatrarcach uasal le híseal” á déanamh ag an Rialtas agus na meáin ar chás na máithreacha agus na leanaí agus ar Thuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin. 

Dúirt sí freisin nach raibh na conclúidí sa tuarascáil “ag teacht in aon chor leis an bhfianaise a thug na máithreacha agus a bpáistí”. 

Dúirt Connolly gurb é cur chuige an Rialtais i leith na tuarascála ná an milleán a scaipeadh ar theaghlaigh, ar an bpobal agus ar an gcóras ionas nach raibh aon duine freagrach. Chuir Connolly insint an Rialtais ar an tuarascáil i gcosúlacht le ‘tobar fíoruisce’. “Dá mhéad a scaipeann an scaird is lú a bhuaileann aon duine,” ar sí. 

Fuair sí an-locht ar áiteamh an Rialtais go raibh an uile dhuine againn freagrach as an méid a tharla.

“Ní raibh mise freagrach agus ghoin an léamh sin go croí mé,” a dúirt Connolly.

Dúirt Connolly in agallamh ar Claire Byrne Live ar RTÉ nár léir di go raibh na conclúidí sa tuarascáil ag teacht leis an bhfianaise atá i ‘dtuairiscí na bhfinnéithe’ agus luaigh sí roinnt samplaí den neamhréir sin. 

Deir sí go luaitear nach ndearnadh aon “uchtú éigeantach”, ach go raibh fianaise sa tuarascáil féin go ndearnadh. 

Dúirt sí go mba le Comhairle Chontae na Gaillimhe áras míchlúiteach Thuama agus cé go mbíodh “cruinnithe” acu san áit ní dhearna siad aon rud “faoin drochbhail uafásach” a bhí air. 

Bhí go leor cainte ar an “aithrí agus an t-athrú béasa” a chaithfeadh na máithreacha seo a dhéanamh agus iad sna hárais sin. Go deimhin, a dúirt sí, shocraigh an bainisteoir contae nach ligfí aon mháthair go Tuaim dá mbeadh sí ar a dara páiste ach “go gcuirfí go Áras Maigdiléana í”.

Ní aithnítear in aon chor sa tuarascáil dar léi an “éagothroime” bhunúsach a bhí idir na mná seo agus “an eaglais agus an stát a bhí urramach di”. Dúirt sí nach raibh aon “chumhacht ná stádas” ag mná is páistí agus an chumhacht ar fad ag an gcóras stáit “a bhí faoi gheasa na heaglaise”.

Níor aontaigh Connolly ach oiread leis an gconclúid nár chuir sagart ná bean rialta iallach ar mhná dul go dtí na hárais seo mar go raibh neart fianaise sa tuarascáil féin “a bhréagnaigh an chonclúid” sin.

Ghoill sé uirthi, a deir an Teachta Dála gurb é an t-aon uair a léigh sí “inhumane” nó mídhaonna sa tuarascáil nuair a bhíothas ag cur síos ar na carthanachtaí Caitliceacha i Sasana a chuir brú ar an Rialtas anseo agus ar an eaglais “na PFIs a aistíriú as Sasana” d’ainneoin an “dainséar dá sláinte” a bhain leis. 

‘PFI’ (Pregnant from Ireland) an t-ainm maslach a thugaidís ar mhná as an tír seo a chuaigh go Sasana agus iad ag iompar agus a bhí á gcur abhaile in aghaidh a dtola. 

An locht is mó atá ag an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar ar fhoilsiú na tuarascála seo nár cuireadh ar fáil roimh ré í do na daoine a d’fhulaing de bharr na n-áras máithreacha agus leanaí. Bhí ómós níos fearr tuillte ag an 56,000 bean agus an 57,000 páiste a chaith seal sna hárais agus an 9,000 páiste a bhásaigh iontu, a deir sí.

Lochtaigh sí an bealach “díspeagúil” a caitheadh leis na finnéithe. Bhí seimineár gréasáin ag an Taoiseach Dé Máirt leis na daoine ar fad a d’fhulaing agus a thug fianaise don Choimisiún ach ní raibh an tuarascáil feicthe acusan ag an tráth sin agus chaitheadar an tráthnóna sin “ag brath ar an idirlíon” lena léamh. 

Fágann sin, a dúirt Catherine Connolly, nach raibh deis ag finnéithe a bhfianaise féin a léamh agus aon bhotún a rinneadh sa script a leasú. Tá cóip curtha ar fáil dóibh ó shin.

“Níor caitheadh go cothrom leo. Bhí an tuarascáil ag an Rialtas agus ag an Aire ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair agus chuaigh na finnéithe ag webinar gan an tuarascáil a bheith feicthe acu. Níl sin inghlactha.” 

An rud “ab iontaí” faoin scéal ar fad, dar le Connolly, go raibh cóip aici féin den achoimre sa tuarascáil “22 uair an chloig roimhe sin” ach nach raibh sí feicthe ag na daoine a d’íoc go daor as an gcóras a bhí i bhfeidhm sa tír agus ar bunaíodh an Coimisiún  chun a scéal a fhiosrú.  

Níor léirigh sin “meas ar na mná agus na páistí”, a deir Connolly. 

Síceolaí agus abhcóide í Catherine Connolly agus dúirt sí go raibh mioneolas “pearsanta agus gairmiúil” aici ar scéal na máithreacha a d’fhulaing agus deir sí nár tugadh an tuarascáil dóibh toisc nach raibh aon iontaoibh ag an Rialtas astu nach sceithfidís na sonraí agus go scaipfí a n-insint nó a leagan féin den “scéal coscrach” seo.

Mhaígh sí nach “diomar teicniúil” a bhí sa sceitheadh ach gurb amhlaidh a “sceith an rialtas” an tuarascáil le go mbeadh deis acu féin agus na meáin leagan “patrarcach uasal le híseal” den scéal a chur chun cinn.  

An rud is suntasaí sa tuarascáil, a deir Connolly, ná saontacht na máithreacha ó thaobh cúrsaí gnéis is caidrimh. Bhíodar coinnithe ar an aineolas faoin gcaidreamh collaí sláintiúil nádúrtha chomh maith leis an gciorrú coil agus éigniú agus bhí sin le rá ag na finnéithe féin sa tuarascáil. 

An eaglais agus an stát a chothaigh an dearcadh saofa sin agus an “náire” a lean an toircheas. 

Tá imní ar an Teachta Dála go gcaithfí leis na moltaí sa tuarascáil seo mar a rinneadh  le ‘Cara Nua’ agus ceann na dTithe Maigdiléana. 

Teastaíonn uaithi go ndéarfadh an Taoiseach amach díreach: “Rinneamar mícheart rudaí cheana, foghlaimeoidh muid anois agus déanfaimid i gceart é an uair seo”.

Fág freagra ar '‘Ní raibh mise freagrach’ – cáineadh déanta ar léamh ‘patrarcach uasal le híseal’ ar chás na Máithreacha agus Leanaí'

  • Antóin

    Agus ní raibh mise freagrach ach an oiread.

    Tuairiscíodh in Tuairisc.ie an 12 Eanáir gur “Chuir an tAire Leanaí Roderic O’Gorman an tuarascáil faoi bhráid an Rialtais ar maidin agus cuireadh ar fáil do na daoine a d’fhulaing agus dá ngaolta í sular foilsíodh í”

    Más fíor don Aire Connelly ní mar sin a tharla.
    “Bhí seimineár ar líne ag an Taoiseach Dé Máirt leis na daoine ar fad a d’fhulaing agus a thug fianaise don Choimisiún ach ní raibh an tuarascáil feicthe acusan ag an tráth sin agus chaitheadar an tráthnóna sin “ag brath ar an idirlíon” lena léamh” dar leis an Aire Connolly. Thabharfadh sé sin le fios dom nach bhfaca siad í sular foilsíodh í ach b’fhéidir go bhfuil dul amú orm.

    Maidir leis na daoine a sceith na sonraí roimh ré dúirt an Taoiseach “gur mór an trua” gur sceitheadh an tuarascáil.
    Is mór an trua cinnte. Anois a Thaoisigh, faigh amach cé a sceith an t-eolas agus bíodh sé ar eolas againn ar fad