Cinneadh déanta fáil réidh le riachtanas Gaeilge do sháirsintí agus cigirí sna Gardaí

Tá cáineadh déanta ar an nGarda Síochána faoi chinneadh fáil réidh leis an dualgas Gaeilge a bhíodh orthu siúd a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí

Cinneadh déanta fáil réidh le riachtanas Gaeilge do sháirsintí agus cigirí sna Gardaí

Cúpla mí i ndiaidh don Choimisinéir Teanga tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi theip an Gharda Síochána i leith na Gaeilge, chinn na Gardaí fáil réidh le riachtanas Gaeilge a bhíodh ann do sháirsintí agus cigirí.

Rinne an Garda Síochána cinneadh ar an 13 Iúil i mbliana fáil réidh leis an dualgas a bhíodh orthu siúd a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí marc 50% a fháil i mbéaltriail Ghaeilge.

Socraíodh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge i ndiaidh cainteanna idir an Roinn Dlí agus Cirt, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, An Garda Síochána, an tÚdarás Póilíneachta agus Cumainn na nGardaí.

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur seirbhís níos measa a bheidh ar fáil do Ghaeilgeoirí mar thoradh ar an gcinneadh agus nach spreagfar Gardaí lena gcuid Gaeilge a fheabhsú mar nach gá dóibh.

“Is ait nár luaigh an Coimisinéir Drew Harris linn go raibh an t-athrú seo molta nuair a tháinig sé os comhair an Choiste Oireachtais don Ghaeilge níos luaithe sa bhliain, agus é ag tabhairt gach geallúint go raibh sé chun cás na Gaeilge a fheabhsú san fhórsa tar éis dóibh an dlí a bhriseadh trí neamhaird a dhéanamh ar riachtanais na Gaeltachta,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.ie.

“Ina áit sin, táthar ag fáil réidh leis an dualgas go mbeadh caighdeán áirithe Gaeilge ar a laghad ag sáirsint. Ní hamháin go mbeidh seirbhís níos measa ar fáil do Ghaeilgeoirí mar thoradh air seo, ach ní bheidh an spreagadh céanna ag Gardaí ag céimeanna níos ísle snas a chur ar a gcuid Gaeilge ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach. Ritheann sé seo glan in aghaidh loighic na spriocanna earcaíochta atá molta ag an rialtas sa Bhille Teanga nua.”

I ráiteas a chuir an Garda Síochána ar fáil do Tuairisc.ie maidir leis an gcinneadh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge dúradh gur ceist í don Roinn Dlí agus Cirt.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh gur gá don Aire Dlí agus Cirt “míniú iomlán” a thabhairt ar an gcinneadh. Chuir sé roinnt ceisteanna faoin scéal ar an Aire Helen McEntee ach dúirt sí nach raibh sí in ann freagra a thabhairt in am ach go mbeadh sí i dteagmháil arís leis an Teachta Dála, freagra a bhí “maslach” dar le Ó Snodaigh.

D’iarr sé freisin ar Aire na Gaeltachta Catherine Martin, ar cuireadh a Roinn ar an eolas sular glacadh an cinneadh, an iarrfadh sí ar an Aire Dlí dul siar ar an gcinneadh seo.

Mar fhreagra, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, gur faoi Rialacháin an Gharda Síochána 2021 a rinneadh an cinneadh agus nach raibh aon ról reachtúil aige féin maidir leis na rialacháin sin.

Dúirt an tAire Stáit go raibh tionchar ar an gcinneadh sin ag Tuarascáil Chigireachta an Gharda Síochána a foilsíodh in 2015 inar moladh go mbunófaí próisis nua maidir le roghnú agus arduithe céime sna Gardaí.

San iniúchadh a rinne an Coimisiún um Cheapacháin Phoiblí an bhliain chéanna measadh go raibh na rialacháin a bhain le harduithe céime sa Gharda Síochána as dáta agus go raibh gá le hathbhreithniú.

Dúirt an tAire Stáit Chambers go dtagann ceapachán Gardaí chuig ceantair Ghaeltachta faoi Acht an Gharda Síochána 2005 agus go leagtar síos ansin go gcuirfeadh Coimisinéir an Gharda Síochána san áireamh “a mhéid is indéanta”, gur Gardaí le Gaeilge líofa a chuirfear ar dualgas sa Ghaeltacht.

Mheas Aengus Ó Snodaigh go raibh iarracht déanta ag an Aire Stáit “an milleán a dhíriú in aon áit seachas air fhéin nó a Roinn”.

Dúirt Ó Snodaigh freisin gur léiriú a bhí sa scéal ar an “easpa airde” a bhíonn ag an rialtas ar chomhairle an Choimisinéara Teanga “atá tar éis gach rud a dhéanamh chun na bunfhadhbanna sa Gharda Síochána a nochtadh ó thaobh a bhfreastal ar Ghaeilgeoirí”.

“Ba chóir go mbeadh seisean [An Coimisinéir Teanga] ina chuid d’aon phróiseas comhairliúcháin ó thaobh stádas na Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí mar seo.”

Chuir an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag cur síos ar an sárú atá á dhéanamh ag an Gharda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge. Bhain sí leis an sárú ar an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ag obair sa Ghaeltacht.

Nuair a bhí ceannasaí na nGardaí, Drew Harris, os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana, ghéill sé go bhfuil teipthe ar iarrachtaí an Gharda Síochána dóthain cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh isteach san fhórsa. Tugadh le fios nár thug ach 244 den thart ar 15,000 Garda sa stát le fios go raibh Gaeilge líofa acu nuair a ceistíodh le déanaí iad.

Ghéill sé go raibh sé “neamhghnách” go gcaithfeadh an Coimisinéir Teanga tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi theip an Gharda Síochána cloí leis an dlí teanga.

Dúirt Harris go raibh straitéis nua Gaeilge á forbairt ag na Gardaí agus go raibh coiste nua Gaeilge le bunú a mbeadh sé féin ina chathaoirleach air.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta fáil réidh le riachtanas Gaeilge do sháirsintí agus cigirí sna Gardaí'

  • Seán ÓM

    Nach iontach go deo go mbíonn straitéis agus coiste úr-nua snasta eile i gcónaí ag teacht gach uair a theipeann eagraíocht stáit at a cuid dualgaisí teanga!

    Ba chóir dúinn straitéis nua a ullmhú agus coiste nua a bhunú chun na straitéisí nua-ullmhaithe agus coiste nua-bhuanaithe go léir seo a thuiscint.

    Tá an Garda Síochána ar an bhfód le beagnach 100 bliain anois – agus fós níl siad in ann gardaí le Gaeilge mhaith a fhostú i g Conamara nó Gaoth Dobhair…
    … ach sea straitéis agus coiste nua eile arís. Sin díreach an rud atá uainn! Wu-Hú!