Ní raibh an Garda Síochána ag iarraidh fáil réidh le riachtanas Gaeilge – Drew Harris

Deir Coimisinéir na nGardaí nárbh é mian an Gharda Síochána é fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhíodh ann do sháirsintí agus cigirí

Ní raibh an Garda Síochána ag iarraidh fáil réidh le riachtanas Gaeilge – Drew Harris

Deir Coimisinéir an Gharda Síochána nach raibh an eagraíocht ag iarraidh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhíodh ann do sháirsintí agus cigirí ach gur aontaigh siad sin a dhéanamh tar éis an cheist a phlé leis an Roinn Dlí agus Cirt.

Deir Drew Harris gur iarr An Garda Síochána nach n-athrófaí an riachtanas ach gur aontaíodh an t-athrú i ndiaidh “an-chuid cainteanna” mar go bhfaigheann iontrálaithe chuig na Gardaí “oiliúint leathan cheana féin”.

Rinneadh cinneadh mí Iúil anuraidh fáil réidh leis an dualgas a bhíodh orthu siúd a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí marc 50% a fháil i mbéaltriail sa Ghaeilge.

I litir a scríobh sé chuig Coiste Gaeilge an Oireachtais faoin scéal, thug an Coimisinéir Harris le fios go raibh na Gardaí i gcoinne an athraithe ar dtús.

“Maidir leis an riachtanas Gaeilge, rinne an Garda Síochána uiríll [aighneachtaí] go luath sa phróiseas gur cheart go bhfanfadh an riachtanas gan athrú.

“Aontaíodh, áfach, nár cheart go mbeadh incháilitheacht d’ardú céime go céim Sáirsint ag brath ar phas a bheith ag an nGarda i dtástáil inniúlachta sa Ghaeilge mar chuid den phróiseas comórtais,” a deir Harris.

“Bhí sé seo bunaithe ar an tuiscint go bhfaigheann gach iontrálaí chuig An Garda Síochána oiliúint leathan cheana féin, agus oiliúint sa Ghaeilge san áireamh.”

Socraíodh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge i ndiaidh cainteanna idir an Roinn Dlí agus Cirt, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, An Garda Síochána, an tÚdarás Póilíneachta agus Cumainn na nGardaí.

Dúirt Harris go raibh tionchar ar an gcinneadh ag Tuarascáil Chigireachta an Gharda Síochána 2015 agus ag iniúchadh a rinne an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí an bhliain chéanna. Fuarthas san iniúchadh sin, a dúradh, go raibh rialacha na nGardaí maidir le harduithe céime as dáta.

Sheas an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee leis an gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas agus í den tuairim go raibh an cinneadh ag teacht le “dea-chleachtas” ó thaobh cúrsaí earcaíochta.

Thug an tAire le fios go gcabhródh an cinneadh lena chinntiú go meallfaí “an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir” le hiarratais a dhéanamh ar arduithe céime sa bhfórsa.

Ina litir chuig Coiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt an Coimisinéir Harris go raibh straitéis nua Gaeilge na heagraíochta le seoladh “go luath”.

Dúirt sé go mbeadh “Earcaíocht agus Pleanáil an Fhórsa Saothair” ina  “príomhréimse fócais” sa straitéis sin.

Gheall an Coimisinéir go ndéanfaí anailís ar “na scileanna Gaeilge” atá ag baill an fhórsa agus ar na scileanna atá ag teastáil.

Deir Harris réiteofaí plean chomh maith le cinntiú go bhfuil an méid cainteoirí Gaeilge a theastaíonn ag obair ar an bhfórsa sa Ghaeltacht.

Deir Harris freisin go ndéanfar athbhreithniú ar a éifeachtaí agus atá an oiliúint sa Ghaeilge a chuirtear ar fáil do Ghardaí faoi Oiliúint faoi láthair. Thagair sé do na cúrsaí nua ar líne a chuirfear ar fáil do gach ball den Gharda Síochána ar mian leis nó léi an teanga a fhoghlaim.

Beidh ionadaithe ón nGarda Síochána os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais ar an 2 Feabhra.

Fág freagra ar 'Ní raibh an Garda Síochána ag iarraidh fáil réidh le riachtanas Gaeilge – Drew Harris'