‘Éire dhoicheallach fhuar’ – léargas scanrúil ar bhás agus drochíde na nÁras Máithreacha is Leanaí

Foilsíodh tráthnóna inniu tuarascáil Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí

‘Éire dhoicheallach fhuar’ – léargas scanrúil ar bhás agus drochíde na nÁras Máithreacha is Leanaí

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

I dtuarascáil 3,000 leathanach a foilsíodh inniu léirítear an ráta báis scanrúil a bhí in Árais Máithreacha is Leanaí na tíre seo agus an drochíde a bhí coitianta iontu.  

Deirtear i dtuarascáil Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí nach raibh “aon fhoireann ghairmiúil” ag obair sna hárais ach “nárbh aon chabhair don ráta uafásach báis a fhuarchúisí agus a bhíothas coitianta faoin mbail a bhí ar na páistí a rugadh in árais máithreacha agus leanaí”. 

Meastar sa tuarascáil go bhfuair 9,000 páiste bás san 18 institiúid sa 76 bliain idir 1922 agus 1998, nuair a dúnadh an t-áras deireanach. 

Deirtear nár chuir aon duine aon cheist faoin ráta báis páistí a bheith chomh hard sin sna hárais ina gcoinnítí mná agus cailíní a bhí ag súil le páiste agus nach raibh pósta.

Deirtear sa tuarascáil gurbh iad aithreacha na bpáistí agus muintir na máithreacha ba mhó a bhí freagrach as an drochbhail a cuireadh ar mhná agus leanaí sna hárais. 

“Ghlac institiúidí an stáit agus na n-eaglaisí leis an drochbhail sin, bhíodar páirteach inti agus thugadar tacaíocht di. Mar sin féin, caithfear a admháil gur chuir na hinstitiúidí seo tearmann ar fáil, dá chruálaí é, nuair nach raibh aon tearmann le fáil sa mbaile.”

Ní in Éirinn amháin a bhí na hionaid seo do mháithreacha agus do pháistí ach tá an-seans ann gur in Éirinn a cuireadh an líon is mó sa domhan máithreacha isteach sna hionaid sin sa bhfichiú haois.  

Sna 1960idí agus sna 1970idí ba mhó a chuaigh mná isteach sna hionaid sin. 

Aithnítear sa tuarascáil gur tháinig feabhas ar an saol sna hárais sa scór bliain ina dhiaidh sin. 

Saolaíodh 57,000 páiste sna hárais a fiosraíodh agus bhásaigh duine as gach seachtar acu, ráta báis a bhí i bhfad níos airde ná mar a bhí an ráta náisiúnta ag an tráth sin. 

Cuireadh 56,000 bean go dtí na hárais sin idir 1922 agus 1998. A muintir féin a chuir go leor de na mná sin chun bealaigh mar gheall ar an doicheall a bhí roimh pháistí a rugadh do bhean nach raibh pósta. 

“Níor chóir go mbeidís ann” a deirtear go neamhbhalbh sa tuarascáil. 

D’fhéadfadh sé go raibh 25,000 máthair eile nach raibh pósta agus a lán páistí eile sna hárais chontae an t-am sin nár fhiosraigh an Coimisiún seo. Bhí 80% de na máithreacha sna hárais idir 18 agus 29 bliain d’aois, cé go raibh máithreacha ann nach raibh ach 12 bliain d’aois agus mná a bhí amach sna 40idí. 

Áit a bhí “doicheallach agus crua” ab ea Éire na linne sin don chuid is mó de na mná agus na páistí a bhí istigh sna hárais, a mhaítear sa tuarascáil. 

“Áit dhoicheallach chrua ab ea Éire na linne sin do go leor, nó b’fhéidir d’fhormhór na ndaoine a bhí sna hárais sin sa gcéad leath den tréimhse a bhí á fiosrú. 

“Bhí sé doicheallach agus crua go háirithe do mhná. Rinneadh leatrom mór ar gach bean. Ba mheasa fós an drochbhail a cuireadh ar mhná a raibh páiste acu agus gan iad pósta.”

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach lucht cumhachta ó thír eile a chuir “an cód morálta” seo i bhfeidhm orainn ach sinn féin.

An Taoiseach, Micheál Martin. Pictiúr: Julien Behal Photography / RollingNews.ie

“Sinn féin a rinne é seo orainn féin mar shochaí. Chaitheamar an-dona ar fad le mná, chaitheamhar an-dona ar fad le páistí,” arsa an Taoiseach.

Dúirt an Taoiseach go raibh cur síos sa tuarascáil ar “chaibidil dhuairc, dhúshlánach agus náireach” i scéal na hÉireann, nach rófhada ar fad ó shin a tharla na heachtraí seo agus go raibh daoine fós ag fulaingt dá mbarr. 

Ba choscrach an scéal é le léamh, a dúirt Martin, agus mhol sé misneach na ndaoine a ghabh tríd agus a bhí sásta labhairt faoi.

Tugtar cuntais phearsanta sa tuarascáil ó bhéal na ndaoine a bhí cuibhrithe ansin faoin mí-úsáid fhisiciúil agus mhothúcháin a d’fhulaing siad. 

Tá cuntais inti ó mhná a raibh na mná rialta ag fonóid fúthu agus iad ag saolú a bpáistín. 

Tá Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí ag fiosrú na n-áras sin le cúig bliana ó aimsíodh olluaigh i dTuaim i gcontae na Gaillimh agus taisí naíonán agus leanaí adhlactha inti. 

Bunaíodh an coimisiún in 2015 tar éis don staraí áitiúil Catherine Corless a fháil amach nach raibh taifead adhlactha ar fáil ach do bheirt den 796 leanbh a raibh teastas báis ann dóibh. 

Bhí na leanaí sin ar fad ina gcónaí san áras máithreacha agus leanaí a bhí á rith ag na siúracha Bon Secours i dTuaim.

An chuid is mó de na páistí a saolaíodh sna hárais, uchtaíodh iad agus ba theaghlaigh Chaitliceacha sna Stáit Aontaithe a d’uchtaigh go leor acu agus thugadar síntiúis don dream a rith na hárais. 

Deirtear sa tuarascáil gur chinn ar an gCoimisiún líomhaintí gur íocadh na hinstitiúidí chun páistí a chur thar lear le huchtú a chruthú ná a bhréagnú. 

Cheal aon taifid, chinn ar an gcoimisiún a dheimhniú cé mhéad páiste a bhásaigh nó cár adhlacadh iad i gcás cuid de na hionaid. 

Tá 200 bean aitheanta ag an gCoimisiún a bhásaigh fad a bhí siad ina gcónaí i gceann de na hárais máithreacha agus leanaí nó na hárais chontae a fiosraíodh. An toircheas ba chionsiocair go díreach nó go hindíreach le 57% de na básanna sin.  

Tá fianaise aimsithe ag an gCoimisiún go ndearnadh trialacha idir 1934-1973 ar 7 vacsaín sna hinstitiúidí a d’fhiosraigh an Coimisiún agus tá cuid de na páistí sin aitheanta acu. Is léir nach raibh na trialacha sin ag teacht leis an dlí ná leis na caighdeáin eitice a bhí i bhfeidhm ag an am. Níor thángthas ar aon fhianaise go ndearnadh aon dochar do na páistí a úsáideadh sna trialacha sin. 

I nDáil Éireann amárach tá sé i gceist ag an Taoiseach Micheál Martin leithscéal foirmeálta a ghabháil leis an daoine a d’fhulaing thar ceann an stáit agus mhuintir na hÉireann. 

Chuir an tAire Leanaí Roderic O’Gorman an tuarascáil faoi bhráid an Rialtais ar maidin agus cuireadh ar fáil do na daoine a d’fhulaing agus dá ngaolta í sular foilsíodh í.

Tá a leithscéal gafa ag an Rialtas leis na daoine sin toisc gur sceitheadh sonraí na tuarascála sa Sunday Independent ag an deireadh seachtaine. Dúirt an Taoiseach “gur mór an trua” gur sceitheadh an tuarascáil agus léirigh na daoine a d’fhulaing de bharr na n-áras a bhfearg faoi. 

Agus an tuarascáil ar fáil anois, déanfaidh an Rialtas plé ar cheist cúiteamh a dhéanamh leis na híospartaigh agus reachtaíocht a thabhairt isteach a chuideodh le máithreacha agus a gclann teagmháil a dhéanamh lena chéile. 

Dúirt an Taoiseach go ndeachaigh sé dian air féin tuarascáil “an uafáis” a léamh. 

Dúirt sé go raibh saol “cruálach agus an-bhrónach” ag mná agus páistí sna hárais agus gur eascair an drochbhail sin “as an bhfuath do mhná agus an leatrom a dhéantaí coitianta orthu” san eaglais agus sa stát. 

Mhol sé an staraí Catherine Corless, arb é a cuid taighde agus a saothar ba chúis le bunú an choimisiúin.  

Fág freagra ar '‘Éire dhoicheallach fhuar’ – léargas scanrúil ar bhás agus drochíde na nÁras Máithreacha is Leanaí'

  • Seán Mag Leannáin

    “Deirtear sa tuarascáil gurbh iad aithreacha na bpáistí agus muintir na máithreacha ba mhó a bhí freagrach as an drochbhail a cuireadh ar mhná agus leanaí sna hárais.

    “Ghlac institiúidí an stáit agus na n-eaglaisí leis an drochbhail sin, bhíodar páirteach inti agus thugadar tacaíocht di. Mar sin féin, caithfear a admháil gur chuir na hinstitiúidí seo tearmann ar fáil, dá chruálaí é, nuair nach raibh aon tearmann le fáil sa mbaile.” Conclúidí cothrom tomhaiste sa tuarascáil de réir dealraimh.

  • Pádraig O Muircheartaigh

    Tá Martin thuas ar ardán ag cáineadh sochaí na tīre ag an am.Aontaím go buile is go biomlán lena gcuid tuairimī.Tá an cáineadh tuillte ag na dreamanna éagsúla a raibh baint acu leis an slad a tharla.Ach faraor tá slad eile tosnaithe sa tír uafásach seo.I bhfocal amhàin an ginmhilleadh.Is fimíneach é àgus fuil ar a lámha àgus lámha a chairde san Oireachtas àgus sa sochaī.

  • Antóin

    Rinneadh trialacha idir 1934 – 1973 ar 7 vacsaín sna hinstitiúidí, trialach nach raibh ag teacht leis an dlí ná leis na caighdeáin eitice de réir fianaise a d’aimsigh an Coimisiún.

    Is fiú an abairt sin a léamh cupla uair.

    An é nach raibh Cód Nuremburg 1947 ar fáil sa tír seo go dtí tar éis 1973?

    “Sinn féin a rinne é seo orainn féin mar shochaí” a deir an Taoiseach.
    Is furasta an locht a chur ar an sochaí a Thaoisigh, an locht a chur ar chosmhuintir na tíre, an locht a chur orainn féin. Ba iad aithreacha agus máithreacha a chuir cailíní óga isteach sna hinstitiúidi seo ach is beag an baol gur tugadh cead trialacha vacsainí a dhéanamh ar pháistí na gcailíní sin. Ba iad na húdaráis ag an am a d’fhéach chuige gur tharla a leithéid. Níor tharla sé seo ar fad i ngan fhios do rialtais na linne. Ní bhfaighidh tú muintir na hÉireann a dhalladh.
    Cuireann sé i gcuimhne dom an chaint a rinne Airí Fhianna Fealltach Fáil tar éis 2008, go raibh cóisir mhór ann agus go raibh muid ar fad ag baint súp aisti. Ach ní raibh. Ba iad na polaiteoirí fealltacha amplacha agus na boic mhóra shantacha a bhí go hascallaí sa scrios a deineadh sa tír ach an chosmhuintir a bhí thíos leis.
    Nó an chaint a rinne ceannairí fealltacha an rialtais ndiaidh na Nollag 2020 go raibh muintir na hÉireann ag teacht le chéile um Nollaig, go raibh muid sleamchúiseach, gur lig muid ár maidí le sruth agus nach raibh aon rogha acu ach ár Saoirse a bhaint dínn.

    Dia idir sinn agus vacsaíní trialacha in 2021.

  • An teanga bheo

    Bron go deo e SEO dhuinn at fad