Ní neart go cur le chéile – nuair a oireann sé

I bhfianaise na géarchéime seo beidh athmheasúnú á dhéanamh ar fud an domhain, agus ar fud an Aontais Eorpaigh freisin, ar an nua-liobrálachas, ar an domhandú agus ar chóras an rachmais ar fad

Ní neart go cur le chéile – nuair a oireann sé

Nach ait an rud é gur féidir leis an rialtas na mílte leaba ospidéil a aimsiú anois mar chuid den chath in aghaidh Cóivid-19, ach nárbh fhéidir fiú smaoineamh faoina leithéid nuair nach raibh againn ach géarchéim tralaithe?

Nach ait freisin nárbh fhéidir teacht i gcabhair ar dhaoine a bhí buailte ag an gcúlú eacnamaíochta mar gheall ar ghéarchéim na baincéireachta, ach gur féidir na hacmhainní sin a chur ar fáil anois lena chinntiú nach dtitfidh an geilleagar as a chéile ar fad mar gheall ar an ngéarchéim sláinte?

Nach ait freisin nach féidir linn cur isteach de ghnáth ar an saormhargadh mar gheall ar an mbaol morálta (mar a thugtar air) nach gcuirfeadh daoine srian ar a gcuid infheistíochta mura mbeadh an priacal ann go gcaillfidís, ach nach féidir anois brath ar an saormhargadh céanna le muid a thabhairt slán as an tsáinn Cóivid-19? Sa ghéarchéim áirithe seo is féidir leas a bhaint as cumhachtaí an stáit agus as an tsochaí aontaithe le muid a choinneáil beo agus lena chinntiú go dtiocfaidh borradh arís faoin eacnamaíocht chéanna.

Is é fírinne an scéil ar ndóigh ná go raibh sé ar ár gcumas i gcónaí beartais den chineál seo a chur i bhfeidhm dá mba mhian linn sin. Caithfear é a dhéanamh anois mar beidh na boic mhóra thíos leis má bhuailtear an geilleagar ródhona. Ní raibh an tábhacht chéanna leis na gnáthdhaoine in idé-eolaíocht na bpáirtithe móra a bhíodh i gceannas ar an stát go dtí seo.

Tá na páirtithe ceannann céanna sin ag iarraidh greim a choinneáil ar an gcumhacht sin anois in ainneoin gur chaill siad go dona san olltoghchán is deireanaí. Nach deas mar sin go bhfuil siad ag cur lena gcuid iarrachtaí rialtas a bhunú mar gheall ar an tábhacht, mar dhea, le rialtas láidir a bheith againn le dul i ngleic leis an ngéarchéim is déanaí?

Má thagann Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile, beidh tacaíocht deichniúr neamhspleách ag teastáil – toisc go bhfuil Comhaontas Glas ag diúltú in aimsir seo na héigeandála náisiúnta cúlú óna n-éileamh go mbunófaí rialtas náisiúnta aontaithe.

Seo iad na neamhspleáigh a d’fhéadfadh dul leo: an bheirt Healy-Rae, Mattie McGrath, Richard O’Donoghue, Michael Collins, Noel Grealish, Michael Lowry, Denis Naughten, Seán Canney, Cathal Berry agus, b’fhéidir, Marian Harkin is Michael Fitzmaurice.

Sa gcás sin bheadh 84 vóta acu i gcoinne an 75 a bheadh ag an bhfreasúra. Ach is beag údarás i ndáiríre a bheadh ag a leithéid de rialtas, gan trácht in aon chor ar na deacrachtaí a bheadh ag Micheál Martin tacaíocht a fháil ó bhaill pháirtí Fhianna Fáil.

Is é an réiteach ar an bhfadhb sin, is cosúil, ná gan aon Ard-Fheis a reáchtáil mar gheall ar Cóivid-19 agus cead a thabhairt do cheanncheathrú an pháirtí tuairimí na ballraíochta a mheas!

Agus nuair a shocraíonn cúrsaí síos, an gcreideann éinne go mbeidh ceachtar den dá pháirtí sin sásta droim láimhe a thabhairt le hidé-eolaíocht an tsaormhargaidh a raibh siad chomh dílis sin di leis an oiread sin blianta?

Sea, bhí pointe tábhachtach amháin ag Leo Varadkar arbh fhiú smaoineamh faoi: beidh bille mór le híoc nuair a bheidh deireadh leis an bpráinn seo; agus is í an cheist atá romhainn ná cé a íocfas as sin. Na daoine céanna a d’íoc as tubaiste na baincéireachta nó na daoine a thugann airgead d’Fhine Gael is Fianna Fáil?

Smaoinigh freisin nach scéal náisiúnta amháin é seo. Breathnaigh ar an easpa tacaíochta atá taobh istigh den Aontas Eorpach do bhaill an Aontais féin (féach ar an Iodáil agus an fhearg atá ar mhuintir na tíre sin mar gheall ar mhoilleadóireacht an Aontais), is cuir sin i gcomparáid leis an gcúnamh saor in aisce a thug an tSín, an Rúis agus Cúba don domhan ar fad, fad a bhí na Stáit Aontaithe Mheiriceá ag daingniú na mbacanna i gcoinne na hIaráine.

Tá an domhandú ag teip os comhair ár gcuid súl, an domhandú sin a chuireann sláinte an mhargaidh roimh shláinte an phobail.

Féach ar an Aontas Eorpach. Bhí cruinniú i rith na seachtaine ag airí airgeadais limistéar an euro. Ní raibh siad in ann teacht ar aontú faoi chabhair airgid a thabhairt do na tíortha is mó atá buailte ag an ngalar, cosúil leis an Iodáil.

Bhí caint ann faoi chreidmheas a thabhairt. Sea go deimhin, ach is ionann creidmheas agus fiacha. Mar a dúirt tráchtaire san Financial Times beidh an Iodáil ina círéib má dhéantar iarracht an déine a bhrú orthu athuair le híoc as creidmheas nó cairde den chineál sin.

Agus rialtas na hÉireann? Caint gan chiall uathu faoi chruinnithe eile atá le reáchtáil, ach gan aon éileamh uathu go gcabhródh na tíortha is saibhre leis na tíortha eile.

I bhfianaise na géarchéime seo beidh athmheasúnú á dhéanamh ar fud an domhain, agus ar fud an Aontais freisin, ar an nua-liobrálachas, ar an domhandú agus ar chóras an rachmais ar fad.

Cén seasamh is cóir dúinne a ghlacadh maidir leis sin: cloí le Paschal Donohoe nó Pearse Doherty a chur ina áit?

Fág freagra ar 'Ní neart go cur le chéile – nuair a oireann sé'

  • MacAnRí

    Hup….meascán de ghreann agus d’aoir atá scríofa ag an scríbhneoir…an cuidiú a thabairt ar Iodál ó an tSín agus an Rúis níl é ach bolscaireacht atá I gceist…maidir leis an tAE is éard spéisiúil é ..is cumas na Ballstáit í an tsláinte.. ach fán go bhfeicimid cén saghas cabhair a tabharfaidh an tAE do na Ballstáit….aontaím leis rud amháin..achan tír ag tochras ar a gceirtlín féin is rud millteanach a amharc gan dabht …achan tír ag obair le chéile siúd an chuir Chuige is ceart le haghaidh Covid19 a bhualadh