Merlin bocht beáráilte
Bhí an-oíche ag lucht tacaíochta Mheicsiceo san Azteca oíche Dé Céadaoin nuair a chinntigh a mbua 3-0 ar an tSeicia gur chríochnaigh an fhoireann baile ar bharr Ghrúpa A. Ní cúl a spreag an gháir ba ghlóraí an oíche sin ach an fháilte a cuireadh roimh Guillermo Ochoa, an cúl báire 40 bliain d’aois a tugadh isteach mar ionadaí sa 78ú nóiméad. Laoch de chuid Mheicsiceo é Ochoa a bhfuil breis is 20 bliain caite aige ag imirt leis an bhfoireann náisiúnta agus tugadh isteach é agus an cluiche nach mór buaite chun go bhféadfadh an slua ómós a thabhairt dó.
Seans go mbeadh fáilte chomh mór céanna curtha roimh aoi eile ach an cead a bheith faighte aige. Léiriú ar cé chomh craiceáilte atá muintir Mheicsiceo faoi Chorn an Domhain go bhfuil lacha darb ainm Merlin níos cáiliúla anois ná mar atá cuid de na himreoirí, seans.
Tá geansaí glas Mheicsiceo curtha ar Merlin ag a úinéir Carla Gómez agus leanann sí í agus a clann timpeall Cathair Mheicsiceo agus iad ag díol deochanna. Tháinig cáil ar Merlin ar dtús ar na meáin shóisialta ach bíonn sé le feiceáil go minic ‘faoi agallamh’ ar an teilifís chomh maith. Tá cáil chomh mór ar Merlin go raibh sé i bPálás an Uachtaráin i rith na seachtaine chun casadh le huachtarán Mheicsiceo, Claudia Sheinbaum.
Cuireadh tús le feachtas chun é a thabhairt chuig cluiche agus bhí sé lasmuigh den Azteca oíche Dé Céadaoin chun píosa a dhéanamh le Televisa, ceann de na stáisiúin teilifíse is mó i Meiriceá Laidineach. Faraor, ní thugann FIFA cead do dhaoine ainmhithe a thabhairt isteach chuig cluichí, rud a d’fhág gur taobh amuigh den staid a d’fhan Merlin agus gan aon chleas draíochta aige chun dul isteach.
Rogha cluichí Tuairisc
An Iorua v An Fhrainc – Dé hAoine, 20:00
Cé go bhfuil foirne na dtíortha beaga amhail Rinn Verde agus Cúrasó imithe go mór i bhfeidhm ar dhaoine ag Corn an Domhain go dtí seo, tá an comórtas idir na réalta móra chomh spéisiúil céanna.
D’fhág an dá chúl a d’aimsigh Vinicius Jnr don Bhrasaíl in aghaidh na hAlban i rith na seachtaine go bhfuil ceithre chúl anois scóráilte ag fear Real Madrid, é cothrom le Kylian Mbappé agus Erling Haaland agus ceann chun deiridh ar Lionel Messi.
Tabharfaidh Mbappé agus Haaland aghaidh ar a chéile anocht i gceann de na cluichí is mó a bhfuil daoine ag súil leo i mbabhtaí na ngrúpaí. Tá an Fhrainc agus an Iorua slán sábháilte go dtí Babhta an 32 cheana féin agus an dá chluiche a d’imir siad go dtí seo buaite acu. Críochnóidh an fhoireann a bhuafaidh inniu sa gcéad áit i nGrúpa 1 ach má bhíonn rath ar naoscairí na bhfoirne, d’fhéadfadh an comórtas idir Mbappé agus Haaland a bheith níos suimiúla fós.
Rinn Verde v An Araib Shádach – Dé Sathairn, 01:00
Nuair a rinneadh an tarraingt do Chorn an Domhain 2026, seans gur dhírigh lucht tacaíochta Rinne Verde ar an gcluiche seo in aghaidh na hAraibe Sádaí mar dheis ag an bhfoireann a gcéad phointe riamh ag Corn an Domhain a shaothrú. Ach fágann a dtaispeántais den scoth in aghaidh na Spáinne agus Uragua go bhfuil an gaisce sin sáraithe ag Rinn Verde cheana féin agus deis iontach ag an bhfoireann na babhtaí díbeartha a bhaint amach. Tá gach seans ann nach bhfuil ach comhscór ag teastáil ó Pico Lopes agus a chomrádaithe cé go gcríochnóidís sa dara háit i nGrúpa H dá mbeadh an bua acu.
An Afraic Theas v Ceanada – Dé Domhnaigh, 20:00
Feicfidh muid an chéad chluiche sna babhtaí díbeartha tráthnóna Dé Domhnaigh agus An Afraic Theas agus Ceanada ag tabhairt aghaidh ar a chéile i mBabhta an 32.
Dá gcríochnódh Ceanada ar bharr Ghrúpa B, is sa mbaile a bheadh an cluiche seo acu ach fágann an chailliúint in aghaidh na hEilvéise sa mbabhta deireanach go gcaithfidh siad tabhairt faoin mbóthar síos go Los Angeles agus buntáiste mór caillte ag buachaillí Jesse Marsch.
Ní raibh cuma ná caoi ar an Afraic Theas sa gcéad dá chluiche acu sa gcomórtas ach bhain siad áit amach sna babhtaí díbeartha ag Corn an Domhain den chéad uair riamh tar éis do Bofana Bofana an ceann is fearr a fháil ar an gCóiré Theas a bhuí le cúl Thapelo Maseko. Ní bheidh aon easpa misnigh ar fhir na hAfraice Theas anois, go háirithe agus Ceanada ag taisteal.
Dé hAoine, 26 Meitheamh
Grúpa I – An Iorua v An Fhrainc, 20:00 Dé Sathairn, 27 Meitheamh
Grúpa H – Rinn Verde v An Araib Shádach, 01:00 Dé Domhnaigh, 28 Meitheamh
Grúpa K – An Cholóim v An Phortaingéil, 00:30 Dé Luain, 29 Meitheamh
Babhta an 32 – An Bhrasaíl v ?, 18:00
Grúpa I – An tSeineagáil v An Iaráic, 20:00
Grúpa H – Uragua v An Spáinn, 01:00
Grúpa G – An Nua-Shéalainn v An Bheilg, 04:00
Grúpa G – An Éigipt v An Iaráin, 04:00
Grúpa L – Panama v Sasana, 22:00
Grúpa L – An Chróit v Gána, 22:00
Grúpa K – PD an Chongó v An Úisbéiceastáin, 00:30
Grúpa J – An Ailgéir v An Ostair, 03:00
Grúpa J – An Iordáin v An Airgintín, 03:00
Babhta an 32 – An Afraic Theas v Ceanada, 20:00
Babhta an 32 – An Ghearmáin v ?, 21:30
Babhta an 32 – ? v Maracó, 02:00
Fág freagra ar 'DIALANN CHORN AN DOMHAIN: Merlin bocht beáráilte, Mbappé v Haaland agus deis mhór ag Rinn Verde'