Tá ag teip ar chóras an Gharda Síochána chun cainteoirí Gaeilge a mhealladh – Drew Harris

Ní raibh Gaeilge líofa a dóthain chun go bhféadfaí gach cúram a dhéanamh tríthi ach ag triúr den 600 Garda nua a earcaíodh anuraidh

Tá ag teip ar chóras an Gharda Síochána chun cainteoirí Gaeilge a mhealladh – Drew Harris

Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris

Tá géillte ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil teipthe ar iarrachtaí an Gharda Síochána dóthain cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh isteach san fhórsa.

Dúirt Drew Harris i dTithe an Oireachtais tráthnóna nach raibh an córas faoina gcuirtear 10% d’áiteanna ar leataobh do chainteoirí Gaeilge ag obair.

Ní raibh Gaeilge líofa a dóthain chun go bhféadfaí gach cúram a dhéanamh tríthi ach ag triúr den 600 Garda nua a earcaíodh anuraidh, a dúirt sé.

Tugadh le fios chomh maith ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais a bhí ar siúl sa Dáil inniu nár thug ach 244 den thart ar 15,000 Garda sa stát le fios go raibh Gaeilge líofa acu nuair a ceistíodh le déanaí iad.

Ní dúirt ach duine amháin as an thart ar 20 duine atá ar phainéal Gaeilgeoirí an Gharda go raibh fonn air go gcuirfí ar dualgas i stáisiún Gaeltachta é.

Ghéill ceannasaí na nGardaí ag cruinniú a bhí ar siúl sa Dáil inniu go raibh sé “neamhghnách” go gcaithfeadh an Coimisinéir Teanga tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi theip an Gharda Síochána cloí leis an dlí teanga.

Dúirt Harris, áfach, go raibh muinín aige go raibh “leigheas” an scéil ag na Gardaí agus go raibh straitéis acu chun cur le líon na nGardaí sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu.

Thug Harris le fios nach raibh ag éirí go dtí seo le cur chuige na nGardaí maidir le Gaeilgeoirí a earcú agus mhaígh sé go mb’fhéidir go raibh róbhéim curtha ar shruth earcaíochta Gaeilge mar bhealach le déileáil leis an easpa Gardaí sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge líofa acu.

As an 3,000 Garda nua a earcaíodh le deich mbliana anuas níor earcaíodh ach 55 cainteoir líofa Gaeilge tríd an sruth earcaíochta Gaeilge. Níl ach triúr acu sin ar dualgas sa Ghaeltacht.

Dúirt Drew Harris gur thuig sé cén fáth go raibh “frustrachas” ar an gCoimisinéir Teanga faoin easpa dul chun cinn a bhí déanta i leith earcú Gardaí le Gaeilge le deich mbliana anuas.

Dúirt Harris go mbeifí ag díriú níos mó amach anseo ar réiteach na faidhbe a fháil laistigh den eagraíocht féin trí ranganna Gaeilge a chur ar fáil do Ghardaí agus beartais eile a chur i gcrích.

Dúradh chomh maith go mbeadh cur chuige nua á úsáid d’fheachtais earcaíochta amach anseo. Tá sé i gceist, a dúradh, feachtais ar leith a dhíriú ar cheantair Ghaeltachta seachas a bheith ag súil le cainteoirí Gaeilge a mhealladh le feachtas náisiúnta.

Dúirt Drew Harris gur aontaigh sé le háiteamh an Choimisinéara Teanga gur mó an “neamhchothroime cumhachta” a bhíonn idir an Garda agus an saoránach nuair nach bhfuil an teanga atá an saoránach ag iarraidh a labhairt ag an nGarda sin.

Chuir Teachtaí Dála agus Seanadóirí éagsúla brú ar Drew Harris inniu níos mó eolais a thabhairt faoi na cúiseanna ar theip ar an nGarda Síochána moltaí an Choimisinéara a chur i bhfeidhm.

Ba iad na daoine a cheistigh Coimisinéir an Gharda Síochána, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly; an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála Pa Daly agus an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin; an Teachta Dála Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, Fianna Fáil; an Seanadóir Seán Kyne agus an Teachta Dála Joe McHugh, Fine Gael.

Fág freagra ar 'Tá ag teip ar chóras an Gharda Síochána chun cainteoirí Gaeilge a mhealladh – Drew Harris'

  • Seán Ó Donnchaidh

    An tseachtain seo caite ag seicphointe COVID 19 ar an N11 cóngarach do timpeallán Baile Lachnán, Contae Baile Átha Cliath, d’oscail mé an fuinneog. “Dia dhuit” arsa mise. Lig an Garda air nár chuala sé cad a duirt mé agus “What is the purpose of your travel this evening?” ar seisean liom.
    Ghéill mé. Lean mé ar aghaidh as Béarla ar eagla go dtarraingóinn droch- aird orm féin. Ach chaith mé “Go raibh maith agat” leis ag an deireadh pé scéal é.
    Dá mbéidís ábalta phrásaí bunúsacha a aithint agus a fhreagairt?