An tAire Dlí agus Cirt ag seasamh le cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge do sháirsintí agus cigirí

Dar leis an Aire Helen McEntee, aontaíodh nach ‘riachtanas bunriachtanach’ a bhí ann do sháirsintí ná cigirí grád 50% a fháil i scrúdú cainte Gaeilge

An tAire Dlí agus Cirt ag seasamh le cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge do sháirsintí agus cigirí

Tá an tAire Dlí agus Cirt ag seasamh leis an gcinneadh deireadh a chur le riachtanas Gaeilge do sháirsintí agus cigirí an Gharda Síochána agus í den tuairim go raibh an cinneadh ag teacht le “dea-chleachtas” ó thaobh cúrsaí earcaíochta.

Thug an tAire Helen McEntee le fios go gcabhródh an cinneadh lena chinntiú go meallfaí “an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir” chun iarratais a dhéanamh ar arduithe céime sa bhfórsa.

Tháinig sé chun solais an mhí seo go raibh cinneadh glactha fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh ar ghardaí a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí marc 50% a fháil i mbéaltriail Ghaeilge.

Cé go ndúirt an Garda Síochána le Tuairisc.ie gur ceist don Roinn Dlí agus Cirt a bhí sa chinneadh, dúirt an tAire Helen McEntee gurbh amhlaidh gur ‘comhaontú’ a bhí i gceist idir a roinn féin, an Garda Síochána, an tÚdarás Póilíneachta agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt go raibh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge “ag teacht chomh maith le dea-chleachtas maidir le comórtais ardaithe céime eile sa tseirbhís phoiblí trí chéile chun a chinntiú go ndéanann an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir iarratas ar dheiseanna ardaithe céime”.

Agus í ag tabhairt freagra ar cheist Dála ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire go mbíodh an Garda Síochána féin ag bainistiú na gcomórtas ardaithe céime “go hinmheánach” roimhe seo agus go raibh an próiseas le reáchtáil feasta ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Dúirt an tAire go gcuirtear go leor oiliúna ar Ghardaí “lena n-áirítear oiliúint i gcomhair inniúlachta sa Ghaeilge”. Dar leis an Aire, aontaíodh nach “riachtanas bunriachtanach” a bhí sa ghrád 50% sa bhéaltriail Ghaeilge dóibh siúd a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí.

“Tá sé seo ag teacht, chomh maith, le dea-chleachtas maidir le comórtais ardaithe céime eile sa tseirbhís phoiblí trí chéile, chun a chinntiú go ndéanann an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir iarratas ar dheiseanna ardaithe céime.”

D’fhógair an tAire freisin go mbeadh straitéis nua don Ghaeilge á seoladh ag an nGarda Síochána go luath.

“Beidh mar aidhm leis an Straitéis nua seirbhísí Gaeilge a neartú laistigh den Gharda Síochána, agus comhlíonadh dualgas reachtúil teanga a chinntiú.”

Chuir an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag cur síos ar an sárú atá á dhéanamh ag an Gharda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge. Bhain sí leis an sárú ar an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ag obair sa Ghaeltacht.

Nuair a bhí ceannasaí na nGardaí, Drew Harris, os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana, ghéill sé go bhfuil teipthe ar iarrachtaí an Gharda Síochána dóthain cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh isteach san fhórsa.

Fág freagra ar 'An tAire Dlí agus Cirt ag seasamh le cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge do sháirsintí agus cigirí'

  • Seán ÓM

    Ní bheidh aon fhonn ar bith ar na Gardaí i gConamara nó Gaoth Dobhar Gaeilge a labhairt le muintir na háite níos mó (rud a dhéanann siad go hannamh anois) nuair a chloiseann siad an scéal seo.

    Beidh an “teachtaireacht faighte” ag an nGarda Béarlóireachta sa Ghaeltacht – agus tiocfaidh torthaí uafásacha go neamhdhíreach ar an gcineadh seo.

  • Seán ÓM

    Beidh “straitéis nua don Ghaeilge á seoladh ag an nGarda Síochána go luath”.

    Seo libh an straitéis nua a bhéas ag na Gardaí sa Ghaeltacht:
    “Ding Dong – the witch is dead”
    – ar fáil i mBéarla amháin

  • Pól Ó Braoin

    Deireadh ar fad lenár gcearta teanga…
    agus briseadh croí do lucht a labhartha…

  • Brigid

    Tír tan teanga,tír gan anam. Níl sé cheart ná cóir go bhfuil rialtas na hÉireann ag tabhairt neamhaird ar ár dteanga dhúchais agus daoine cosúil liom féin ag iarraidh ar dhuine í a athfhoghlaim taobh amuigh den chóras scoile. Cén fáth nach gcuireann an rialtas deontais ar fáil do na cigirí dul chuig na ceantair ghaeltachta agus an teanga a chleachtadh,in ionad a bheith ag fáil réidh leis an scrudú? Murder Machine nua atá ag fáil an lámh in uachtar.

  • Antóin

    Scéal náireach eile ó Fhine gan Ghael.

    In abairt amháin deir an tAire go bhfuil an cinneadh “ag teacht le dea-chleachtas maidir le comórtais ardaithe céime eile sa tseirbhís phoiblí trí chéile chun a chinntiú go ndéanann an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir iarratas ar dheiseanna ardaithe céime”. Agus sa chéad abairt eile go mbeidh straitéis nua don Ghaeilge á seoladh ag na Gardaí. Mugadh Magadh. Dímheas ar ár dteanga náisiúnta.

    Ach nach deas an focal “ilghnéitheach”! an bhuíon iarrthóirí is “ilghnéithí” Tá a fhios ag cách gur féidir é a úsáid chun grúpaí a thabhairt isteach nó chun iad a choinneáil amach de réir mar is mian leat. An-fhocal go deo!